Comhairliúchán Poiblí ar Thorann Aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath tugtha chun críche

Image shows closed notice on consultation portal homepage for ANCA

Ar an 18ú Nollaig 2020, chuir údarás aerfoirt Aerfort Bhaile Átha Cliath (daa) iarratas pleanála faoi bhráid Údarás Pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh leasú a dhéanamh ar choinníollacha pleanála roimh ré a bhaineann le gníomhaíocht aerárthaigh oíche san aerfort. Baineann an t-iarratas le húsáid oíche ar an rúidbhealach nua comhthreomhar ó thuaidh agus athruithe ar ghluaiseachtáí ceadaithe aerárthaí oíche trasna an aerfoirt ar fad. Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaigh (ANCA) chun measúnú a dhéanamh ar thionchar torainn an aerárthaigh mar a cuireadh i láthair é. 

Tar éis an mheasúnaithe a rinne siad, i mí na Samhna 2021 d'fhoilsigh ANCA dréacht-tograí chun torann aerárthaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a bhainistiú. Tugadh cuireadh don phobal agus do na páirtithe leasmhara go léir na moltaí seo a léamh agus freagairt a thabhairt dóibh thar thréimhse roinnt mí. Le linn na tréimhse seo reáchtáladh roinnt seiminéar gréasáin eolais ar líne, rud a thug deis don phobal ceisteanna a chur ar an bhfoireann, agus d'éascaigh foireann ANCA cruinnithe duine le duine le cónaitheoirí agus páirithe leasmhara ag Áras an Chontae, Sord. 

Baineadh úsáid freisin as fógraíocht nuachtáin agus meáin shóisialta chun an comhairliúchán agus na seimineáir ghréasáin ghaolmhara a chur chun cinn don phobal i gcoitinne.

Tá an comhairliúchán poiblí dúnta anois d'aighneachtaí. Fuarthas breis is 1,300 aighneacht tríd an bpost, trí ríomhphoist agus an tairseach comhairliúcháin ar líne. Tá na haighneachtaí seo á n-athbhreithniú faoi láthair ag an Údarás Inniúil um Thorann Aerárthaigh agus beidh siad ar fáil ar an Tairseach comhairliúcháin phoiblí, consult.fingal.ie, sna laethanta amach romhainn. Tá go leor aighneachtaí ar fáil cheana féin le féachaint orthu ag an suíomh seo. 

Deir Stiúrthóir an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaigh, Ethna Felten, gur ábhar dóchais di an leibhéal ard rannpháirtíochta poiblí leis an gcomhairliúchán. ‘Tréimhhse ghnóthach a bhí sna 4 mhí seo atá imithe thart dár bhfoireann agus sinn i dteagmháil le cónaitheoirí, gnóanna, grúpaí pobail agus eagraíochtaí ar spéis leo an chaoi a dhéantar torann aerárthaigh a bhainistiú ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus timpeall air. Tá an-áthas orainn líon chomh ard aighneachtaí a bheith faighte againn maidir lenár dtograí agus táimid ag obair trí mhionsonraí gach aighneachta anois. Déanaimid é seo ionas gur féidir linn cúiseanna imní an phobail a thuiscint agus féachaint conas iad seo a chothromú le forbairt inbhuanaithe Aerfort Bhaile Átha Cliath. Déanaimid ár ndícheall cur chuige cothromaithe a ghlacadh i gcónaí agus is dóigh linn go bhfuil ionchur an phobail an-tábhachtach sa phróiseas seo.’

Anois agus an chéim chomhairliúcháin tugtha chun críche, breithneoidh ANCA gach aighneacht / tuairim a gheofar sula ndéanfar cinneadh rialála. Seolfar cóip den gcinneadh rialála chuig gach duine a rinne aighneacht agus foilseofar é chomh maith ag www.fingal.ie/aircraftnoiseca