An Chomhairle chun tús a chur le scéim €4m chun tacú le rothaíocht agus gluaiseachtaí coisithe níos sábháilte   

Tá Comhairle Contae Fhine Gall chun tús a chur le rolladh amach clár €3.9m atá dírithe ar bhonneagar níos sábháilte a fhorbairt do rothaithe agus do choisithe i mbailte agus sráidbhailte ar fud an Chontae.

Cycleways

Tá Comhairle Contae Fhine Gall chun tús a chur le rolladh amach clár €3.9m atá dírithe ar bhonneagar níos sábháilte a fhorbairt do rothaithe agus do choisithe i mbailte agus sráidbhailte ar fud an Chontae.

Bhí an maoiniú mar chuid de leithdháileadh €55m ón Údarás Náisiúnta Iompair faoi Phlean Spreagtha Poist de mhí Iúil an Rialtais chun tacú le freagairt na n-údarás áitiúil ar dhúshláin Covid-19 agus chun cuidiú lena gcuid oibre chun bonneagar siúil agus rothaíochta feabhsaithe a thabhairt do phobail agus do ghnóanna áitiúla.  

Is i mBaile Átha Cliath 15 a bheidh an chéad scéim le tosú agus cruthófar raon rothar deighilte 5 ciliméadar, 2.5 ciliméadar i ngach treo, feadh Bhóthar Bhaile an Hartaigh/Bhaile an Huntaigh a sholáthróidh bealach rothaíochta níos sábháilte do dhaoine áitiúla chun rochtain a fháil ar scoileanna, ar cheantair áineasa agus ar ghnóanna áitiúla.

Meastar go dtosóidh an scéim i mí Dheireadh Fómhair agus beidh colbha coincréite  agus marcálacha suiteáilte ann do na lánaí rothaíochta chomh maith le feabhsúcháin ar acomhail agus lánaí rothar atá ann cheana.

Chun an cur isteach ar thrácht áitiúil a íoslaghdú tabharfar faoi na hoibreacha thar oíche, agus beidh bainistíocht tráchta stop/lean ar aghaidh i bhfeidhm. Cuirfear cónaitheoirí agus úinéirí gnóanna a chónaíonn sa cheantar ar an eolas roimh ré.

Is iad na tionscadail eile a fuair maoiniú:

  • R108 Saileog – Uasghrádú Líonra Bóithre lena n-áirítear lánaí rothar comhairleacha
  • R132 Halla an Leasáin, Bóthar an Aire go Crois an Bhlácaigh agus Lána Choill Hoiste – Feabhas a chur ar an nasc rothaíochta ó Lusca go Crois an Bhlácaigh trí Scoil Náisiúnta na Coirre Duibhe. Ceansú tráchta chun luasanna a laghdú agus an t-iarbhóthar náisiúnta a athdhearadh chun méideanna tráchta a laghdú agus gníomhaíocht rothaíochta agus coisithe a mhéadú.
  • R108 Clubh CLG na hAille – feabhsú achomhail ag teastáil do gach úsáideoir bóthair lena n-áirítear rothaithe.
  • Naisc Rothaíochta Inbhear Mhullach Íde Bóthar Bhaile na Mara agus Bóthar an Inbhir – feabhas a chur ar an nasc rothaíochta ó Sord go Mullach Íde
  • Bóthar Ráth Aingile/Bóthar Ghleann na hAbhann, Sord – deighilt éadrom an lána rothair atá ann cheana
  • Bóthar na Gráinsí, Baile Dúill – deighilt éadrom an lána rothair atá ann cheana  
  • Bóthar Bhinn Éadair – deighilt éadrom an lána rothair atá ann cheana ó Chill Fhionntain go sráidbhailte Bhinn Éadair
  • Bóthar na Sceirí – deighilt éadrom an lána rothair atá ann cheana
  • Cósta na Sceirí – rotharbhealach nua in aice leis an siúlbhealach atá ann cheana  

