D’éirigh le Comhairle Contae Fhine Gall maoiniú a fháil do dhá thionscadal ó Chiste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2020

Digital Innovation talk at County Hall

Bronnadh €35,000 san iomlán ar Chomhairle Contae Fhine Gall faoi Chiste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí, a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le nuálaíocht ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí chun comhoibriú agus cuir chuige feabhsaithe i leith seachadadh seirbhíse a chur chun cinn.

D’éirigh le dhá thionscadal de chuid Fhine Gall Digiteach ina n-iarratais - Samhail Réaltacht Fhíorúil 3D chun Rannpháirtíocht Saoránach a Fheabhsú agus Seomra Rialaithe Tráchta Cliste a Thógáil agus Binse Tástála Braiteoirí IoT le haghaidh Plódú Tráchta.

Bronnadh thart ar €20,000 chun samhail Réaltacht Fhíorúil 3D a fhorbairt chun rannpháirtíocht saoránach i mBaile Brigín a fheabhsú. Is é an moladh ná Samhail Réaltacht Fhíorúil (VR) 3D a chruthú a bheidh lonnaithe sa Mhol nua Our Balbriggan chun nasc a dhéanamh le cónaitheoirí, seirbhísí poiblí agus gnó ar bhealach bríoch.

Beidh an Mol atá suite i gCearnóg Sheoirse, i lár an bhaile mar chuid lárnach don phlean athnuachana baile Our Balbriggan 2019 - 2025 a foilsíodh le déanaí agus is ann a bheidh foireann Our Balbriggan lonnaithe. Cuirfidh teicneolaíocht VR ar chumas na gcomhaltaí foirne teagmháil bhreise a dhéanamh leis na saoránaigh agus cabhrú leo a shamhlú conas a bhforbrófar a mbaile.

Beidh an tionscadal seo faoi stiúir na Roinne Eacnamaíochta, Fiontair agus Turasóireachta, le tacaíocht ó Fhoireann Dhigiteach Fhine Gall.

Tá €15,000 eile daingnithe chun tionscadal cliste píolótach a fhorbairt. Rachaidh an maoiniú i dtreo réitigh tráchta chliste a fhorbairt agus braiteoirí IoT a thriail i limistéar píolótach Bhaile Átha Cliath 15, i gcomhpháirtíocht le ESB Innovation. Cuirfidh sé seo ar chumas Chomhairle Contae Fhine Gall sonraí fíor-ama a úsáid chun sruthanna tráchta a fheabhsú, brú tráchta a laghdú agus monatóireacht a dhéanamh ar shonraí tráchta agus comhshaoil.

Beidh an tionscadal seo faoi stiúir Roinn Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall, le tacaíocht ó fhoireann Fhine Gall Digiteach.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. David Healy: “Is é príomhsprioc na Comhairle gach cineál teicneolaíochta a úsáid chun teagmháil níos fearr a dhéanamh le cónaitheoirí agus a saol a fheabhsú. Ligfidh an maoiniú a fuarthas dúinn é seo a dhéanamh trí chaidreamh níos fearr a bhunú lenár bpobail agus éifeachtúlacht an bhonneagair sa chontae a fheabhsú chun leasa ár gcónaitheoirí."

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall i gcónaí ag iarraidh a bheith nuálach agus an teicneolaíocht is déanaí a úsáid sna seirbhísí a soláthraímid dár bpobail. Cuirfidh an maoiniú a gheofar ó Chiste Nuálaíochta na hEarnála Poiblí ar chumas fhoireann Fhine Gall Digiteach, in éineacht le foireann Our Balbriggan, teagmháil níos fearr a dhéanamh lenár gcónaitheoirí i mBaile Brigín chomh maith le teicneolaíocht a úsáid chun eispéireas bóthair ár gcónaitheoirí a fheabhsú. Leanfaimid orainn ag infheistiú i dteicneolaíocht nua ionas go mbeimid cothrom le dáta chun seirbhísí den scoth a sholáthar dár gcónaitheoirí."