Bunaíodh an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí

Is é an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí an comhlacht nua atá freagrach as a chinntiú go ndéantar measúnú ar thorann a ghineann gníomhaíocht aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath i gcomhréir le reachtaíocht an AE agus na hÉireann.

Tá an tÚdarás Inniúil freagrach ón 1 Meán Fómhair ar aghaidh faoin Acht um Thorann Aerárthaí (Aerfort Bhaile Átha Cliath) a Rialáil, 2019 as a chinntiú go gcuirtear Cur Chuige Cothrom na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (an EESI) i leith Torann Aerárthaí a Bhainistiú i bhfeidhm nuair a shainaithnítear fadhb thorainn nó fadhb thorainn fhéideartha ag an Aerfort.

Ceapadh Gilbert Power, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Fhine Gall, ina Stiúrthóir ar an Údarás Inniúil um Thorann Aerárthaí. Cuireadh foireann innealtóireachta, theicniúil agus riaracháin i bhfeidhm agus tacaíonn foireann saineolaithe leo.

Faoin Acht, leagadh freagracht ar Chomhairle Contae Fhine Gall as an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí a bhunú agus a oibriú agus dúirt a Phríomhfheidhmeannach Eatramhach, AnnMarie Farrelly: “Bunaíodh an tÚdarás Inniúil go foirmiúil agus tá croífhoireann ann lena chur ar a chumas tabhairt faoina ról ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach, faoi mar a cheanglaítear go dlíthiúil faoin Acht.

“Cuirfidh an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí a shainordú i bhfeidhm anois chun measúnú a dhéanamh ar leibhéil torann aerárthaí reatha agus thuartha amach anseo ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, measúnuithe ar thorann ar iarratais pleanála amach anseo d’fhorbairt ag an aerfort.”

Dúirt an tUasal Farrelly:  “Tá ról údaráis inniúil á ghlacadh ag Léirigh Comhairle Contae Fhine Gall le roinnt blianta anuas i limistéir ar nós pleanála agus an chomhshaoil, agus leanfaidh siad anois orthu sa limistéar rialála torann aerárthaí.  

“Beidh an tÚdarás in ann leas a bhaint as saineolas náisiúnta agus idirnáisiúnta i limistéir cosúil le torann aerárthaí, eitlíocht, an comhshaol agus pleanáil, nuair is gá, chun cabhrú leis an bhfoireann príomhchinntí a dhéanamh a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis.”

Dúirt Stiúrthóir an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí, Gilbert Power: “Táimid réidh anois chun tús a chur lenár n-obair agus ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht um Thorann Aerárthaí (Aerfort Bhaile Átha Cliath) a Rialáil, 2019. Is éard a dhéanfaidh ár n-obair thosaigh sna chéad cúpla mí eile amach romhainn ná oiliúint a chur ar an bhfoireann agus athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí reatha faoi leibhéil torainn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

“Luaitear go han-sonrach san Acht na rudaí is féidir agus nach féidir linn a dhéanamh agus bhíomar ag cloí go docht lena pharaiméadair agus ár gcuid oibre ar bun againn,” a dúirt an tUasal Power.

Ní dhéileálann an tÚdarás Inniúil le gearáin aonair faoi thorann aerárthaí agus ba cheart iad siúd a dhéanamh le ÚABÁC go fóill ag https://www.dublinairport.com/about-us/-community-affairs/noise-complaint

Tá eolas breise agus naisc le cáipéisí áisiúla ar fáil ar láithreán gréasáin an Údaráis Inniúil www.fingal.ie/aircraftnoiseca/ Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Inniúil um Thorann Aerárthaí ar ríomhphost ag [email protected]  nó ar an nguthán trí ghlaoch ar 01-8905000