Cuireann an Chomhairle tús le hoibreacha cosanta cósta éigeandála i bPort Reachrann  

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ar tí oibreacha éigeandála a dhéanamh i bPort Reachrann lena n-áirítear oibreacha cosanta ag Bóthar na Cé agus athlonnú Seabees ag Trá an Choinicéir.

Tá na hoibreacha riachtanach tar éis creimeadh cósta tromchúiseach a tharla le déanaí de bharr gaotha fórsa stoirme agus borradh láidir taoide i rith an tsamhraidh agus baint agus athlonnú na seabees le déanaí.

Mhol saineolaithe innealtóireachta go leathnófaí an chosaint armúr  carraige atá ann cheana faoi thart ar 50 méadar feadh Bhóthar na Cé chun an ceantar a chosaint trí gheimhreadh 2020/21.

Déanfar scrúdú ar sheirbhísí agus ar choinníollacha talún timpeall na leithreas a luaithe a bheidh na hoibreacha armúr carraige críochnaithe chun a fháil amach an bhfuil aon oibreacha cosanta breise ag teastáil san áit sin.

Tar éis armúr carraige a chríochnú, tá sé beartaithe na leithris atá ann a scrios agus a bhaint. Táthar ag súil go gcuirfear isteach leithris phoiblí shealadacha i rith mhí na Samhna.

Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall 70 seabees a athlonnú a aistríodh le déanaí gan cead ag déanamh damáiste don chóras duimhche ag Lána na Trá. Tar éis d’innealtóirí saineolaithe athbhreithniú a dhéanamh, tá sé beartaithe ag an gComhairle na Seabees seo a chur san áit is fearr sa chóras cosanta farraige chun leanúint ar aghaidh ag laghdú agus ag moilliú creimeadh cósta. Mar bheart eatramhach, suiteáladh 1 ciliméadar d’aonaid choincréite Seabee sa suíomh is fearr i ndá áit feadh Trá an Choinicéir. Dearadh na Seabees seo chun creimeadh cósta a laghdú agus a mhoilliú agus cuireadh isteach iad go dtí go gcuirfear réiteach fadtéarmach indéanta agus éifeachtach i bhfeidhm.

Tá na hoibreacha feabhais a bhfuil cuntas orthu thuas le déanamh faoi fhorálacha Acht na mBóithre agus tógfaidh siad timpeall trí seachtaine.

I mí Lúnasa, rinne gaotha fórsa stoirme agus borradh láidir taoide a bhain le Stoirm Ellen agus Stoirm Francis damáiste don talamh timpeall ar na leithris as úsáid agus an bhunchloch ar a raibh séadchomhartha comórtha RMS Tayleur go dtí gur aistríodh é tamall ó shin go dtí suíomh níos sábháilte.

Le linn na seisiún comhairliúcháin poiblí ar líne don Phlean Bainistíochta Tuilte Cósta agus Creimeadh d’Inbhear Bhaile Roiséir an mhí seo caite, chuir cónaitheoirí imní faoin saincheist creimthe ag Bóthar na Cé in iúl. 

Tá fadhbanna tromchúiseacha creimeadh cósta tagtha chun cinn timpeall ar Inbhear Bhaile Roiséir le blianta beaga anuas agus tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhar le gníomhaireachtaí stáit ábhartha, lena n-áirítear Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF), chun scrúdú a dhéanamh ar na roghanna atá ar fáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb chasta a bhaineann le tuilte cósta agus creimeadh i bPort Reachrann agus An Ros.  

Tá plean ullmhaithe ag innealtóirí saineolaithe a thugann breac-chuntas ar na roghanna chun aghaidh a thabhairt ar Bhainistíocht Riosca Tuilte Cósta in Inbhear Bhaile Roiséir mar fhreagairt ar na hábhair imní shuntasacha maidir le creimeadh cósta agus tuilte cósta i Leithinis an Choinicéir, Port Reachrann agus i gcuid de na ceantair chósta timpeall an Rois.   

Nóta don Eagarthóir

I 2016, bhunaigh Comhairle Contae Fhine Gall An Grúpa Idirchaidrimh Chósta Fhine Gall mar fhreagairt ar na hábhair imní leanúnacha maidir le Creimeadh Cósta agus Tuilte Cósta i bhFine Gall agus chun freastal ar an ngá le freagairt struchtúrtha chomhleanúnach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní seo agus cumarsáid idir páirtithe leasmhara ábhartha a fheabhsú. Soláthraíonn an Grúpa fóram chun plé a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige maidir le fadhbanna Creimeadh agus Tuilte Cósta a phleanáil agus déileáil leo agus tá sé comhdhéanta de Chomhairleoirí Contae, Oifigigh Comhairle agus baill pobail ó gach ceann de na ceantair atá buailte i bhFine Gall. Is iadsan An Ros (Trá Thuaidh agus Trá Theas), Port Reachrann agus Cill Fhionntain.

Is fadhb dheacair í tuilte agus creimeadh cósta feadh Bhaile Roiséir, atá ina limistéar íogair ó thaobh an chomhshaoil de agus Limistéar Speisialta Caomhnaithe, le réiteach. Tá an córas cósta timpeall ar Inbhear Bhaile Roiséir casta mar gheall ar an difríocht mhór idir taoidí arda agus ísle agus an damáiste a d’fhéadfadh tonnta, a thagann ó uillinneacha éagsúla, a dhéanamh. Méadaíodh an bhagairt seo go suntasach le blianta beaga anuas de bharr líon na stoirmeacha móra a tharla i gcomhthráth le leibhéil arda uisce taoide os cionn ceithre mhéadar.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhar leis na gníomhaireachtaí stáit ábhartha, lena n-áirítear Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF), ar an saincheist seo leis na hinnealtóirí speisialaithe ó RPS.

Bhunaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD, Grúpa Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta maidir le Bainistíocht um Athrú Cósta le déanaí ar cuireadh de chúram air straitéis um athrú cósta comhtháite, iomlán an Rialtais, a fhorbairt agus tá sé le tuairisc a thabhairt don Rialtas laistigh de shé mhí ó bunaíodh é le torthaí agus moltaí tosaigh.

Is féidir Plean Bainistíochta Riosca Tuilte agus Creimeadh Cósta Bhaile Roiséir a fheiceáil ag https://consult.fingal.ie/en/consultation/coastal-defence-proposals-portrane-rush