Conarthaí Sínithe i leith Chláir Nua umChuimsiú Sóisialta agus um Ghníomhaíocht an PhobailL

Tá Coiste Forbairt na bPobal Áitiúil Fhine Gall (CFPÁ) i ndiaidh conarthaí a shíniu le Empower Local Development CLG chun an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) a sheachadadh don tréimhse 2024-2028 tar éis próiseas tairisceana iomaíoch.

LCDC SICAP contract signing with Empower 2024

Tá Coiste Forbairt na bPobal Áitiúil Fhine Gall (CFPÁ) i ndiaidh conarthaí a shíniu le Empower Local Development CLG chun an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) a sheachadadh don tréimhse 2024-2028 tar éis próiseas tairisceana iomaíoch.

Séard ata i SICAP ná clár um  chuimsiú sóisialta atá dírithe orthu siúd is imeallaithe i bpobal na hÉireann. Tá sé mar aidhm aige dul i ngleic leis an  mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta trí chur chuige ata bunaithe ar fhorbairt an phobail, trí rannpháirtíocht áitiúil, agus trí dhaoine aonair faoi mhíbhuntáiste ag dul i gcomhar le heagraíochtaí an phobail agus le gníomhaireachtaí na hearnála poiblí agus feidhmíonn sé ar fud Phoblacht na hÉireann. Tá clár SICAP á riar ag Pobal, á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa agus á bhainistiú ag an leibhéal áitiúil ag an CFPÁ.

Leanfaidh SICAP 2024 – 2028 ar aghaidh ag cur leis an ollobair a rinneadh i bhFine Gall faoin gclár SICAP roimhe seo idir na blianta 2018 – 2023 agus arna chur ar fáil freisin ag Empower Local Development CLG.

Agus fáilte á chur aige roimh an síniú, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, “Tá an Clár SICAP thar a bheith tábhachtach chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh i measc iad siúd ar an lagchuidiú is measa inár bpobail. Cuirim fáilte roimh Empower Local Development CLG a cheapadh chun an mórchlár seo a sheachadadh thar an gcúig bhliain amach romhainn”.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall “Is mór an t-áthas a chuireann sé orm nuair a fheicim go mbeidh Empower Local Development CLG, eagraíocht thar a bheith cumasach le sáreolas na háite agus le foireann dhíograsach aici,  ag cur SICAP 2024-2028 i bhfeidhm do Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá an cumas acu i leith clár uaillmhianach mar seo a sheachadadh le feiceáil san fhianaise acu go dtí seo maidir le seachadadh seirbhísí áitiúla."

Arsa Laurence Ward, Cathaoirleach CFPÁ Fhine Gall, “Tá caidreamh oibre den scoth ag Comhairle Contae Fhine Gall le Empower Local Development CLG agus táim ag tnúth le tuilleadh comhoibrithe idir CFPÁ Fhine Gall agus CLG Empower Local Development thar shaolré an chláir seo”.

Lean an Comhairleoir Kieran Dennison, an Cathaoirleach ar aghaidh le cur síos a thabhairt faoin gcaoi a bhfuil “Empower geallta fós do riachtanais iad siúd ar an lagchuidiú is measa i bhFine Gall a bhaint amach agus tá lán-mhuinín agam go leanfaimid ar aghaidh ag cur tacaíochtaí nuálaíocha ar ardchaighdeáin ar fáil faoi SICAP”.

LCDC SICAP contract signing with Empower 2024