Dea-scéala mar ionad áitiúil i mBaile an Hartaigh le glacadh ceannas ag Fhine Gall

Hartstown Community Centre in Dublin 15

Mar thoradh ar phlé leanúnach idir Comhairle Contae Fhine Gall, Paróiste Naomh Ciarán agus Bord Bainistíochta Ionad Pobail Bhaile an Hartaigh faoi thodhchaí na háise áitiúla a mbaintear úsáid mhór astu, tá comhaontú ann a chiallaíonn go mbeidh Fine Gall ina n-úinéirí nua ar an ionad agus ar an talamh mórthimpeall.

Mar chuid den aistriú, tá sé beartaithe ag Fine Gall oibreacha suntasacha deisiúcháin agus feabhais a dhéanamh ar an ionad, áit a mbaineann go leor grúpaí pobail agus deonacha úsáid aisti go seachtainiúil le haghaidh cruinnithe agus gníomhaíochtaí chun tacú leis an gceantar áitiúil. Cuirfidh an Chomhairle tacaíocht ar fáil don ionad freisin trí fhoireann Forbartha Pobail na Comhairle chun a chinntiú go mbeidh sé in ann leanúint leis an dea-obair a dhéanann sé ar fhor-rochtain pobail agus tacú le haon seirbhísí tacaíochta amach anseo.

 Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Is dea-scéal é seo do mhuintir Bhaile an Hartaigh, mar go mbeidh athchóiriú suntasach á dhéanamh ar an ionad a chuirfidh lena ról laistigh den phobal agus a ligfidh dó leanúint ar aghaidh mar áis ardluachmhar i mBaile Átha Cliath 15.”

 Dúirt Robert Burns, Stiúrthóir Forbartha Pobail ag Comhairle Contae Fhine Gall: “Táimid ag obair go dlúth le St Ciaran’s Parish lena chinntiú gur féidir leis an ionad pobail fanacht i gcroílár na gníomhaíochta poiblí i mBaile an Hartaigh. Tá an cinneadh seo déanta chun iarracht a dhéanamh na hoibríochtaí agus na seirbhísí pobail atá ag feidhmiú anseo faoi láthair a chosaint agus a chothabháil, chomh maith le cinnteacht a thabhairt do mhuintir Bhaile an Hartaigh.”

 Tógtha sna 1990idí, baintear úsáid mhór as Ionad Pobail Bhaile an Hartaigh, lena n-áirítear grúpaí iarscoile, oícheanta biongó, clubanna karate agus le haghaidh súgartha réamhscoile. Bhí roinnt dúshlán os a chomhair le blianta fada, áfach, ach a bhuí leis an bhfoireann dheonach thiomanta atá i bhfeidhm tá sé in ann a dhoirse a choinneáil ar oscailt agus ionad a sholáthar don phobal áitiúil le bailiú agus páirt a ghlacadh i raon leathan imeachtaí agus tionscnaimh thar gach aoisghrúpa.

 Dúirt an tAthair Joe Coyne, sagart paróiste St Ciaran: “Fáiltím roimh aistriú úinéireachta Ionad Pobail Bhaile an Hartaigh go Comhairle Contae Fhine Gall. Aithníodh an gá atá le hionad pobail do Bhaile an Hartaigh ó thús St Ciaran’s Parish. Tógadh an t-ionad pobail os comhair an tséipéil agus bhí ról tábhachtach ag an bpobal i gcónaí, ar a bhfreastalaíonn coiste bainistíochta áitiúil. Roinneann an séipéal, Scoil Náisiúnta St Ciaran agus an t-ionad pobail an carrchlós agus comhoibríonn siad ar mhaithe leis an bpobal.

 “Leanfaidh Parish of St Ciaran agus an t-ionad pobail mar cairde le freastal ar riachtanais phobail an-mheasctha. Cuirfidh an t-aistriú leis an obair agus leis an raon seirbhísí a chuireann an coiste bainistíochta beag dícheallach ar fáil. Táim ag tnúth le hIonad Pobail Bhaile an Hartaigh níos bríomhaire fós.”

 Táthar ag súil go gcríochnófar an t-aistriú ó St Ciaran’s Parish go Comhairle Contae Fhine Gall laistigh d’achar ama réasúnta gearr.