Oíche Chultúir le Ceiliúradh i bhFine Gall Dé hAoine an 17 Meán Fómhair 2021

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár iontach d'imeachtaí saor in aisce a fhógairt a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúla i bhFine Gall chun Oíche Chultúir na bliana 2021 a cheiliúradh.

Culture Night Fingal

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár iontach d'imeachtaí saor in aisce a fhógairt a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúla i bhFine Gall chun Oíche Chultúir na bliana 2021 a cheiliúradh. Imeacht poiblí náisiúnta a bhíonn ar siúl gach bliain í an Oíche Cultúir a dhéanann ceiliúradh ar an gcultúr, ar an gcruthaitheacht agus ar na healaíona, tá sé 16 bliain ó cuireadh tús leis an ócáid. Cuirfear síneadh le huaireanta oscailte eagraíochtaí ealaíon agus cultúir, caisleán agus tithe stairiúla i bhFine Gall chun scoth na tallainne áitiúla agus sárshaoráidí cultúir a chur os comhair an phobail. Beidh lucht spéise ábalta 'Teacht le Chéile Arís' chun sult a bhaint as ceol, filíocht, ealaín, turais agus cainteanna atá pleanáilte go speisialta i bhFine Gall d'Oíche Chultúir, bíodh sin ar líne nó i láthair ag na hionaid agus áiteanna a bheidh páirteach sa cheiliúradh.

Cuirfidh Oifig Ealaíon Fhine Gall dhá imeacht speisialta i láthair; turas leis an léiritheoir Marysia Wieckiewicz Carroll ó ‘New Considerations of Familiar Settings’, taispeántas ealaíne comhaimseartha don chéad chlár 'GUEST' ag Teach Newbridge agus taispeáint 'A Burning Tide', ag Cuan Loch Sionnaigh. Mar chuid den choimisiún scríbhneoireachta sin, i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann, beidh léirithe de shaothar nua scríbhneoirí  ar siúl chun comóradh a dhéanamh ar bhunú Stát na hÉireann sa bhliain 1921 chomh maith leis na himeachtaí móra a bhain leis an stair i bhFine Gall amhail loscadh na stáisiún garda cósta sa chontae.

Mar chuid de chlár na bliana seo osclófar stiúideonna nuabhunaithe Chaisleán Ard Giollán d'ealaíontóirí do chuairteoirí.

Cuirfear spás stiúideo a bhfuil tacaíocht leis ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil cónaí orthu agus a bhíonn ag obair i bhFine Gall faoi thionscnamh stiúideonna d'ealaíontóirí Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Caisleán Ard Giollán. Beidh deis ag cuairteoirí aithne a chur ar na healaíontóirí agus dearthóirí atá lonnaithe anois sna stiúideonna saincheaptha sa chaisleán. Cuirfidh Caisleán Shoird taibhléiriú físeáin taispeána speisialta ar líne de Sord Cholmcille i láthair, píosa nua-chumtha ceoil ina ndéantar comórtha ar bhreith Naomh Colm Cille.

Culture Night Fingal

Óstálfaidh Leabharlanna Fhine Gall imeacht filíochta agus ceoil ar líne a mbeifear ábalta teacht air trí Chainéal YouTube Leabharlann Fhine Gall agus cuirfidh Our Balbriggan fáilte roimh chuairteoirí le féachaint ar an taispeántas grianghrafadóireachta atá acu ina leagtar béim ar chósta álainn Bhaile Brigín. Reáchtálfaidh Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann, saoráid ceoil den scoth i mBaile Brigín, bealach ceoil trína campas agus cuirfidh Réadlann Dhún Sinche DIAS oíche faoi na réaltaí i láthair lena n-áirítear cainteanna 'ar luas an tsolais'. Is féidir le cuairteoirí dul ag spaisteoireacht trí limistéir áille taobh istigh Chaisleán Mhullach Íde, ceann de na maoine oidhreachta is fearr i bhFine Gall.

Is éard a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, faoin gclár: "Déanfar ár gcultúr a cheiliúradh leis an gclár iontach seo d'Oíche Chultúir, trí fhilíocht, amhrán, scríbhneoireacht chruthaitheach, a bheidh ar fáil trí Ghaeilge chomh maith, taispeántais ghrianghrafadóireachta, deiseanna chun caidreamh a dhéanamh le healaíontóirí i nDiméin Ard Giolláin agus Teach Newbridge, chomh maith le go leor eile. Tá moladh ag dul do gach duine atá páirteach agus táim lánchinnte go n-éireoidh thar cionn leis."

Is éard a dúirt an Príomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly: "Cuirim fáilte roimh an deis a bhíonn ann le linn Oíche Chultúir gach bliain an cultúr chomh maith le dianiarracht ealaíonta a chomóradh agus a thacú i bhFine Gall agus chun maoine Oidhreachta Fhine Gall a chur os comhair an phobail de réir mar a osclóimid doirse na maoine don phobal. Ní haon eisceacht í an bhliain seo agus beidh go leor deiseanna iontacha ar fáil tríd an gclár atá beartaithe chun ceangal a dhéanamh leis an gcruthaitheacht agus leis an gcultúr chomh maith le sult a bhaint astu ar líne agus ag imeachtaí a mbeidh daoine i láthair acu araon."

Is éard a dúirt an Stiúrthóir Seirbhísí, Emer O’Gorman: "Tréimhse thar a bheith dúshlánach a bhí sna hocht mí dhéag seo caite don Chultúr agus na hEalaíona ach tharraing sin aird ar an ról tábhachtach atá ag na réimsí sin sa tsochaí. Tá an-áthas orm an clár thar cionn seo a chur i láthair d'Oíche Chultúir ag tréimhse iontach do na healaíona ós rud é go mbeidh lucht spéise ábalta 'Teacht le Chéile Arís' chun sult a bhaint as réimse ceoil, filíochta, ealaíne, turais agus cainteanna saor in aisce agus sin a dhéanamh ag na himeachtaí iad féin nó ón mbaile."

Tá imeachtaí ar fad Oíche Chultúir saor in aisce ach d'fhéadfadh teorainn a bheith ar an líon daoine a mbeidh cead isteach acu i roinnt ionad mar gheall ar shrianta COVID-19 agus d'fhéadfadh gá a bheith le háirithint a dhéanamh roimh ré. Beifear ag cloí le bearta scartha sóisialta d'imeachtaí beo/turais i gcomhréir le treoirlínte an Rialtas ar COVID-19.

Téigh chuig www.fingal.ie   www.fingalarts.ie/news chun tuilleadh eolais a fháil chomh maith le clár na n-imeachtaí a bheidh bunaithe i bhFine Gall agus chun clár iomlán na n-imeachtaí náisiúnta a fháil téigh chuig www.culturenight.ie

 

Culture Night Fingal
Culture Night Fingal