Éacht iontach bainte amach ag Baile Slachtmhara Shoird sna Gradaim Mórtas Ceantair

D’éirigh thar cionn le Bailte Slachtmhara Shoird a rinne ionadaíocht ar Fhine Gall ag Gradaim Mórtas Ceantair IPB a fógraíodh tráthnóna Dé Sathairn.

Swords tidy towns

D’éirigh thar cionn le Bailte Slachtmhara Shoird a rinne ionadaíocht ar Fhine Gall ag Gradaim Mórtas Ceantair IPB a fógraíodh tráthnóna Dé Sathairn. D'óstáil Marty Morrissey an Searmanas Bronnta Fíorúil ina raibh teachtaireacht ón Uachtarán Mícheál D Ó hUigínn do na grúpaí pobail. Cé nach raibh siad in ann a bheith i láthair ag an searmanas bronnta mar a tharlaíonn de ghnáth, níor chiallaigh sé sin nach raibh sceitimíní ar Bhailte Slachtmhara Shoird nuair a fógraíodh an toradh.

D'éirigh le Bailte Slachtmhara Shoird an dara háit a bhaint amach sa chatagóir do dhaonra os cionn 5000. Is é an grúpa áitiúil dícheallach seo saol agus anam Shoird agus d’oibrigh siad go crua chun rudaí a choinneáil ag imeacht ar feadh na míonna dianghlasála ba mheasa. Ghlac an grúpa páirt i nglao zoom leis an mbeirt bhreitheamh i mí Lúnasa áit ar léirigh siad an sár-obair a bhí ar siúl acu sa bhaile.

Is comórtas uile-oileáin é Mórtas Ceantair a aithníonn feabhsuithe a dhéanann pobail áitiúla chun mórtas cathartha a chruthú ina gceantar féin. Is é fócas an chomórtais ná daoine ag teacht le chéile chun gach a bhfuil go maith faoina gceantar a mhúnlú, a athrú agus taitneamh a bhaint as. Anois ina 18ú bliain, eagraíonn Co-operation Ireland an comórtas agus tá sé oscailte do gach údarás áitiúil thuaidh agus theas grúpaí a ainmniú chun ionadaíocht a dhéanamh dá gcontae agus tá sé anois ar cheann de na gradaim phobail is cáiliúla in Éirinn.  

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Bailte Slachtmhara Shoird  as an éacht iontach atá bainte amach acu sna Gradaim. Aithníonn an dámhachtain Mórtas Ceantair seo an tionchar dearfach suntasach atá ag a dtiomantas agus a gcuid oibre dá bpobal áitiúil, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall, go háirithe i mbliain mar 2020 le dúshláin phaindéim Covid 19."

Mhol Margaret Geraghty Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail an éacht ag rá: “Comhghairdeas mór le Coiste Bailte Slachtmhara Shoird ar an ngradam seo agus comhghairdeas le foireann Forbartha Pobail Fhine Gall as a gcuid oibre leanúnaí le grúpaí pobail agus áitritheoirí as pobail a chothú ar féidir le daoine a bheith sásta agus bródúil astu."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Is mór againn i gComhairle Contae Fhine Gall an obair a dhéanann Bailte Slachtmhara Shoird agus tá an Gradam Mórtas Ceantair tuillte go maith acu. Tá an méid a dhéanann Coistí Bailte Slachtmhara cosúil leo agus Grúpaí Pobail eile i bhFine Gall thar a bheith luachmhar mar a leanann siad ag obair as láimh a chéile le go mbeidh Fine Gall ina áit iontach chun cónaí inti nó cuairt a thabhairt uirthi. Ba mhaith liom moladh a thabhairt freisin do na hainmnithe eile i bhFine Gall, Cumann Fálta Sceach Bhaile Bachaille agus Aoisbhá na Sceirí, as a gcuid oibre iontach sa phobal."

Féadfaidh tú féachaint ar an searmanas ar líne agus liosta iomlán na mbuaiteoirí a fháil ar Láithreán Gréasáin Mórtas Ceantair www.Prideofplace.ie