Nochtann an Chomhairle pleananna do Shamhradh Lasmuigh Fhine Gall

Computer Generated Image of pedestrianisation of New Street, Malahide

Agus an Rialtas agus NPHET ag impí ar dhaoine “Cuimhnigh ar bheith Sábháilte, Cuimhnigh ar bheith Lasmuigh” sna míonna atá amach romhainn, tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis a pleananna a nochtadh le haghaidh Samhradh Lasmuigh.

Ag cruinniú míosúil na Comhairle anocht, tugadh cur I láthair do chomhairleoirí a thug mionsonraí ar an gcaoi, ó Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc an Mheithimh, go mbeidh an pobal in ann rochtain shábháilte a fháil ar an réimse poiblí i gcuid de bhailte móra an chontae. 

Cuireadh comhairleoirí ar an eolas freisin faoi na tacaíochtaí atá á gcur i bhfeidhm chun Itheachán Lasmuigh a éascú le ceantair i Sord, Baile Bhlainséir, Na Sceirí agus Mullach Íde, a bhfuil cnuasaigh de ghnóanna bia iontu, a sainaithníodh mar cheantair a bhainfeadh leas as bearta gníomhachtaithe speisialta chun tacú leis an earnáil fáilteachais.

Mar chuid de seo cuirfear An tSráid Nua i Mullach Íde in oiriúint do choisithe ón 6 Meitheamh agus tabaharfar siúlbhealach isteach ar Bhóthar an Chuain sna Sceirí mar chuid d’athdhearadh ar an gcaoi a mbogann daoine tríd an gceantar. Tá ceantair itheacháin lasmuigh á mbunú ar an bPríomhshráid, Sord, agus ar an bPríomhshráid Bhaile Bhlainséir chomh maith.

Dáilfear Bileoga Eolais Poiblí a thabharfaidh breac-chuntas ar na bearta do Shord, Na Sceirí agus Mullach Íde ar gach teaghlach sna ceantair sin ó amárach (Dé Máirt) agus iarrfar ar chónaitheoirí suirbhé a chomhlánú ar na tograí ag consult.fingal.ie mar chuid de chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil atá ar oscailt go dtí an 21 Bealtaine.

Éascófar Itheachán Lasmuigh i gcodanna eile de na bailte sin chomh maith le bailte agus sráidbhailte eile ar fud an chontae, ar nós Baile Brigín agus Binn Éadair, trí cheadúnais a eisiúint, deontais do throscán itheacháin lasmuigh agus scéim Comhpháirtithe Páircíní. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.fingal.ie/outdoordiningsupports.ie

Cuimseoidh na bearta réimse poiblí boscaí bruscair breise, leithris phoiblí agus binsí poiblí chomh maith le hacmhainní foirne breise i bpríomhcheantair den chontae agus athruithe ar Fhodhlíthe Trádála Ócáideacha an chontae.

Osclófar leithris i leabharlanna i Mullach Íde, i mBaile Bhlainséir agus i mBaile Brigín don phobal freisin. Tá Leithris le hÁiseanna Athraithe curtha isteach ag an gComhairle ag Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir agus tá sé beartaithe aici iad a chur isteach ag Caisleán Ard Giolláin.

 

Beidh bearta breise ann freisin chun Taisteal Gníomhach a chur chun cinn le síneadh ar an scéim ‘Bleeper Bikes’ agus trí áiseanna breise páirceála rothar a sholáthar.

D’aontaigh comhairleoirí le tairiscint a mhol Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy, is éard a bhí ann:

“Go ndéanann an Chomhairle seo foráil do Shamradh Lasmuigh de réir chomhairle sláinte poiblí d’fhonn freastal ar riachtanais Fhine Gall agus an phobail níos leithne sna míonna atá amach romhainn agus na rudaí seo a leanas a chur san áireamh:

  • Spás a athdháileadh ar áiseanna taisteal ghníomhacha ar fud an Chontae agus iad a fheabhsú;
  • Spás sráide agus spás páirceála do charranna a athdháileadh le haghaidh úsáide an réimse phoiblí agus le húsáid ag bialanna agus caiféanna;
  • Suíocháin phoiblí mhéadaithe a sholáthar;
  • Ag obair chun cabhrú le gnóanna a tháirgeann dramhaíl phacáistithe atá i mbaol a bheith mar bhruscar aistriú chuig samhlacha táirgeachta agus tomhaltais níos inbhuanaithe (lena n-áirítear scéimeanna taisce agus fillte, pacáistiú in-athúsáidte a úsáid agus freagracht a ghlacadh as an bpacáistiú sin);
  • Comhlíonadh na reachtaíochta bruscair a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú;
  • Cothabháil mhéadaithe ar spásanna oscailte, tránna agus spásanna sráide;
  • Dumhcha gainimh a chosaint ó thrampáil and gnáthóga leochaileacha eile ó bhrú iomarcach cuairteoirí;
  • Infhaighteacht leithris phoiblí a mhéadú;
  • Leas a bhaint as maoiniú an Rialtais Lárnaigh maidir le hathdháileadh spás bóthair, cosc agus bainistíocht bruscair, bonneagar breise lasmuigh agus bainistíocht spásanna oscailte.”

 

CRÍOCH

Is féidir féachaint ar thaifeadadh de chruinniú na Comhairle ag https://fingalcoco.public-i.tv/core/portal/home nuair a bheidh sé curtha i gcartlann.

Teidil do na híomhánna atá faoi iamh
Léarscáil den Phríomhsráid, Mullach Íde 
Íomhá CGI den Sráid Nua do choisithe, Mullach Íde, le soláthar d’itheachán lasmuigh
Clúdach de Bhileog Eolais Phoiblí atá a dháileadh ar chónaitheoirí i Sord.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil le [email protected]
  
 

Computer Generated Image of pedestrianisation of New Street, Malahide
Map of Harbour Road, Skerries
Map of Main Street, Swords