Cnámhiarsmaí ársa a aimsíodh i bPáirc Ghleann na hAbhann aisghafa anois

Tá na cnámhiarsmaí ársa a aimsíodh i bPáirc Ghleann na hAbhann, Sord níos luaithe i mbliana aisghafa anois agus tá anailís speisialtóra á dhéanamh orthu anois.

 

Rivervalley excavation

Tá na cnámhiarsmaí ársa a aimsíodh i bPáirc Ghleann na hAbhann, Sord níos luaithe i mbliana aisghafa anois agus tá anailís speisialtóra á dhéanamh orthu anois. In Aibreán 2020 thug daoine áitiúla a bhí amuigh ag siúl i bPáirc Ghleann na hAbhann, Sord faoi ndeara go raibh cnámhiarsmaí daonna nochtaithe ar bhanc theas Abhainn an Bharda. Tuairiscíodh an fhionnachtain do na Gardaí agus rinne Ard-Mhúsaem na hÉireann iniúchadh ar an suíomh, ag dearbhú na hiarsmaí mar sheandálaíoch. Mar gheall ar threoracha COVID-19 níorbh fhéidir an suíomh a thochailt ag an am ach ó ardú na srianta seo, d’éirigh leis an obair thábhachtach seo dul ar aghaidh.

Séadchomhartha seandálaíochta taifeadta isea an suíomh ina bhfuarthas na hiarsmaí inar thochaigh seandálaithe ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sé chnámharlach i 1999. Bhí siad seo meánaoiseach agus os rud é go raibh na hadhlacthaí curtha ar bhealach neamhrialta laistigh de thuilemhá, ceapadh go bhféadfadh cineál adhlactha pobail tobann d’íospartaigh plá nó tráma eile a bheith i gceist leo.

Tar éis ardú srianta Covid-19 rinneadh suirbhé geoifisiceach chun iarracht a dhéanamh teorainneacha  an tsuímh a aithint agus rinneadh tochailt ina dhiaidh sin chun na cnámhiarsmaí nochtaithe a aisghabháil. I Meitheamh 2020, rinne Maeve McCormick ó Phleanáil Oidhreachta Archer Teo tochailt ar an suíomh faoi cheadúnas ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  (DCHG) i gcomhairle le hArd-Mhúsaem na hÉireann (NMI). Roimh an anailís thug Iníon McCormick, seandálaí cnámh, le fios gur dócha gur ógánach de 10-12 mbliana d’aois a bhí i gceist leis an gcnámharlach agus bhí sé mar chuid den reilig chéanna a rinneadh tochailt uirthi i 1999. Tá dátú radacarbóin agus anailís speisialtóra de na samplaí comhshaoil, fionnachtana beaga agus na hiarsmaí ainmhíocha agus daonna ar siúl faoi láthair.  

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy ‘Tá áthas orm imscrúdú agus cosaint an tsuímh seo a fheiceáil ag dul ar aghaidh anois gur féidir é sin a dhéanamh go sábháilte. Tugann fionnachtana seandálaíochta mar seo deis anailíse iontach chun níos mó a fháil amach faoin oidhreacht shaibhir go léir atá mórthimpeall orainn.’   

Dúirt Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall ‘Táimid ag tnúth leis an méid a chuirfidh torthaí na hanailíse le scéal na reilige seo. Táimid ag fiosrú freisin na bealaí is oiriúnaí chun créimeadh an tsuímh a stopadh agus leanfaimid orainn ag obair le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann chun an séadchomhartha seandálaíochta seo a chosaint.

 

CRÍOCH

Tuilleadh Eolais

Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall, ríomhphost %43%68%72isti%6ee.ba%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]   fón 087-7784669