Iarradh ar an bpobal a gcuid tuairimí a roinnt maidir leis na bpleananna móra athfhorbartha le haghaidh Baile Brigín

Inniu sheol Comhairle Contae Fhine Gall comhairliúchán poiblí atá bunaithe ar phleananna chun lár Bhaile Brigín a athrú mar chuid d’athfhorbairt €10 milliún. Soláthróidh an athfhorbairt seo spás oscailte poiblí inbhuanaithe uathúil i gcroílár an bhaile is óige in Éirinn.

Cuirfear tús le próiseas comhairliúcháin phoiblí ar na pleananna athbheochana don cheantar seo ar an Déardaoin an 7 Iúil. Faoi réir cead pleanála, táthar ag súil go gcuirfear tús le hathfhorbairt an láithreáin 19,300 méadar cearnach go déanach in 2023, agus táthar ag súil go mbeadh na hoibreacha críochnaithe i gcúig chéim idir go luath in 2024 agus Q1 2025.

Tá an limistéar plás ilchuspóireach agus an pháirc líneach deartha chun margaí, imeachtaí agus féilte a chur ar siúl agus chun lárphointe a sholáthar do thairiscint feabhsaithe fóillíochta agus turasóireachta sa bhaile. Is é an spás nua atá beartaithe an tionscadal inaitheanta is mó atá le chur ar aghaidh faoin bPlean Athnuachana Ár mBaile Brigín 2019-2025.

Mar gheall ar athfhorbairt an fhearainn phoiblí beidh limistéir Shráid na Cé, Shráid an Mhuilinn, Bhóthar an Chuain agus Chuan Bhaile Brigín athruithe mar spás comhtháite a nascann lár an bhaile agus an Raithneach go réidh leis an gcuan.

Beidh thart ar 75% den mhaoiniú don tionscadal ag teacht ón gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbeach na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus déanfar an chuid eile a mhaoiniú ó chlár caiteachais caipitil Fhine Gall.

Beidh canáil na hAbhann Raithneacha mar príomhchuid den athbheochan seo, rud a fhágfaidh go mbeidh sé ina ghné iontach do chónaitheoirí agus do chuairteoirí sa todhchaí. Leanfaidh céimeanna síos go dtí an t-uiscebhealach, áit ina mbeidh méadú ar phlandáil, bithéagsúlacht fheabhsaithe agus cosaint tuilte feabhsaithe don bhaile.

Balbriggan Canal1.JPG

Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony béim ar thábhacht na forbartha nua don gheilleagar turasóireachta áitiúil, agus dúirt sé: “Beidh an ceantar uirbeach glas seo mar phríomhnasc idir Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór agus Caisleán stairiúil Ard Giolláin. Ina theannta sin, beidh sé ina phointe tosaigh álainn do Shlí Chósta Fhine Gall agus beidh sé i gcroílár thairiscint Bhaile Brigín do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon.”

Dúirt an tOllamh Brian MacCraith, cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta Ár mBaile Brigín gurb é seo an chéim is uaillmhianaí fós dá bhfaca sé i bplean athnuachana an bhaile.

“Tá sé le feiceáil sa taighde, a rinneadh le muintir Bhaile Brigín, go soiléir go bhfuil tacaíocht againn d’athshamhlú cheantar an chuain. Tá moltaí os ár gcomhair a dhéanfaidh é sin go díreach, ag cruthú cé agus cladach spreagúil agus bríomhar a chabhróidh le deiseanna fóillíochta agus turasóireachta a nascadh sa bhaile agus a chuirfidh go mór leis an méid atá le fáil i mBaile Brigín,” a dúirt an tOllamh MacCraith.

Dar le AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, cuirfidh na tograí nua seo áit iontach ar fáil do dhaoine ar chósta Fhine Gall a bheadh oiriúnach le haghaidh bualadh le chéile.

