Ionchur Poiblí á Lorg ag Fine Gall maidir leis an Straitéis Rochtana

illustration of people with a variety of types of disability

Tá Straitéis Rochtana á hullmhú ag Comhairle Contae Fhine Gall – an chéad cheann dá leithéid d’Fhine Gall agus tá suirbhé seolta aici chun léargas an phobail a bhailiú.

Níor cheart go dtógfadh sé níos mó ná deich nóiméad an suirbhé a chomhlánú agus tá sé oscailte do chách. Spreagtar daoine a bhfuil taithí acu ar mhíchumas agus ar riachtanais bhreise ach go háirithe chun a dtuairimí agus léargas a roinnt.

Deir Oifigeach Rochtana Chomhairle Contae Fhine Gall, Cathal Kearney ‘Tá súil againn go bhfaighimid freagra ó ghrúpa chomh leathan agus is féidir den phobal. Tá sé ríthábhachtach go dtuigfimid go fíormhaith na saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag muintir Fhine Gall agus iad ag baint úsáide as ár seirbhísí. Cíbe má bhíonn tú ag tabhairt cuairte ar ár leabharlanna, ag glacadh páirte in imeachtaí pobail nó ag bualadh lenár bhfoireann chun soláthar tithíochta a phlé, ba mhaith linn a chinntiú go bhfuil d’eispéireas ar comhchéim agus oiriúnach dod’riachtanais.’

Deir Comhairle Contae Fhine Gall go mbainfidh sí úsáid as an bhfaisnéis a bhailítear leis an suirbhé seo chun cabhrú leo tuiscint a fháil ar na háiteanna is mó a bhfuil gá le feabhsuithe maidir le hinrochtaineacht agus cuimsiú. Úsáidfear na torthaí freisin chun eolas a chur ar fáil do Straitéis Rochtana d’Fhine Gall, a fhoilseofar níos déanaí i mbliana. Cuimseoidh Straitéis Rochtana Fhine Gall gníomhartha agus cuspóirí lena chinntiú go bhfuil gach seirbhís a sholáthraíonn Comhairle Contae Fhine Gall inrochtana do chách agus cuimsitheach.

Cuireadh an suirbhé ar fáil ar líne ag https://consult.fingal.ie/en/content/public-input-draft-fingal-access-strategy agus tá cóipeanna crua ar fáil freisin ag Aonaid Chúram Custaiméirí Chomhairle Contae Fhine Gall in Áras an Chontae (Sord) agus i mBóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir. Is féidir leo siúd ar fearr leo taifeadadh fuaime nó fístaifeadadh dá bhfreagraí suirbhé a sholáthar ar chúiseanna inrochtaineachta é sin a dhéanamh freisin. Tá faisnéis maidir le conas na taifeadtaí seo a sheoladh chuig an gComhairle ar fáil i réamhrá an tsuirbhé ar líne.

Access strategy poster with QR code