Clár Caipitil €1.35 billiún á nochtadh

Council Chamber

D'fhógair Comhairle Contae Fhine Gall Clár Caipitil trí bhliain arbh fhiú €1.35 billiún é ag cruinniú míosúil na Comhairle anocht. 

Méadú 37% ar an gClár Caipitil roimhe sin atá sa phlean trí bhliain, a bheidh i bhfeidhm sna blianta 2024 suas go 2026, agus meadú faoi cheathar ar luach an chláir a glacadh sa bhliain 2017. 

Bainneann an Clár Caipitil nua le 312 tionscadal san iomlán, 67 dá méid le caiteachas €215m acu, ar an suíomh cheana féin. Tá an chuid eile díobh in áit éigin sa timthriall idir céim an cheaptha agus cáim faofa an tionscadail. Ag an am céanna anuraidh, bhí 37 tionscadal Clár Caipitil arbh fhiú €117m iad ar an suíomh. 

I measc na dtionscadal mór, tá forbairt €150m na tionachta measctha  ag Baile Mastúin, forbairt €116m na tionachta measctha  ag Fearann an Teampaill i Mullach Eadrad, Ionad Cultúir Shoird ar luach €44m, an bóthar €16m idir Ongar agus Cnoc an Sciobóil agus bealach €7.7m na gcoisithe agus na rothaíochta  ar Bhóthar Harry Reynolds i mBaile Brigín. 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Sé seo an cúigiú Clár Caipitil a tugadh os comhair na Comhairle ón toghchán áitiúil deiridh sa bhliain 2019 agus méadaíodh líon agus luach na dtionscadal gach bliain ó shin i leith. Mar sin féin, sé an taitneamh is mó a bhainimid as ná seachadadh na dtionscadal á bhfeiceáil againn agus an feabhas mór a tháinig ar an mbonneagar straitéiseach ar fud an chontae dá bharr lena n-áirítear tithíocht nua, áiseanna nua an phobail agus naisc nua an iompair chomh maith lenár n-oidhreacht á caomhnú. Is ón rialtas láir a tháinig an formhór an mhaoiniithe i leith na dtionscadal seo agus cabhraíonn sé go mór lenár gcontae a fhás ar bhealach inbhuanaithe.” 

Tiocfaidh beagán os cionn €1bn den mhaoiniú don Chlár Caipitil ó dheontais chomh maith le €120m ó thobhaigh forbartha agus €59m ó bhuiséad ioncaim Fhine Gall. Tiocfaidh €66m sa bhreis as iasachtaí agus as foinsí eile. Tá tionscadail eile ar luach €99m iad sa phlean trí bhliain á meas faoi láthair maidir le foinsí mhaoinithe eile. 

Baineann 63% den Chlár Caipitil, €859m, le tithíocht agus déanfar €177m eile a chaitheamh ar thionscadail na Pleanála agus an Bhonneagair Straitéisigh amhail Glasbhealach an Mhóinéir Leathain, Acomhal Bhóthar Snugborough, Páirc Abhainn an Bharda, agus Moil na n-Áineasa i nDomhnach Bat, i Lusca agus sa Ros. 

Is cuid de chlár Oibríochtaí na n-oibreacha caipitil €48m iad athchóiriú agus feabhsú na mbóithre réigiúnacha ar fud an chontae lena n-áirítear freisin na hoibreacha bonneagair ar dhroichid agus ar chuanta, ar chlóis súgartha nua, agus an clár um athchóiriú na leithreas poiblí. Cuireadh €32m sa breis ar leataobh le haghaidh áiseanna an Phobail, ina measc críochnú Ionad nua an Phobail i mBaile Maidheach. 

Beidh buiséad €77m ag an Roinn Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach le haghaidh tionscadal ar nós lánaí rothaíochta faoi chosaint agus bealaí sábháilte ar scoileanna a chur ar fáil, bonneagar Ionad Luchtú na bhFeithiclí Leictreacha, bearta um mhaolú na haeráide agus tionscadail líonadh talún. 

Sé €139m san iomlán atá sc chláir don Roinn an Fhiontair Eacnamaíochta, na Turasóireachta agus Forbairt an Cultúir, le €37m de le haghaidh na forbarta tionsclaíoch, €18m le haghaidh réadmhaoin na hoidhreachta agus €7m le haghaidh athchóiriú na leabharlanna. Tá soláthar €30m ann freisin le haghaidh an athnuacháin uirbigh agus tuaithe, €20m dá chuid curtha ar leataobh le haghaidh na dtionscadal siúd atá mar chuid de phlean athnuachana An Baile Brigín Seo Againne. 

Ceaptar sa Chlár go mbeadh caiteachas caipitil €386m ann sa bhliain 2024, €522m sa bhliain 2025 agus €447m sa bhliain 2026. 

Dar le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá mórán oibre ar siúl cheana féin le 67 tionscadal ar an suíomh cheana féin, beagnach dhá oiread an méid a bhí ar an suíomh ag an am céanna anuraidh. Tá gealltanais láidre i bhfeidhm againn freisin maidir le mórán na dtionscadal eile sa Chlár Caipitil a sheachadadh agus táim ag tnúth le dul chun cinn a dhéanamh orthu sin sa trí bhliain amach romhainn. Tá  ar D'iarr na comhairleoirí orainn breathnú a dhéanamh ar thionscadail eile, mar linnte snámha, nach bhfuil réidh fós le cur san áireamh sa Phlean Caipitil toisc go bhfuil iniúchtaí á ndéanamh againn maidir le leibhéal féideartha an éilimh agus na gcostas a mheas. Léiríonn an clár an diíogras againne  a chinntiú, de réir mar a leanann daonra Fhine Gall ag fás, go bhfuil an bonneagar a theastaíonn á fhorbairt againn chun pobail inbhuanaithe a thógáil.”

Is féidir léiriú an Chlár Caipitil 2024-2026 do chomhairleoirí a fheiceáil anseo.

Tá cóip de Chlár Caipitil 2024-2026 ar fáil anseo.

Is plean leanúnach é an Clár Caipitil atá faoi athbhreithniú bliantúil toisc go bhféadfadh srianta an ama agus srianta eile dul chun cinn na dtionscadal a athrú thar thréimhse ar leith. Ní thugann cinneadh na gcomhairleoirí i leith an Chlár Caipitil 2024-2026 gur faomhadh aon tionscadal ar leith. Ní féidir a leithéid a dhéanamh ach amháin trí na gnáthphróisis reachtúla agus trí Chód an Chaiteachais Phoiblí a chomhlíonadh. Ní mór socruithe an mhaoinithe a aithint go soiléir agus a chinntiú freisin sula ngeallfar le tionscadal ar bith.