Housing Needs Assessment

Fógra faoin Measúnacht ar Thithíocht Sóisialta, 2025 

 

Tá Achoimre ar Mheasúnachtaí Tithíochta Sóisialta á hullmhú ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi láthair de réir alt 21 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009.  

Ceanglaíonn an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar gach Údarás Áitiúil an mheasúnacht sin a chomhlánú do gach duine a rinne iarratas ar thacaíocht tithíochta sóisialta.  

Is é cuspóir na Measúnachta a dhéanamh amach cén líon iomlán teaghlach atá cáilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta ar fud an chontae agus nach bhfuil a riachtanas tithíochta sóisialta á chomhlíonadh, chun tuiscint a fháil ar an ngá atá leis an tacaíocht sin.  

Tá an Chomhairle ag déanamh teagmháil le hiarratasóirí áirithe a rinne iarratas ar thacaíocht tithíochta sóisialta agus nach ndearnadh aon mheasúnacht orthu riamh nó nach ndearnadh athbhreithniú orthu ón 27 Meitheamh 2024 i leith chun a dheimhniú go dteastaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta uathu fós. Ní mór do gach iarratasóir a riachtanas a dheimhniú don Chomhairle tríd an measúnacht ar líne a chomhlánú ag an nasc thíos, nó is féidir leo leagan páipéir den fhoirm a chomhlánú agus a sheoladh ar ais. Beidh an tairseach ar líne ar fáil ón 22 Meán Fómhair 2025 ar aghaidh.  

 

https://www.fingal.ie/council/service/housing-needs-assessment

 

Foirm um Measúnacht ar Riachtanas Tithíochta  

 

Seolfar litir chuig iarratasóirí a rinne iarratas ar thacaíocht tithíochta sóisialta agus nach ndearnadh aon mheasúnacht orthu riamh nó nach ndearnadh athbhreithniú orthu ón 27 Meitheamh 2024 i leith chun a dheimhniú go dteastaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta uathu fós. 

Níl iarratasóirí ar aistriú, tionóntaí a fhaigheann an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta ná tionóntaí faoin Scéim Cóiríochta Cíosa ar áireamh sa mheasúnacht seo. 

Comhlánaigh do thuairisceán tráth nach déanaí ná an 20 Deireadh Fómhair 2025, le do thoil, chun a chinntiú go gcuirfear d’iarratas ar áireamh sa mheasúnacht seo. 

 

***Beidh foirmeacha cóipe crua ar fáil do na hiarratasóirí sin ar mian leo tuairisceán a dhéanamh i gcóip pháipéir. Is féidir le hiarratasóirí cabhair a fháil leis an bhfoirm ar líne a chomhlánú ó na hAonaid Cúraim Custaiméirí in oifigí na Comhairle.

Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí na Cathrach, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638  

Uaireanta Oscailte: 9.00am go dtí 5.00pm ó Luan go Déardaoin, 9.00am go dtí 4.30pm ar an Aoine 

  

Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2 

Uaireanta Oscailte: 9.00am go dtí 5.00pm ó Luan go Déardaoin, 9.00am go dtí 4.30pm ar an Aoine 

 

Déanfar measúnacht ar an bhfaisnéis ar fad a chuirfear faoi bhráid na Comhairle chun a chinntiú go mbíonn gá leanúnach ag gach iarratasóir le tacaíocht tithíochta sóisialta. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaí gach cuid den fhoirm ar líne a chomhlánú go hiomlán leis an bhfaisnéis iomchuí ar fad. 

Mura dteastaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta ó iarratasóir a thuilleadh, nó mura bhfuil sé/sí incháilithe a thuilleadh, dúnfar comhad an iarratasóra sin.  

 

Maidir le hiarratasóirí nach gcomhlánaíonn a Measúnacht ar Thithíocht Shóisialta, glacfar leis nach bhfuil spéis acu i dtacaíocht tithíochta sóisialta a thuilleadh nó nach dteastaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta uathu a thuilleadh, agus dúnfar a gcomhad. 

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall buíochas a ghabháil leat roimh ré as ucht do chomhair.  

 

Faisnéis bhreise  

*Tabhair uimhir teileafóin teagmhála agus seoladh ríomhphoist ar an bhfoirm measúnachta, le do thoil, ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat má theastaíonn uainn tuilleadh faisnéise a fháil uait. Déan cinnte de, le do thoil, go mbíonn uimhir teileafóin teagmhála reatha ag an oifig seo duit i gcónaí.  

*Ba cheart mionsonraí ioncaim a thabhairt i gcás gach duine atá i bhfostaíocht agus/nó atá ag fáil íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí, lena n-áirítear an Íocaíocht Teaghlaigh i bhFostaíocht, ar a dtugtaí an Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh roimhe seo.Ní mór gach cineál ioncaim, lena n-áirítear íocaíochtaí cothabhála, a chur ar áireamh ar an bhfoirm.  

*Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir leat limistéar roghnaithe amháin a roghnú más amhlaidh nach ann ach do limistéar amháin ar mhaith leat go dtabharfaí tithíocht duit ann (ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhféadfadh sé sin d’aga feithimh ar an liosta a fhadú). Is é trí limistéar an líon UASTA limistéar is féidir leat a roghnú. Má roghnaíonn tú trí limistéar, d’fhéadfaí tairiscint a thabhairt duit in aon cheann de na trí limistéar nuair a shroicheann tú barr an liosta. Dá bhrí sin, ba cheart duit do roghanna a bhreithniú go cúramach. Ní mór suíomh i limistéar feidhme Chomhairle Contae Fhine Gall a bheith i gceann de na limistéir a roghnaíonn tú.  

Is féidir mionsonraí faoi na doiciméid atá ag teastáil a fháil anseo: Doiciméid le haghaidh na Measúnachta ar Riachtanas Tithíochta | Comhairle Contae Fhine Gall