Coimisiún Ealaíne Poiblí Nua in Na Bruacha, Baile Brigín

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil críoch curtha le saothar ealaíne poiblí nua do Bhaile Brigín. Is é an t-ealaíontóir de bhunadh Fhine Gall, Sean Molloy atá freagrach as an saothar dar teideal “The Banks” atá suite ag suíomh feiceálach cósta sa bhaile den ainm céanna.

Caroline Cowley Mayor Seána Ó Rodaigh Artist Seán Molloy and Rory O'Byrne

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil críoch curtha le saothar ealaíne poiblí nua do Bhaile Brigín. Is é an t-ealaíontóir de bhunadh Fhine Gall, Sean Molloy atá freagrach as an saothar dar teideal “The Banks” atá suite ag suíomh feiceálach cósta sa bhaile den ainm céanna. Is toradh é an saothar seo ar chomhoibriú le Iarnród Éireann, Baile Brigín agus foireann Ár mBaile Brigín. Is cuid de na tionscnaimh éagsúla atá ar bun faoi láthair é an tionscadal seo a léiríonn conas is féidir le healaín agus le healaíontóirí ár spásanna poiblí a thabhairt chun beochta agus a cheiliúradh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh faoin saothar ealaíne nua, “Is mian liom ardmholadh a thabhairt do na comhpháirtíochtaí agus deiseanna iontacha a chuireann ar ár gcumas aird a thabhairt ar shaothar ealaíontóirí áitiúla inár mbailte agus sráidbhailte agus is fianaise atá ann freisin ar an meas atá againn i bhFine Gall ar na healaíona agus is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le Suirbhéir Tógála Iarnród Éireann, Joy Murray, agus a Foireann Chothabhála as an obair iontach a rinne siad chun an saothar seo a shuiteáil ag an suíomh speisialta seo.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Joy Murray: “Cúis áthais d’Iarnród Éireann tacú leis an tionscadal Ealaíne seo i gcomhpháirt le Comhairle Contae Fhine Gall, tionscadal a bhfuil cuma níos fearr curtha ar bhalla Chlaífort an Stáisiúin air dá bharr, tionscadal a mbainfidh an Pobal iomlán tairbhe as”.

 

Irish Rail Team installing Sean Molloy Artwork

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stiúrthóir na Roinne Fiontair Gheilleagraigh, Turasóireachta & Forbartha Cultúrtha, Emer O’Gorman, faoin tionscadal, “Tá dul chun cinn á dhéanamh i ndáil le hathbheochan Bhaile Brigín agus tá garspriocanna sofheicthe den dul chun cinn sin le tabhairt faoi deara mar is léir ón gclár oibre reatha agus a thiomantas ceiliúradh a dhéanamh ar gach rud atá ar fáil sa bhaile don phobal agus do chuairteoirí araon agus tá ról lárnach ag ealaín san athbheochan seo.”

Coimisiúnaíodh Sean Molloy trí chlár Bonneagair Comhairle Contae Fhine Gall, faoin snáithe Foirgnimh agus Spásanna Poiblí, agus bhí an méid seo a leanas le rá ag Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaín Phoiblí na Comhairle faoin gcoimisiún, “Ní bhíonn mórán deiseanna ag péintéirí smaoineamh ar shaothair mhóra agus thug an oifig ealaíon faoi deara go raibh deis ann díriú air seo trí phictiúr den tírdhreach a choimisiúnú atá cruthaithe mar eagrán saincheaptha ar féidir é a thaispeáint amuigh faoin aer agus ar bhonn níos fadtéarmaí beidh an saothar ealaíne álainn nua agus síoraí seo againn de Bhaile Brigín fad is a bheidh go leor athruithe dearfacha ag tarlú san áit”.

Sean Molloy with Banks Artwork image of lighthouse boats and sea

Tá saothar Sean Molloy bunaithe ar phictiúir a bhaineann le seánra na bpictiúr Ollannach agus Sasanach a rinneadh sa 17ú agus 19ú haois. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sean faoin bpróiseas: “Tá an pictiúr bunaidh 5 x 8 troigh agus thóg sé thart ar 18 mhí an pictiúr a chríochnú. Thagair mé do phéintéireachtaí muirí a rinne na máistrí Ollannacha sa 17ú haois agus do shaothar níos déanaí a rinne ealaíontóirí sa 19ú haois freisin. Nuair a bhí mé ag obair ar an bpictiúr, theastaigh uaim eispéireas tumthach a chruthú don duine a bheadh ag breathnú air, ionas go sílfeadh an duine sin go raibh sé ina sheasamh ar an gclaífort féir ag breathnú amach ar an bhfarraige. D’fhonn aithris a dhéanamh ar na héifeachtaí atmaisféaracha a d’úsáid na máistir-ealaíontóirí muirí, d’aimsigh sé ábhar péinteála traidisiúnta a bhíodh in úsáid ag na seanmháistrí.”

Chomh maith leis sin, tagraíonn sé don nasc pearsanta atá aige féin leis an áit:  “Tá cúlra Bhaile Brigín an-spéisiúil agus fad is a bhí mé ag obair ar an láthair thapaigh mé an deis chun tuilleadh staidéar a dhéanamh ar phríomhghnéithe an bhaile. Le linn dom a bheith i mbun taighde, tháinig mé trasna ar an bhfoilseachán dar teideal, 'Balbriggan, A History of the Millennium', a d’fhoilsigh Cumann Staire Cheantar Bhaile Brigín in 1999, foinse eolais an-úsáideach. Bhí neart eolais le fáil sa leabhar faoi stair an bhaile agus eolas maidir le cúlra na ngnéithe topagrafacha éagsúla a thug mé faoi deara fad is a bhí mé ag obair ar an bpéintéireacht, go háirithe an teach seo agus an túr Martello in aice láimhe”.

Tá “The Banks” ar taispeáint in Na Bruacha ón mhí seo ar aghaidh agus tá obair á déanamh ar shaothar eile don cheantar ag an ealaíontóir agus péintéir áitiúil, Dave West. Tá an t-eolas is déanaí maidir leis na gníomhaíochtaí ar fad atá á ndéanamh againn le fáil ar www.fingalarts.ie

 

Tuilleadh eolais: Caroline Cowley – Comhordaitheoir Ealaín Phoiblí

[email protected]

01 870 8449

 

 

Mayor with Artist Sean Molloy Banks Balbriggan
Group photo at Launch of Banks Artwork Balbriggan