Leanfaidh an Chomhairle le hidirchaidreamh a dhéanamh le gnólachtaí maidir le rátaí a chur siar

Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall le hidirchaidreamh a dhéanamh le gnólachtaí a bhfuil tionchar á imirt ag géarchéim reatha COVID-19 orthu i ndiaidh gur fhógair an Rialtas inniu gur cheart d’údaráis áitiúla comhaontú a dhéanamh ar íocaíochtaí rátaí atá á ndéanamh ag na gnólachtaí is mó a bhfuil tionchar á imirt orthu a chur siar go dtí deireadh mhí na Bealtaine.

Ba cheart do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide i bhFine Gall a bhfuil deacrachtaí acu lena n-íocaíochtaí ráta teagmháil a dhéanamh lena mbailitheoir rátaí chun an cheist a phlé agus comhaontú a dhéanamh ar shocrú cuí. Ba cheart d’íocóirí rátaí ar féidir leo leanúint leis na rátaí nach bhfuil íoctha acu cheana féin a íoc ar an ngnáthbhealach.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien, go gcabhródh an deis chun íocaíocht na rátaí a chur siar le gnólachtaí beaga atá iad iarraidh teacht slán as an ngéarchéim reatha. “Dea-nuacht é seo do na búistéirí, na tábhairneoirí, na gruagairí, úinéirí na gcaiféanna agus na húinéirí eile ar ghnólachtaí beaga atá ag coraíocht chun a gcosa a thabhairt leo as an ngéarchéim reatha. Tá an t-ádh orainn i bhFine Gall go bhfuil íocóirí rátaí ann ar féidir leo leanúint lena n-íocaíochtaí a dhéanamh, ach is eol go maith dom go bhfuil go leor gnólachtaí níos lú ann a bhfuil streachailt orthu agus a dteastaíonn an chabhair go léir uathu is féidir leo a fháil.

“Is gá do dhaoine tacú leis na gnólachtaí beaga siúd freisin ar éirigh leo fanacht ar oscailt agus ina gcuirtear timpeallacht shábháilte ar fáil dá gcustaiméirí. Cuid thábhachtach den phobal iad agus caithfimid iad a choimeád i mbun gnó,” a dúirt an Méara.

Beidh impleachtaí ag roinnt íocaíochtaí ráta a chur siar i dtaobh na Comhairle maidir le sreabhadh airgid agus dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly go mbeidh iarracht á déanamh aici chun an tionchar a imrítear ar sheirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar a íoslaghdú

“Tá Údaráis Áitiúla, anuas ar FSS agus an Garda Síochána, ar cheann de na tír Phríomhghníomhaireacht Fregartha sa tír agus tá baint againn leis an bhfreagairt chomhordaithe don éigeandáil reatha fad a leanaimid freisin le seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar i limistéir ar nós tithíochta agus easpa dídine. Táimid ag déileáil cheana féin le gnólachtaí beaga a rinne teagmháil linn agus cur siar á lorg acu agus leanfaimid ag déileáil le híocóirí ráta a n-imríonn an ghéarchéim tionchar orthu ar bhonn cás ar chás, fad a dhéanaimid a mhéid dár 380 seirbhís agus is féidir a choimeád i mbun oibre i gcomhthráth,” a dúirt an tUasal Farrelly.