Maoiniú na bliana 2024 le haghaidh oibreacha caomhantais agus deisiúcháin i bhFine Gall

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt cuireadh anois d’iarratais faoi roinnt scéimeanna le haghaidh oibreacha atá le déanamh sa bhliain 2024 ar thionscadail deisiúcháin nó chaomhnaithe ar scála beag, meánach nó mór ar Struchtúir Chosanta agus, i gcásanna áirithe, ar fhoirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhantas na hAiltireachta laistigh de cheantar Fhine Gall. Sé DÉ hAOINE an 19 EANÁIR 2024 an dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil.

Conservation grants 2024

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt cuireadh anois d’iarratais faoi roinnt scéimeanna le haghaidh oibreacha atá le déanamh sa bhliain 2024 ar thionscadail deisiúcháin nó chaomhnaithe ar scála beag, meánach nó mór ar Struchtúir Chosanta agus, i gcásanna áirithe, ar fhoirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhantas na hAiltireachta laistigh de cheantar Fhine Gall. Sé DÉ hAOINE an 19 EANÁIT 2024 an dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil.

Dáileadh os cionn €345,500 trí Chomhairle Contae Fhine Gall sa bhliain 2023 ar dheontais Oibre Tráthúla, ar struchtúir faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus tionscadail faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla chun cuidiú le deisiú agus le cosaint oidhreacht ailtireachta Fhine Gall. Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall féin deontais idir €100 agus €2,500 ar fáil teí scéim na hOibre Tráthúla d’úinéirí a dhéanann gnáthchothabháil nó deisiúcháin bheaga ar chreatlach stairiúil a gcuid tithe . Tá an Deontas Oibre Tráthúla seo ar fáil freisin le haghaidh iarratais mhaoinithe ar thuarascálacha caomhantais nó ar shuirbhéanna ó ghairmithe an chaomhantais. Tá maoiniú ar fáil trí Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha nó Ciste na Struchtúr Stairiúil le haghaidh oibreacha níos suntasaí. Tá an Maoiniú Imfhálaithe le haghaidh Struchtúir Ceann Tuí mar chuid den Scéim Infheistíochta um Oidhreacht Thógtha. Ní bhaineann na hoibreacha incháilithe amháin le deisiúcháin ar an tuí féin agus d’fhéadfadh deisiú balla láibe, rindreáil an aoil nó deisiúcháin fuinneoga stairiúla  a bheith mar chuid dá leithéid. Ligeann Ciste na Struchtúr Stairiúil iarratais ar leith a dhéanamh chomh maith le haghaidh struchtúr dúchasach nach Struchtúr Cosanta é a chaomhnú agus chun éadain na siopaí stairiúla nó chun éadain siopaí traidisiúnta na Gaeilge a athchóiriú.

Tá maoiniú ar fáil do thionscadail a mbeidh ar siúl sa bhliain 2023 faoi na scéimeanna seo a leanas:

  • “Deontas na hOibre Tráthúla” ó Chiste Oidhreacht Ailtireachta na bliana 2024
  • Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha na bliana 2024
  • Ciste Struchtúr Stairiúil na bliana 2024 (lena n-áirítear fo-shruthanna le haghaidh Éadain na Siopaí Stairiúla/Éadain Siopaí Traidisiúnta na Gaeilge agus le haghaidh  Structúír Dúchasacha)

Cuireann Oifigigh Chaomhnú na hAiltireachta Fhine Gall, Helena Bergin agus Laura Johnstone, fáilte roimh tacaíocht leanúnach an airgeadais a chuireann na scéimeanna seo ar fáil d’úinéirí na réadmhaoine stairiúla chun a gcuid fhoirgneamh a chosaint agus a chothabháil ón mhaoiniú atá ar fáil as acmhainní Chomhairle Contae Fhine Gall féin agus ón rialtas náisiúnta.  “Is mór an sásamh a bhaineann le scéimeanna deontas seo an chaomhantais a fheiceáil agus iad ag tabhairt tacaíochta d'úinéirí chun  dea-chleachtais na cothabhála rialta a chur i bhfeidhm ni hamháin le deisiúcháin bheaga a dhéanamh ar shean-fhoirgnimh stairiúla nó ar struchtúir neamhchoitianta agus neamhghnáthacha ach a bheith in ann cabhrú leo chomh maith le caitheachas níos suntasaí an airgid nuair a bhíonn gá le hobair caomhnaithe nios doimhne a dhéanamh. I mbliana, tá Deontas na hOibre Tráthúla Fhine Gall leathnaithe againn chun cur ar chumas úinéirí agus chaomhnóirí na hoidhreacht thógtha an chontae iarratas a dhéanamh freisin ar mhaoiniú chun gairmithe caomhnaithe leis an taithí acu a fhostú chun tuarascálacha caomhantais a tháirgeadh a n-aithníonn oibreacha riachtanacha agus an mhodheolaíocht chuí a mholadh le haghaidh deisiúcháin, agus go mór mór, cur síós beacht a dhéanamh ar an obair. Tá dea-chomhairle chaomhnaithe riachtanach lena chinntiú go bhfuil na hoibreacha a dhéantar báúil agus oiriúnach don chreatlach thógtha agus go dtugann siad aghaidh ar an gceist atá tar éis teacht chun cinn agus go réitítear í i gceart.”

Tá na scéimeanna um mhaoiniú an chaomhnaithe i bhfeidhm chun cabhrú leis an úinéirí úsáid a bhaint as an obair cuí agus as na modhanna cearta chun na hábhair stairiúla a úsáideadh sna sean-fhoirgnimh cosúil le aol, cloch, bríce lámhdhéanta, ceann tuí, slinne nádúrtha, agus siúinéireacht stairiúil a dheisiú os rud é go ndéanann úsáid na n-ábhar docht neamh-inálaithe nua-aimseartha cosúil le coincréit agus plaistigh níos mó dochar ná sochar d'fhoirgnimh a tógadh go traidisiúnta.

DÁTA DEIRIDH: Ba chóir gach iarratas a chur isteach chuig Comhairle Contae Fhine Gall faoi 5in DÉ hAOINE an 19 EANÁIR 2024.  Tá na foirmeacha iarratais don trí scéim ar fáil ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall agus ba chóir iarratais chríochnaithe a sheoladh chuig Oifigeach Caomhnú na hAiltireachta Chomhairle Contae Fhine Gall ag  [email protected]  Eiseofar cinneadh ar gach iarratas i ndiaidh an Roinn cead sealadachh a thabhairt do na hiarratais rathúla. De ghnáth, déantar an cinneadh seo i leath thosaigh Mí Márta.

Tabhair faoi deara nach féidir leis an iarrthóir leas a bhaint as maoiniú faoin gCiste um Struchtúr Stairiúil agus faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha sa bhliain chéanna agus, dá bhrí sin, má éiríonn le hiarratas ar an dá cheann, ní féidir glacadh ach le ceann amháin acu.

Le haghaidh iarratas a dhéanamh, féach:

  • “Deontas na hOibre Tráthúla” ó Chiste Oidhreacht Ailtireachta na bliana 2024  [insert direct link to webpage]
  • Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha na bliana 2024 [insert direct link to webpage]
  • Ciste Struchtúr Stairiúil na bliana 2024 [insert direct link to webpage]