Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall ar an Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí 2022. Ligeann an gnéithe maoinithe seo, atá méadaithe arís i mbliana, d’ealaíontóirí gairmiúla leas a bhaint as dámhachtain suas le €5,000 i dtreo deiseanna taistil/forbartha gairmiúla, cónaitheachta nó chun saothair a fhorbairt.
Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil Robert Burns i mbun a ról mar Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail ón Luan an 24 Eanáir.
Bhí Ceannaire Operation Transformation agus bean atá ag cur fúthu i Sord, Katie Jones, i dteannta le Méara Fhine Gall, an Comhaireloir Seána Ó Rodaigh, agus siúlóirí díograiseacha eile ar an 16 Eanáir, i bPáirc an Tobair Naofa, áit ar shiúil siad 3k mar chuid d’imeacht a bhí eagraithe ag Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Operation Transformation.
Taoiseach Micheál Martin TD was briefed on the Our Balbriggan Regeneration Plan when he visited the town yesterday for the official launch of the Irish Institute of Music and Song.
Cuirfear tús le réamhoibreacha le haghaidh Bhealach Coisithe agus Rotharbhealaigh nua luach €8.5m feadh Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill sa bhliain nua, agus tá sé beartaithe freisin tús a chur le hobair tírdhreachaithe agus ghlanta ar an 4 Eanáir.
Tá €19,550 bronnta ag Comhairle Contae Fhine Gall ar 46 club spóirt ar fud Fhine Gall faoin Scéim Deontais Spóirt don Aos Óg.Cheadaigh comhairleoirí an maoiniú trína leithdháilfear €425 ar geach ceann de na heagraíochtaí rathúla.
Tá céim dhearfach eile glactha ag Comhairle Contae Fhine Gall ina hiarrachtaí tomhaltas fuinnimh a laghdú trí chomhlacht seirbhísí fuinnimh a fhostú chun uasghráduithe suntasacha éifeachtúlachta fuinnimh a sholáthar do na hOifigí Cathartha i mBaile Bhlainséir agus Halla an Chontae i Sord.
Tugadh oibríocht mhór Feithiclí a bhfuil a Ré Caite (FRC) i gcrích an tseachtain seo ag Lóiste Sciobóil i bhFionnghlas, nuair a bhain Aonad Forfheidhmiúchán Dramhaíola Chomhairle Contae Fhine Gall 80 carr agus 65 feithicil tráchtála ón láithreán i mBaile Átha Cliath 11.
Cé go raibh Daidí na Nollag agus a réinfhianna ag ullmhú don oíche is gnóthaí sa bhliain, bhí go leor gníomhaíochta fós ann ag Teach agus Feirm an Droichid Nua an tseachtain seo a nuair a cuireadh clann iomlán alpacaí isteach leis an gcuid eile d’ainmhithe cónaitheacha Dhomhnach Bat chun cuidiú le spiorad na Nollag a scaipeadh i measc cuairteoirí.