“Is ceann de na garspriocanna is suntasaí inár n-uaillmhian chun Baile Brigín a athfhorbairt é seo agus is infheistíocht mhór é seo don bhaile. Tá an spás athshamhlaithe seo ina shiombail den dul chun cinn atá á dhéanamh i bplean Ár mBaile Brigín – plean a chuir an pobal go léir ar an eolas agus a mhúnlaigh agus a sholáthróidh áit phoiblí dhea-dheartha do dhaoine ní hamháin taitneamh a bhaint as le chéile ach le bheith bródúil aisti chomh maith.”

Balbriggan Quay Street View

Faoi na pleananna, beidh an clós súgartha, na spásanna glasa agus na criosanna plandála beagnach faoi dhó i méid, agus beidh trealamh súgartha do gach aois lánpháirtithe i ndearadh reatha an spáis phoiblí.

 

Bainfear ballaí cloiche atá íseal freisin ó tharbhealach an bhaile chun sruth gan uaim a chruthú tríd an limistéar coisithe a nascfaidh an spás poiblí nua leis an gcuan athshamhlaithe. Caomhnófar rochtain iomlán do thrácht cuain atá ag obair trí dhromchlú teoranta a roinnt agus tús áite a thabhairt do rochtain coisithe.

Tógfar foirgneamh tráchtála nua agus dhá bhoth nua ar shuíomh iar-chlub oíche i gceantar an chuain chun freastal ar ghníomhaíochtaí cuairteoirí agus fóillíochta. Cuirfidh sé seo le tarraingteacht an tsuímh gan amhras. Beidh bloc leithris nua ina mbeidh háiseanna gléasta, taisceadáin agus both miondíola suite ag an mbealach isteach chuig an trá ag an tarbhealach iarnróid agus iar-theach bád an RNLI caomhnaithe agus athchóirithe le haghaidh úsáide tráchtála caifé/miondíola.

Leagtar amach sna pleananna fáil réidh le 175 spás páirceála agus spás feabhsaithe tiomnaithe a chruthú san áit. Is é an aidhm a bhaineann leis seo ná chun áit a chur ar fáil ina mbeadh na ndaoine in ann taitneamh a bhaint as i suíomh a thugann spreagadh ar na ndaoine chun fanacht agus a scíthe a ligean go sábháilte.

Tá suirbhéireacht fhairsing déanta ar spásanna páirceála an bhaile a thugadh le fios go bhfuil níos mó ná dóthain toilleadh páirceála i gcónaí ar fud an bhaile chun fáil réidh leis na spásanna páirceála seo sa cheantar seo.

Tá fonn ar an gComhairle tuairimí breise a fháil maidir leis na moltaí a forbraíodh mar gheall ar an ionchur leanúnach ón bpobal ag cruinnithe faisnéise éagsúla a reáchtáladh le 12 mhí anuas. Bhí an t-aiseolas seo agus an léargas áitiúil ríthábhachtach chun cuidiú leis an obair leanúnach i mBaile Brigín a chur chun cinn agus tá sé léirithe sa mholadh reatha.

Cuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar an Déardaoin, 7 Iúil agus beidh pleananna le feiceáil go poiblí i Leabharlann Bhaile Brigín agus in Áras an Chontae, Sord go dtí an 5 Lúnasa. Beidh siad ar fáil ar líne freisin ag consult.fingal.ie.

Beidh laethanta oscailte ar siúl chomh maith, fógartha roimh ré, ar siúl i mí Iúil agus Lúnasa ag Mol Bhaile Brigín i gCearnóg Sheoirse, áit ar féidir le daoine na pleananna a phlé le hoifigigh ábhartha na Comhairle chun tuilleadh eolais a fháil.

Glacfar le haighneachtaí maidir leis na pleananna athfhorbartha seo go dtí 5 i.n. ar an 19 Lúnasa.

 

Balbriggan Harbour View
Balbriggan Quay Aerial View - Quay st