Micreafhorais de 450 crann leathanduilleach dúchasach curtha ag Mic Léinn Bhaile an Bhlácaigh ar thalamh na scoile.

An tseachtain seo cúis bhróid do mhic léinn Scoil Pobail Bhaile an Bhlácaigh a Micreafhorais de 459 crann leathanduilleach ar thalamh na scoile a sheoladh.

Microforest Arts Project Blakestown

An tseachtain seo cúis bhróid do mhic léinn Scoil Pobail Bhaile an Bhlácaigh a Micreafhorais de 459 crann leathanduilleach ar thalamh na scoile a sheoladh. Ba é an t-ealaíontóir Gareth Kennedy i gcomhpháirt leis an adhmadóir Eoin Donnelly, a d’fhorbair an coincheap álainn seo chun foraois a chur taobh amuigh den seomra ranga ealaíne.

San áireamh sa tionscadal ealaíne, a thionscain Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall agus Superprojects, bhí gníomhaíochtaí séasúrtha ealaíne agus éiceolaíochta a bhí á stiúradh ag Gareth agus Eoin. I measc na ngníomhaíochtaí bhí cur crann, scoilteadh agus deileadh adhmaid, mótú, agus cur fad is a bhíothas ag foghlaim faoi éiceolaíocht ár gcoillearnach dhúchasach agus i mbun cleachtas ealaíne comhaimseartha amuigh faoin aer.

Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy i bhfeighil an tseolta phríobháidigh agus thréaslaigh sé leis na mic léinn, foireann na scoile agus ealaíontóirí. Bhí an méid seo a leanas le rá aige: “Cúis áthais dom a bheith anseo chun an tionscadal spéisiúil ealaíne agus éiceolaíochta seo a cheiliúradh. Tá saothar ealaíne beo cruthaithe ag na mic léinn seo agus bainfidh an scoil tairbhe as i rith na mblianta fada amach romhainn. Tá siad páirteach i ngluaiseacht dhomhanda de mhicreafhoraoisí a bhfuil iarracht á déanamh aici cuid den damáiste atá déanta againn don dúlra a athchóiriú.” 

Idir thréimhsí dianghlasála agus thréimhsí dúnta scoile, athrú na séasúr agus dúshláin eile nach iad, lean na mic léinn agus a múinteoir, Mary Quinn, leis an obair go dúthrachtach agus d’éirigh leo an tionscadal a chur i gcrích.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an ealaíontóir, Gareth Kennedy, ‘Baineann práinn anois leis na bealaí a éiríonn linn naisc lánbhrí a chruthú leis an dúlra, agus tá ról lárnach ag crainn inár slí mhaireachtála’, agus, ‘thug na mic léinn agus Mary faoin tionscadal seo go díograiseach agus ba mhór an pléisiúr a bheith ag obair in éineacht leo. Beidh an mhicreafhorais seo ag fás agus ag dul in aibíocht sna blianta amach romhainn agus is gnáthóg fheidhmiúil agus spás foghlama a bheidh ann’.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an múinteoir Mary Quinn, ‘Táimid fíorbhuíoch de Gareth agus Eoin as a gcuid saineolais a roinnt linn ar bhealach a chuir ar ár gcumas a gcleachtas oibre a thuiscint. Bainfidh ár mic léinn tairbhe, i rith a saoil, as na scileanna a mhúin siad dóibh trí ghníomhaíochtaí spleodracha agus a chinntiú go raibh foghlaim fhíorshaoil ag croílár gach seisiúin’. Chomh maith leis sin, bhí an méid seo a leanas le rá ag Mary, ‘Táimid fíorbhuíoch d’Oifig Ealaíne Fhine Gall agus do Superprojects as an deis speisialta seo a fháil; tá moladh mór tuilte agaibh as na deiseanna atá á gcur ar fáil agaibh do dhaoine óga a bheith ag obair le healaíontóirí comhaimseartha. Leanfaidh aidhmeanna oideachais an tionscadail seo le tionchar a bheith acu ar phobal uile ár scoile sna blianta amach romhainn.’

Níos túisce sa bhliain, chur an mac léinn, Christian Macaraeg, tionscadal ‘Micreafhorais’ na scoile i láthair ag comhdháil náisiúnta a bhí bunaithe ar an téama ‘folláine a fhí i saol na scoile’. D’fhreastail an Méara ar thaispeántais a bhí á stiúradh ag mic léinn maidir le conas úsáid a bhaint as trealamh snoíodóireachta atá neamhdhíobhálach don timpeallacht agus d’éist sé leis an healaíontóirí agus leis na mic léinn ag déanamh cur síos ar an mbealach a d’athraigh an tionscadal seo a saol i rith na bliana dúshlánaí seo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Oifigeach Óige & Oideachais Oifig Ealaíon Fhine Gall, ‘Tá rud éigin luachmhar cruthaithe ag mic léinn a rachaidh chun tairbhe na bithéagsúlachta áitiúla agus mac léinn eile sna blianta amach romhainn, bronntanas suntasach d’aon mhac léinn idirbhliana a thabhairt dá scoil. Is samhail eiseamláireach é a léiríonn conas is féidir le healaín deiseanna a sholáthar dúinn foghlaim faoinár dtimpeallacht agus aire a thabhairt dár dtimpeallacht.’

Tá sé beartaithe ag Oifig Ealaíon Fhine Gall agus ag Superprojects an tionscnamh seo a fhorbairt amach anseo. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an gcoimeádaí, Rayne Booth, ‘Tá sé beartaithe againn leanúint ar aghaidh ag obair le Gareth agus tuilleadh forbairt a dhéanamh ar an tionscadal seo mar láthair foghlama faoin ealaín agus faoin éiceolaíocht’, agus, ‘tá pleananna déanta againn cheana féin maidir le sraith cuairteanna ealaíontóirí chuig an suíomh i rith na bliana acadúla nua a thabharfaidh deis dúinn dul i bhfeidhm ar chóhort nua mac léinn agus múinteoirí.’

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Nathan, mac léinn idirbhliana agus ball gníomhach den tionscadal, ‘Bhain mé an-taitneamh as a bheith ag obair le hadhmad agus chuir sé mo sheanathair i gcuimhne dom agus na rudaí iontacha a bhíodh á ndéanamh aige as adhmad. Deis iontach a bhí ann triail a bhaint as ábhair nua nach mbíonn in úsáid sa seomra ranga agus ábhar sásaimh ba ea an tuiscint go raibh mé páirteach i gcruthú an tionscadail seo a bheidh le feiceáil ag pobal na scoile go deo’.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Fernanda, ball eile den tionscadal, ‘Bhain mé an-taitneamh as an gclár seo. Bíonn mé ag caint faoin tionscadal sa bhaile i ndiaidh na scoile. Sílim gurb é seo an rud is fearr atá foghlamtha agam riamh’. 

Ghabh an Méara buíochas leis na mic léinn, Aaron, Kayleigh, Nathan, Fernanda, Daniela, Marina, Marta, Amy, Pol, Leah, Julian, Maxim, Christian agus Ciaran, tá dea-shampla tugtha agaibh dúinn ar fad.’

Tá an próiseas seacht mí taifeadta ag Arcade Film agus beidh deis ag daoine breathnú ar fhorbairt an tionscadail gan mhoill. Reáchtáil Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall agus Superprojects an tionscadal iontach seo, agus chuir Comhairle Ealaíon na hÉireann maoiniú breise ar fáil. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.fingalarts.ie www.superprojects.org

 

 

Microforest Launch
Microforest Launch 2