Ceapann Comhairle Contae Fhine Gall agus an FAI Oifigeach Forbartha Peile sa Phobal nua do Bhaile Átha Cliath 15

Tá Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht le Cumann Peile na hÉireann, tar éis Sean Moore a cheapadh mar an Oifigeach Forbartha Peile sa Phobal nua i mBaile Átha Cliath 15, mar chuid d’fhoireann de sheisear oifigeach forbartha FAI atá ag obair chun clubanna peile agus tacaíochta a fhorbairt sa réigiún.

D’oibrigh Sean mar chóitseálaí cúnta ar feadh ocht mbliana ar go leor clár éagsúil laistigh den FAI le go leor taithí chóitseála ar leibhéal an phobail agus ag leibhéal Chonradh na hÉireann agus rinne sé ionadaíocht freisin thar ceann a thíre mar chóitseálaí cúnta ag Corn Domhanda IFCPF le Foireann Parailimpeach na hÉireann. Tá Céim Onóracha aige ó Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach i mBainistíocht agus i gCóitseáil Spóirt agus tá fonn air a thaithí acadúil agus praiticiúil spóirt a thabhairt go Baile Átha Cliath 15.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Is féidir le spórt sláinte, scileanna agus muinín daoine aonair agus pobail a fheabhsú.

“Is fianaise é an comhoibriú idir Fine Gall agus ár gcomhpháirtithe NGB maidir le hoifigigh spóirt a sholáthar ar fud Fhine Gall ar ár n-aitheantas do na buntáistí seo.

“Molaim ceapachán Sean agus táim ag tnúth le fás agus rath na peile i mBaile Átha Cliath 15.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Ní féidir an tábhacht a bhaineann le forbairt spóirt agus aclaíochta i bpobail ar fud Fhine Gall a rómheas

“Chonaiceamar go léir an tábhacht a bhaineann le stíleanna maireachtála sláintiúla le 12 mí anuas de réir mar a d’athraigh paindéim Covid-19 an chaoi a mhairimid, a n-oibrímid agus a dhéanaimid aclaíocht.

“Tá áthas an domhain ar Fhine Gall obair i gcomhar lenár gcomhpháirtithe NGB chun tacú le naonúr n-oifigeach spóirt comh-mhaoinithe tríd an FAI, Rugbaí Laighean, Cruicéad Laighean agus Leadóg Éireann agus táimid tiomanta do leibhéil aclaíochta a mhéadú laistigh d’Fhine Gall.”

Dúirt Sean Moore, An tOifigeach Forbartha Peile sa Cheantar nua-cheaptha: “Tá fíoráthas orm a bheith mar chuid den bhfoireann i bhFine Gall agus is é an príomhchuspóir a bheidh agam rolladh amach clár scoile, forbairt pheil na mban agus cur i bhfeidhm Clár Marcannna Club an FAI.

“Táim ag súil go mór le haithne a chur ar na daoine agus na clubanna agus tacú leo chomh maith agus is féidir liom sna míonna agus sna blianta atá amach romhainn.”  

Dúirt bainisteoir réigiúnach an FAI, Barry Ferguson: “Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh Sean chuig an FAI agus Fine Gall.

“Bhí Comhairle Contae Fhine Gall ar cheann de na chéad chomhairlí chun oifigigh forbartha a chómhaoiniú leis an FAI i 2006/7 agus leanann siad ar aghaidh chun tosaigh ina dtacaíocht agus ina dtiomantas d’fhorbairt spóirt.

“Níl amhras ar bith orm go gcuirfidh Sean go mórmhór le forbairt na peile i bhFine Gall.”

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an FAI/Cláir Peile sa Phobal Fhine Gall i mBaile Átha Cliath 15, déan teagmháil le do thoil le Sean Moore ar 086 0831944 nó [email protected]