Fógra Tábhachtach – Smugairle Leonmhongach 07 Meán Fómhair 2021

Chuir baill den phobal in iúl don Chomhairle go bhfaca siad líon mór Smugairlí Leonmhongacha ar Thrá Dhomhnach Bat. Seo thíos pictiúirí a thóg siad ar Dé Domhnaigh 05/09/2021. Seans go mbeidh na smugarlí seo le feiceáil ar ár dtránna eile.

Lions mane

Chuir baill den phobal in iúl don Chomhairle go bhfaca siad líon mór Smugairlí Leonmhongacha ar Thrá Dhomhnach Bat. Seo thíos pictiúirí a thóg siad ar Dé Domhnaigh 05/09/2021. Seans go mbeidh na smugarlí seo le feiceáil ar ár dtránna eile. 2

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall a chur in iúl go mbeidh dálaí foirfe ann do smugairlí leonmhongacha ó lár mhí Lúnasa go dtí an dara seachtain i Meán Fómhair: beidh méadú suntasach ar líon na smugairlí seo ar ár dtránna agus inár n-uiscí.

 

Lions Mane

Sliocht as Cárta Aitheantais Smugairle:Speiceas 5:Smugairle Leonmhongach (Cyanea capillata): D’fhéafadh 2 mhéadar ar trastomhas a bheith sa chlog, ach is gnách go mbíonn siad i bhfad níos lú. Roinntear an chiumhais in 8 maothán agus in 8 mogall agus bíonn suas le 150 adharcán i ngach ceann. Tá na hadharcáin níos faide ná na lámha béil. D’fhéadfadh dath dúdhearg go dath buí a bheith ar na smugairlí seo. Aire! Tugann na smugairlí seo cealg throm.

Molann Comhairle Contae Fhine Gall do shnámhóirí  bheith san airdeall agus iad ar thránna ina bhféadfadh smugairle Leonmhongach a bheith ann. Tabhair do d’aire, fiú nuair atá siad marbh agus i dtír ar an gcladach, fanann an nimh ina n-adharcáin ar feadh cúpla lá. Toisc go bhfuil oiread sin adharcán fada ag sraoileadh san uisce, seans go bhfaighfeá ga, fiú má dhéanann tú iarracht gan snámh in aice leo. Agus má bhriseann cuid d’adharcáin na smugairlí leonmhongacha san uisce, d’fhéadfadh sé thú a chealgadh, fiú mura bhfuil na hadharcáin ceangailte leis an smugairle.

D’fhéadfá masmas a mhothú mar thoradh ar gha ó smugairle Leonmhongach mar aon le hallas, crampaí, tinneas cinn agus simptóim eile, agus ba chóir cóir leighis a lorg más cealg thromchúiseach atá i gceist.

Má thugann na gardaí tarrthála faoi deara go bhfuil líon mór de smugairlí leonmhongacha ann, d’fhéadfadh siad an bratach dhearg a ardú mar rabhadh gan dul ag snámh. Má fhaigheann tú ga ó smugairle ar thrá ina bhfuil gardaí tarrthála – téigh go dtí na gardaí tarrthála atá ar dualgas chun cúnamh a fháil.

Tabhair do d’aire, le do thoil, ós rud é go bhfuil deireadh tagtha leis an séasúr snámha, beidh gardaí tarrthála ar dualgas ar an Trá Mhín, Port Mearnóg (Bratach Ghorm) an deireadh seachtaine seo amháin.

Garchabhair chun cóir leighis a chur ar chealg ó smugairle:

  • Déan cinnte de nach bhfaigheann tú ga tú féin agus tú ag cuidiú le duine eile;
  • Bain úsáid as lámhainn, maide, nó túaille chun adharcáin atá ceangailte a bhaint (mura bhfuil aon cheann díobh seo ar fáil, bain úsáid as barr na méar);
  • Ná cuimil an áit ina bhfuil an chealg (seans go scaoilfear amach níos mó nimhe):
  • Struthlaigh an áit atá buailte le huisce sáile. Sa bhaile, is féidir leat sruthlú le huisce te;
  • Cuir ‘paca fuar tirim’ ar an áit (i.e. cuir paca fuar nó oighear i mála plaisteach agus clúdaigh le t-léine nó leball éagaidh eile é);
  • Faigh cóir leighis má tá sé ag cur as duit.

Cad nár chóir duit a dhéanamh:

  • Ná cuimil an áit ina bhfuil an chealg
  • Ná húsáid fionnuisce. Bain úsáid as uisce sáile;
  • Ná déan fual ar an gcealg;
  • Ná bain úsáid as fínéagar don saghas cealg a d’fhéadfadh tarlú in Éirinn;
  • Ná bain úsáid as alcól;
  • Ná cuir bindealán air atá teann.

 

Tá eolas ar fáil ó FSS anseo, lena n-áirítear nasc chuig an Cárta Aitheantais smugairle: https://www.hse.ie/eng/health/hl/water/bathing/jellyfish-in-irish-coastal-waters.html

Moltar do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí de pháistí beaga, aire a thabhairt dá bpáistí ag gach am.

Beidh eolas maidir le cáilíocht uisce le fáil ar chlár fógra na trá agus freisin ar beaches.ie

Ar mhaithe le do shábháilteacht, molaimid duit gan tumadh riamh faoi thionchar an óil.

Le haghaidh tuilleadh leideanna mar gheall ar shábháilteacht uisce, féach www.watersafety.ie

 

Lifeguard flags

Do not swim when the red flag is flying – Ná téigh ag snámh nuair atá an bhratach dhearg ardaithe

Swim in the life guard patrolled area – Snámh sa cheantar ina bhfuil gardaí tarrthála ar patról amháin

No Flag = No life guard on duty – Gan bratach = Níl aon gharda tarrthála ar dualgas