Dúirt Méara Fhine Gall An Comhairleoir David Healy: “Fáiltím roimh leithdháileadh an mhaoinithe shuntasaigh seo ón UNI i dtreo bonneagar siúil agus rothaíochta a fhorbairt ar fud an Chontae. Leis an bpaindéim táimid ag feiceáil líon i bhfad níos airde daoine ag siúl inár bpobail. Tháinig athbheochan ar an rothaíocht freisin le linn na tréimhse Covid-19. Agus acmhainn iompair phoiblí laghdaithe go mórmhór, tá sé ríthábhachtach go bhforbróimid bealaí ardchaighdeáin do bhealaí siúlóide agus rothaíochta chun gluaiseacht laistigh dár bpobail a cheadú.  

“De réir mar a leanaimid orainn ag obair chun muid féin agus a chéile a chosaint ó phaindéim Covid-19, tá sé níos tábhachtaí ná riamh spás sábháilte a bheith ar fáil do dhaoine chun siúl agus le haghaidh aclaíochta.

 

“Is príomhghníomh é inár bPlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide líonra rothaíochta Fhine Gall a thógáil níos mó a thairgeann bealaí díreacha chuig cinn scríbe áitiúla, agus ligfidh an maoiniú seo dó seo tarlú gan stró. Beidh sé de bhuntáiste breise aige úsáid gluaisteán a laghdú agus astaíochtaí carbóin a ísliú agus brú tráchta a laghdú."

 

Dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Ba mhaith linn forbairt na rothaíochta a chur chun cinn sa Chontae le béim ar bhealaí díreacha, compordacha, áisiúla agus sábháilte a chur chun cinn. Cuideoidh daoine a spreagadh chun siúl nó rothaíocht le Comhairle Contae Fhine Gall freagairt don Athrú Aeráide, agus feabhsóidh cur chun cinn an taistil ghníomhaigh sláinte na saoránach freisin.

 

“Le tionchar Covid-19 ar úsáid iompar phoiblí, tá sé tábhachtach go spreagfaí agus go n-éascófaí daoine a d’úsáidfeadh iompar poiblí murach sin chun cineál inbhuanaithe iompair a roghnú ar nós siúl agus rothaíocht.”

Dúirt Stiúrthóir Oibríochtaí David Storey: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair go gníomhach chun bonneagar coisithe agus rothaíochta a fheabhsú agus tá sí ag tabhairt tús áite do shábháilteacht rothaithe trí chosáin rothaíochta deighilte a fhorbairt nuair is féidir. Feictear go spreagann lánaí rothaíochta deighilte déimeagrafach níos leithne ar fud an phobail chun rothaíocht/scútar a úsáid, seachas achair ghearra a thiomáint chuig taitneamhachtaí agus scoileanna.  

“Gan amhras cuideoidh bonneagar sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar leis an líon méadaitheach rothaithe atá ag úsáid ár mbóithre anois i mbailte agus sráidbhailte ar fud Fhine Gall. Spreagfaidh na bealaí rothaíochta deighilte gach aosghrúpa chun rothar a thógáil chun achair ghearra agus mheánmhéide a thaisteal, rud a chabhróidh chun aistir feithiclí neamhriachtanacha a bhaint agus mar thoradh ar sin, laghdóidh sé an méid tráchta.“

Dúirt Cathaoirleach an Choiste um Beartas Straitéiseach um Bainistíocht Iompair agus Bonneagair, an Comhairleoir Ted Leddy: “Táim ag tnúth leis an gcéad tionscadal píolótach a thosú i mBaile Átha Cliath 15 mar go mbeidh buntáistí suntasacha aige d’áitritheoirí an cheantair seo atá ag fás go gasta agus iad ag teacht ar scoileanna, áiseanna spóirt agus pobail, chomh maith le siopaí agus gnóanna áitiúla. Ligfidh an maoiniú freisin d’athruithe ar shocruithe bainistíochta tráchta chun ath-leithdháileadh an spáis fhoriomlán bóthair a éascú chun saoráidí agus sábháilteacht do choisithe agus do rothaithe a fheabhsú.”