Fógra Fiuchadh Uisce eisithe ag Uisce Éireann d’Fhine Gall

Tá Fógra Fiuchadh Uisce eisithe do limistéar a ndéanann Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin soláthar air.

 

Boil Water Notice Area

Tá Fógra Fiuchadh Uisce eisithe do limistéar a ndéanann Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin soláthar air.

 

I ndiaidh dóibh dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá Fógra Fiuchadh Uisce eisithe ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall le sláinte custaiméirí a ndéanann Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin soláthar orthu a chosaint.

 

 Tá an GCC curtha ar an eolas faoi.

 

Tá an Fógra Fiuchadh Uisce eisithe le héifeacht láithreach don soláthar iomlán mar bheart réamhchúraim i ndiaidh fadhbanna a bheith sa phróiseas cóireála ag an Ionad Cóireála Uisce, fadhbanna a d’fhéadfadh cur isteach ar an phróiseas díghalraithe a chinntíonn go bhfuil sé sabháilte an t-uisce a ól.

 

Tá na fadhbanna réitithe anois, ach tá uisce ag gluaiseacht tríd an chóras agus is dá bharr sin atá an Fógra Fiuchadh Uisce á chur i bhfeidhm.

 

Baineann an Fogra Fiuchadh Uisce seo le thart ar 600,000 duine a ndéanann Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin soláthar orthu. Is iad seo a leanas na háiteanna atá i gceist: codanna d’Fhine Gall, limistéir i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, codanna de Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, codanna de Chill Dara agus de Dhún Búinne sa Mhí. Tá na mionsonraí ar fad sa léarscáil a ghabhann leis seo agus ag water.ie. Tá léarscáil níos mionsonraithe de na limistéir atá i gceist le fáil ag 

Wtr.ie/BWNLeixlipSupply 

Aithníonn Uisce Éireann an tionchar agus an mhíchaoithiúlacht atá ann do bhailte agus do ghnólachtaí de dheasca an Fhógra Fiuchadh Uisce seo.

 

Ba mhaith le hUisce Éireann a chur in iúl dár gcustaiméirí go bhfuil saineolaithe uisce óil agus oibríochta de chuid Uisce Éireann ag obair le comhghleacaithe i gComhairle Contae Fhine Gall leis an fhadhb seo a réiteach chomh luath géar agus is féidir.

 

Tá Uisce Éireann ag dul i dteagmháil le gach custaiméir leochaileach a dtéann an Fógra Fiuchadh Uisce seo i bhfeidhm orthu le comhairle a thabhairt dóibh.

Má tá ceisteanna ar bith ag custaiméirí faoin Fhógra Fiuchadh Uisce seo, ba cheart dóibh dul i dteagmháil go díreach le hUisce Éireann ar an líne chabhrach chúraim chustaimeirí.

Tá uasdátuithe ar fáil ar an roinn Water Supply Updates ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann, ar Twitter@ IWcare agus tríd an líne chabhrach chúraim chustaiméirí atá oscailte 24/7 ar 1850 278 278

.Is féidir tuilleadh eolais ar Fhograí Fiuchadh Uisce a fháil ar shuíomh greasáin Irish Waterhttps://www.water.ie/water-supply/water-quality/boil-water-notice/   

Comhairle faoi Fhógra Fiuchadh Uisce:

Is gá uisce a fhiuchadh sna cásanna seo a leanas:

  • Uisce a ól

 

  • Deochanna a dhéanamh le huisce

 

 

  • Sailéid agus bia dá leithéid a ullmhú nach ndéantar iad a chócaráil sula n-itear iad

 

  • Fiacla a scuabadh

 

 

  • Oighear a dhéanamh – déan ar shiúl le ciúbanna oighir i gcuisneoirí agus i reoiteoirí. Úsáid uisce fiuchta fuaraithe
  •  

Na gníomhartha ba cheart a dhéanamh:

 

  • Nuair a bhíonn bia nach ndéanfar a chócaráil á ullmhú (mar sh. sailéid a ní) úsáid uisce a ullmhaíodh le hól

 

  • Is féidir uisce a úsáid do shláinteachas pearsanta, d’fholcadh agus leis an leithreas a shruthlú ach ní féidir é a úsaid le fiacla a scuabadh ná d’fholcadh béil

 

  • Déan uisce a fhiuchadh trí é a chur ar fiuchadh go bríomhar ar feadh tamaill (mar sh. le citeal uathoibritheach) agus lig dó fuarú.  Clúdaigh é agus fág i gcuisneoir nó in áit fhuar é. Níl sé sábháilte uisce ón sconna te a ól. Ní leor scagairí uisce baile leis an uisce a dhéanamh sábháilte le hól

 

  • Is gá a bheith cúramach nuair a bhíonn folcadh á thabhairt do pháistí  lena chinntiú nach slogann siad siar an t-uisce folctha

 

  • Úsáid uisce a fiuchadh uair amháin agus a fuaradh le bia a ullmhú do naíonáin. Ná húsáid uisce a athfhiuchadh roinnt uaireanta. Má úsáidtear uisce ó bhuidéal le bia a ullmhú do naíonáin, ba cheart é a fhiuchadh uair amháin agus a fhuarú. Má tá tú ag úsáid uisce ó bhuidéal le bia do naíonán a ullmhú, cuimhnigh go mb’fhéidir go mbeadh leibhéal ard sóidiam i gcineálacha áirithe uisce mianraí nádúrtha.

 

 

 

Is é 200 mg an teorainn dhlíthiúil sóidiam in uisce óil. Seiceáil an lipéad ar an bhuidéal uisce lena chinntiú nach bhfuil an sóidiam nó ‘Na’ níos airde ná 200mg sa lítear. Má tá, moltar buidéal uisce de chineál eile a úsáid. Mura bhfuil uisce de chineál ar bith eile ar fáil, úsáid an t-uisce seo ar feadh a laghad ama agus is féidir. Tá sé tábhachtach linbh a choinneáil hiodráitithe.

 

 

  • Is gá a bheith an-chúramach le huisce fiuchta le dó nó scalladh a sheachaint mar tarlaíonn timpistí go furasta, go háirithe i gcás páistí.

 

Deireadh

Le haghaidh ceisteanna meáin chumarsáide, téigh i dteagmháil le:

[email protected] /078%20145%208896"> [email protected] /078 145 8896

Leathanach gréasáin Fógra Fiuchadh Uisce: : https://www.water.ie/water-supply/water-quality/boil-water-notice/

Físeán ar uisce a úsáid le linn Fógra Fiuchadh Uisce: https://youtu.be/7rvA63Cwaic