I mBun Gnó: Imeacht do 400 Bean Gnó ar siúl i bhFine Gall

National Women's Enterprise Day

D’fhreastail breis is 400 banfhiontraí ar imeacht Fhiontar Náisiúnta na mBan i bhFine Gall, imeacht a tharraingíonn aird ar an rath atá ar mhná atá i mbun gnó, i ngach earnáil.

 

Ba iad na hOifigí Fiontair Áitiúla (OFAanna) a d’eagraigh na himeachtaí, agus ba é Pat Breen T.D., An tAire Stáit do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí, a chuir tús leis na himeachtaí in Óstán an Crowne Plaza i mBaile Bhlainséir. 

 

Ba é “I mBun Gnó” téama na bliana seo, an 13ú bliain a bhfuil an t-imeacht á reáchtáil ag OFAanna ar fud na tíre le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann, agus le maoiniú ó Rialtas na hÉireann. Bhí imeacht Bhaile Átha Cliath á maoiniú ag OFAanna i Réigiún Bhaile Átha Cliath agus ag an Líonra Fiontar Eorpach. 

 

Tá an t-imeacht ag fás ó bhliain go bliain agus anois tá 17 n-imeacht á reáchtáil ar fud na tíre agus tá breis agus 1,700 banfhiontraí ag glacadh páirte sna himeachtaí. Tá an tóir atá ar an imeacht ag teacht leis an bhforbairt atá tagtha ar an mbanfhiontraíocht ar fud na tíre. Tugadh méadú 18% faoi deara sa líon banfhiontraithe atá ag baint tairbhe as cláir oiliúna OFA anuraidh, agus bhí beagnach 22,000 banfhiontraí ag baint tairbhe as tacaíochtaí atá á gcur ar fáil ag a OFA in 2018.

National Women's Enterprise Day

Roinn cuid de na banfhiontraithe is mó cáil in Éirinn a dtaithí siúd ag an imeacht a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath. Ina measc bhí; Caroline Keeling, POF Keelings; Siobhan Murray, údar agus cóitseálaí acmhainneachta; Krissy Gibson, POF Take the Cake; Niamh Sherwin-Barry, Stiúrthóir Irish Fairy Door Company, agus Melanie Boylan, Stiúrthóir STOMP Social Media Training. I measc scoth na mbanphainéalaithe bhí: Jo Harpur, POF Jo Harpur Jewellery; Emer Cleary, Bunaitheoir Emu Ink Publishing; Aimée Madden, POF Clinishift; Jessica Conlon, Bunaitheoir Twigs; agus Jenny Melia, Bainisteoir Forbartha Gnó le Fiontraíocht Éireann. Ba í Ann McGee, Stiúrthóir MIAS Pharma, Ambasadóir Réigiún Bhaile Átha Cliath in 2019.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Pat Breen T.D., An tAire Stáit do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí: “Tá sé tábhachtach i gcás na hÉireann, go mbeadh i bhfad níos mó ban páirteach san earnáil fhiontraíoch agus is cúis dóchais é go bhfuilimid ag dul sa treo ceart, mar is léir ó na figiúirí atá ar fáil. Tá ról lárnach ag imeachtaí cosúil le Lá Fiontar Náisiúnta na mBan  (LFNB) sa chomhthéacs seo.  Tá cultúr fiontraíoch den scoth in Éirinn, rud atá le tabhairt faoi deara ar fud an domhain, agus is mian linn go mbeidh níos mó ban páirteach san aistear seo.  Tá deis againn inniu tréaslú leis na mná atá i mbun gnó cheana féin, mar aon le mná eile fós a spreagadh chun dul i mbun gnó. Mholfainn do gach banfhiontraí atá ag tosú amach teagmháil a dhéanamh lena nOifig Fiontar Áitiúil agus eolas a fháil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil.”

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Oisín Geoghegan, Cathaoirleach an Líonra de 31 Oifig Fiontar Áitiúil agus Ceannasaí Fiontraíochta i bhFine Gall: “Is imeacht tábhachtach é Lá Fiontar Náisiúnta na mBan ar fhéilire na hOifige Fiontar Áitiúil gach bliain. Deis atá ann aird a tharraingt ar an obair iontach atá ar bun ag mná atá i mbun gnó, i ngach earnáil. Is deis atá san imeacht do mhná gnó bualadh le mná eile, noda a roinnt lena chéile agus comhairle a chur ar a chéile, agus misneach a thabhairt do mhná eile.  Chomh maith leis sin, tugann sé deis do mhná atá ag smaoineamh ar dhul i mbun gnó, foghlaim ó bhanfhiontraithe a rinne an rud céanna agus a thuigeann go bhfuil tacaíocht ar fáil má théann tú á lorg. Is é an rud is deacra an chéad chéim a thógáil agus nuair a labhraíonn tú le d’Oifig Fiontar Áitiúil tuigfidh tú cé chomh tapa is féidir tacaíocht a fháil a chabhróidh leat an rud is mian leat a dhéanamh.”

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall, tríd an Oifig Fiontar Áitiúil, an Lá Fiontar Náisiúnta Ban is mó a reáchtáladh sa tír riamh a eagrú. Bhí breis is 400 úinéirí/bainisteoirí gnó baineanna i láthair. Tá go leor de na cainteoirí a bhí i láthair i ndiaidh a ngnóthaí féin a bhunú ina bpobail féin, agus tá siad ag cur le cruthú fostaíochta ina ngeilleagar áitiúil. Molaimid do gach banfhiontraí a d’fhéadfadh a bheith amuigh ansin teagmháil a dhéanamh lena n-oifig fiontar áitiúil agus tairbhe a bhaint as na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil dóibh. Cúis áthais is ea gur mná iad 60% de na rannpháirtithe ar ár gcláir forbartha bainistíochta.”

 

Bhí breis is 1,700 duine i láthair ag Lá Fiontar Náisiúnta na mBan, agus tá líon na mbanfhiontraithe ag fás an t-am ar fad. Bhain breis is 4,500 banfhiontraí tairbhe as meantóireacht ghnó in 2018, méadú 19% ón mbliain roimhe, agus ghlac beagnach 22,000 banfhiontraí páirt i gcláir oiliúna na hOifige Fiontar Áitiúil, méadú 18% i gcomparáid le 2017. Léirítear i dtuarascáil 2018 an Global Entrepreneurship Monitor gur mná iad beagnach 40% d’úinéirí gnó nua in Éirinn anois.

 

Áirítear LFNB i measc ceann de thionscnaimh na OFAanna a bhfuil sé mar aidhm acu fiontraíocht a chothú agus cabhrú le cuideachtaí dul i mbun gnó ar fud na tíre. Áirítear i measc na dtionscnamh eile an tSeachtain Fiontar Áitiúil, an Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn, na Dámhachtainí Fiontar Náisiúnta, Clár Fiontar na Mac Léinn, agus an Sráidbhaile Fiontar Áitiúil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Más spéis leat tuilleadh eolais faoi thacaíochtaí atá ar fáil do ghnóthaí i bhFine Gall, tabhair cuairt ar www.localenterprise.ie/Fingal

 

Críoch

 

Tuilleadh eolais:

 

Le haghaidh ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le Oisín Geoghegan, Cathaoirleach an Líonra de 31 Oifig Fiontar Áitiúil agus an Ceannasaí Fiontraíochta i bhFine Gall:

T: 01 8900 800 nó 087 9884 081.

R: [email protected]

 

Tá grianghraif ar fáil ó SON Photographic Ltd (táille atáirgthe)

Teagmháil: Orla Murray

T:  353 87 9160674

R:  [email protected]