Feachtas Sábháilteachta Cuadrothar agus Rothar Streachailte Seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall

Tá feachtas feasachta poiblí seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall, ag díriú ar na contúirtí do leanaí a bhaineann le Cuadrothair agus le Rothar Streachailte. Tacaíonn an feachtas fógraí pictiúrlainne leis an tionscnamh seolta le déanaí ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ag an nGarda Síochána, agus taispeánfar é i bpictiúrlanna ar fud Fhine Gall. 

Scramblers and Quads Safety image

Tá feachtas feasachta poiblí seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall, ag díriú ar na contúirtí do leanaí a bhaineann le Cuadrothair agus le Rothar Streachailte. Tacaíonn an feachtas fógraí pictiúrlainne leis an tionscnamh seolta le déanaí ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ag an nGarda Síochána. Tugtar cur síos sa bhfógra ar an timpeallacht cheart agus ar an aire is ceart a thabhairt agus na feithiclí seo á dtiomáint, agus taispeánfar é i bpictiúrlanna ar fud Fhine Gall. 

Tacaíonn An Garda Síochána agus Motor Cycling Ireland go mór leis an bhfeachtas. Taispeánfar an fógra i bPictiúrlanna i mBaile Bhlainséir, i Sord agus i mBaile Brigín ar feadh trí seachtaine ón 27 Nollaig agus tá sé mar aidhm aige an tionchar is mó a imirt i rith na tréimhse is mó freastal ar phictiúrlanna agus cuirfear chun cinn é freisin ar Chainéil Mheán Sóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall. 

Mura bhfuil an rothar cláraithe, cáin agus árachas íoctha air agus mura bhfuil sé ag teacht leis an gcaighdeán, tá sé mídhleathach é a úsáid ar an mbóthar poiblí. Tá sé mídhleathach na rothair seo a úsáid i bpáirceanna poiblí agus i spásanna oscailte. Le blianta beaga anuas tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcuadrothar agus na rothar streachailte atá á n-úsáid ar bhealach míchuí i mbailte agus i gcathracha uirbeacha. Is cúis mhéadaithe imní í úsáid na rothar seo ar bhóithre poiblí, i bpáirceanna agus i spásanna oscailte agus mothaíonn pobail imní agus neamhshábháilte nuair a úsáidtear na rothair seo. 

Dar le Méara Fhine Gall An Comh. Eoghan O'Brien: “Is feachtas sábháilteachta an-tábhachtach é seo agus tacaím go mór leis. Is am pléisiúrtha do theaghlaigh í an Nollaig agus níl aon duine ag iarraidh í a bheith scriosta ag drochghortú mar gheall ar úsáid neamhshábháilte na gcuadrothar nó na rothar streachailte seo.” 

Dúirt an tUasal David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí don Roinn Oibríochtaí i gComhairle Contae Fhine Gall: “Ní mór do thuismitheoirí a bheith eolach ar iarmhairtí marfacha na gcuadrothar nó na rothar streachailte mura dtiomáintear iad ar an mbealach ceart. Is í ár bpríomhthosaíocht sábháilteacht úsáideoirí na gcuadrothar agus na rothar streachailte a chinntiú. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair go dlúth leis an nGarda Síochána chun dul i ngleic le hiompar frithshóisialta a eascraíonn as úsáid na bhfeithiclí seo.” 

Mhol Sean Bissett ,Uachtarán Motorcycling Ireland, do rothaithe óga na hacmhainní atá ar fáil dóibh trí MCI a úsáid.

Dúirt sé: “Tá clubanna cleamhnaithe ar fud na hÉireann ar féidir leo treoir agus comhairle a thabhairt d'fhoghlaimeoirí. Tá na hacmhainní ann do dhaoine chun an spórt seo  a fhoghlaim ar bhealach sábháilte agus freagrach agus molaimid do gach duine dul i dteagmháil leis an gclub áitiúil agus foghlaim conas páirt a ghlacadh i gceart sa spórt seo. ”

Féach ar an fhógra ar You Tube