Leabhar Comhbhróin do Phobal an Chraoslaigh

Candle and flowers on book

Is féidir le saoránaigh ó Fhine Gall ar mian leo a gcomhbhrón a chur in iúl do phobal an Chraoslaigh tar éis imeachtaí tragóideacha Dé hAoine, 7 Deireadh Fómhair 2022, é sin a dhéanamh ar líne nó go pearsanta anois.

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, Leabhar Comhbhróin ar féidir le daoine a shíniú anois ag oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall i Sord nó i mBaile Bhlainséir.

Chomh maith leo sin, tá Leabhar Comhbhróin ar líne ar fáil freisin d’aon duine nach bhfuil in ann cuairt a thabhairt go pearsanta ar cheann dár n-oifigí. Déanfar gach teachtaireacht comhbhróin a thaifeadtar ar líne a phriontáil agus a chur ar aghaidh i Leabhar Comhbhróin do Chomhairle Contae Dhún na nGall lena chur ar aghaidh don phobal sa Chraoslach.

Fanfaidh na leabhair ar oscailt go dtí Dé hAoine, 4 Samhain 2022.                                                                                                                                       

Chun an Leabhar Comhbhróin ar líne a shíniú cliceáil anseo le do thoil.