Líne chabhrach tacaíochta pobail tiomnaithe le bheith ar fáil ón Luan

Comhairle Contae Fhine Gall ina ceannródaí maidir le heagraíochtaí áitiúla a thabhairt le chéile chun cabhrú le saoránaigh le linn COVID-19

Graphic outlining services available from the Fingal COVID-19 Community Response Forum

Le spreagadh ón Aire Pleanála Tithíochta agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy, TD, tá Fóram Freagartha Pobail maidir le Covid-19 á chur ar bun i bhFine Gall agus is é Comhairle Contae Fhine Gall a dhéanfaidh comhordú air.

Bunófar líne chabhrach agus seoladh ríomhphoist tacaíochta tiomnaithe i bhFine Gall chun cabhrú le baill den phobal atá i mbaol rochtain a fháil ar thacaíochtaí agus comhairle neamh-éigeandála agus neamh-leighis le linn na héigeandála sláinte poiblí reatha.

Tá an tseirbhís fónlíne rúnda á bunú ag Fóram Freagartha Pobail nua Fhine Gall maidir le COVID-19, a chuimsíonn níos mó ná dosaen gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí. Tá an líne chabhrach dírithe go príomha ar a chinntiú gur féidir le baill leochaileacha den phobal nó leo siúd a chónaíonn leo féin rochtain a fháil ar earraí grósaera, cógas agus breoslaí.

Is é ról an Fhóraim a chinntiú go bhfuil freagairt chomhordaithe pobail ann agus a chur ar chumas gach gníomhaireacht reachtúil dheonach comhoibriú lena chéile chun tacú lenár bpobail agus go háirithe leis na baill is leochailí. Déanfar roinnt ball foirne de Chomhairle Contae Fhine Gall a athlonnú chun an líne chabhrach a chomhordú agus chun tacú le hiarrachtaí ar an talamh ar fud an chontae.

Áirítear iad seo i leanas i bhFóram Freagartha Pobail Fhine Gall maidir le COVID-19:

  • FSS
  • FCC
  • LCDC Fhine Gall
  • An Post
  • Seirbhís Leasa Pobail
  • Tusla
  • An Garda Síochána
  • Ionad Deonach Fhine Gall
  • Muintir na Tíre
  • Ord Mhálta
  • Cosaint Shibhialta Bhaile Átha Cliath
  • CLG
  • Local Link
  • Faisnéis do Shaoránaigh
  • ALONE
  • Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • Comhlachas Tráchtála Fhine Gall
  • Empower
  • Comhpháirtíocht Leader Fhine Gall
  • Gníomhaireachtaí eile de réir mar is gá

Níl sa líne chabhrach ach gné amháin d’obair an Fhóraim. Is é a phríomhaidhm cur leis an iarracht ar fud an phobail chun leathadh COVID-19 a theorannú. Cinnteoidh Comhairle Contae Fhine Gall, tríd an bhFóram, go ndéanfaidh an raon leathan grúpaí atá ag obair ar fud an chontae chun cabhrú leo siúd atá i ngátar é sin ar bhealach eagraithe, comhoibritheach agus spriocdhírithe. 

Cinnteoidh Fóram Freagartha Pobail na Comhairle maidir le COVID-19 go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as an iliomad acmhainní a chuidíonn le daoine leochaileacha lena riachtanais laethúla ag an am seo gan fasach, lena n-áirítear cógais a bhailiú, siopadóireacht bia, tacaíocht shóisialta agus teagmháil.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien: “Tá sár-obair á déanamh ag roinnt gníomhaireachtaí faoi láthair maidir le cúram a chur ar fáil do dhaoine scothaosta agus leochaileacha inár bpobail. Tá na grúpaí sin ag feidhmiú go neamhspleách ar a chéile faoi láthair agus is é ról Chomhairle Contae Fhine Gall é cur chuige spriocdhírithe, comhtháite agus comhordaithe a sholáthar chun na seirbhísí sin a bhfuil géarghá leo a sheachadadh do na saoránaigh is leochailí ar fud an chontae le linn na paindéime COVID-19."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is í Comhairle Contae Fhine Gall is fearr atá ábalta go reachtúil agus go réigiúnach chun an obair iontach seo a threorú agus chun struchtúr rialachais a sholáthar i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara go léir.  Tá an ghéarchéim sláinte poiblí seo tar éis an saol a athrú do go leor daoine, agus táimid ann chun cabhrú leo tríd an athrú sin.  Beidh ár bhfoireann féin, a bhfuil athrú tagtha ar a bpost lae mar gheall ar an ngéarchéim seo, ina príomh-acmhainn i mbainistíocht agus i bhfeidhmiú an chláir tacaíochta pobail seo in éineacht lenár ngníomhaireachtaí/grúpaí comhpháirtíochta."

Ón lá amárach, Dé Luain, an 30 Márta, glacfaidh Comhairle Contae Fhine Gall glaonna ar 01-8905000 agus beidh na línte ar oscailt ó 9am go dtí 5pm seacht lá na seachtaine. Is é seo an seoladh ríomhphoist tiomnaithe [email protected] .

Cuirfear sonraí teagmhála na seirbhíse nua seo chun cinn ar www.fingal.ie agus ar bhealaí meán sóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall. Dáilfear bileog eolais leis an uimhir, an seoladh ríomhphoist agus faisnéis eile ar fud an chontae, go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, sna laethanta amach romhainn.