Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall an gearrscannán nua atá suite i bhFine Gall, Echo’s Bones, a léiriú.

Is tionscadal scannánóireachta uaillmhianach comhoibríoch dhá bhliain é Echo's Bones, arna stiúradh ag an ealaíontóir Sarah Browne, le grúpa daoine óga uathacha, i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, arna choimisiúnú ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi Bhonneagar, an Clár um Ealaín Phoiblí 2017 - 2021, agus seolfar é ar an 8ú lá de Dheireadh Fómhair 2022.

EchosBones

Is tionscadal scannánóireachta uaillmhianach comhoibríoch dhá bhliain é Echo's Bones, arna stiúradh ag an ealaíontóir Sarah Browne, le grúpa daoine óga uathacha, i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, arna choimisiúnú ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi Bhonneagar, an Clár um Ealaín Phoiblí 2017 - 2021, agus seolfar é ar an 8ú lá de Dheireadh Fómhair 2022.

Faigheann an scannán a theideal as gearrscéal neamhfhoilsithe le Samuel Beckett a bhí suite i bhFine Gall sna 1930í, a bhí beartaithe ar dtús a bheith mar chuid den bhailiúchán More Pricks Than Kicks. Suite sa cheantar chéanna agus iasacht ó chéadfacht Beckett, ní hé an t-uathachas ábhar an scannáin, ach bealach chun an domhan a bhrath agus tuairimíocht a dhéanamh faoi thodhchaí roinnte.

Forbraíodh Echo’s Bones i 2021, le trí dhuine dhéag idir 16 agus 22 bliain d’aois, trí shraith ceardlann ar líne arna éascú ag Sarah Fitzgibbon, Sarah Browne agus Eleanor Walsh, ina raibh scríbhneoireacht chruthaitheach, aisteoireacht, cumadóireacht agus scannánóireacht. Áiríodh leis na ceardlanna seo tascanna cruthaitheacha mar fhreagra ar aíonna ar tugadh cuireadh dóibh agus leideanna saothair ealaíne, agus pléití faoi léiriú an uathachais i scannán, ar an teilifís agus ar líne. D'éascaigh Sarah Browne agus an amharclannóir Mark Ball céimeanna eile de dhearadh agus de chleachtadh i bpearsa. Roghnaíodh róil sa tionscadal ag daoine aonair sa ghrúpa de réir a spéise difriúla (aisteoireachta, scríbhneoireacht, stiúradh, ceol, líníocht) agus rinne na roghanna seo an scannán.

Seolfaidh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, an chéad léiriú d’Echo’s Bones sa phictiúrlann Light House Cinema i Margadh na Feirme Dé Sathairn, an 8ú lá de Dheireadh Fómhair ó 11am – 1pm. Tá an scannán 26 nóiméad ar fad agus cuirfear ar siúl faoi dhó é: an chéad uair le fotheidil, an dara huair le tráchtaireacht fuaime. Tar éis na taispeána, beidh seisiún ceisteanna agus freagraí le Sarah Browne agus roinnt daoine óga a bhí páirteach ann.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony “Táim ag tnúth le ceiliúradh a dhéanamh ar an chéad taibhiú d’Echo’s Bones, a thaispeánann scileanna cruthaitheacha dochreidte agus tiomantas grúpa daoine óga néara-éagsúla, a tháinig le chéile chun an scannán iontach nua seo a fhorbairt agus a chomhléiriú leis an ealaíontóir Sarah Browne. Comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly “Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tacú leis an gcoimisiún ealaíne poiblí seo. Táimid thar a bheith bródúil as na daoine óga cumasacha seo agus as an éacht atá déanta acu chun an scannán iontach seo a chruthú agus a thabhairt os comhair lucht féachana poiblí.”                           

Tá ticéid don chéad taibhiú agus do thaispeántas breise Dé Domhnaigh, an 9ú lá de Dheireadh Fómhair, saor in aisce agus is féidir iad a chur in áirithe ar www.echosbones.eventbrite.com. Tá an t-ionad oiriúnach do chathaoir rothaí agus tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc áirithinte.                               

Tá fuaimrian leis an scannán atá ar fáil saor in aisce agus is féidir é a íoslódáil ar www.echosbonesfingal.bandcamp.com agus féach ar Réamhthaispeántas anseo  

Foilseofar leabhar ina bhfuil scríbhneoireacht nuachoimisiúnaithe agus taighde ealaíne ón tionscadal i 2023.

Le haghaidh tuilleadh sonraí agus eolas breise faoi áirithintí, féach le do thoil ar www.fingalarts.ie/publicart

Is clár Ealaíne Poiblí ar fud an chontae é Clár Bonneagair Chomhairle Contae Fhine Gall 2017-2021, atá maoinithe trí Scéim an Chéatadáin don Ealaín de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil – www.fingal.ie/infrastructure

Faoin Ealaíontóir

Is ealaíontóir suite in Éirinn í Sarah Browne, a bhfuil baint aici le heispéiris choirp labhartha agus neamhlabhartha ar eolas, ar shaothar agus ar cheartas. Baineann a cleachtas le dealbhóireacht, scannán, taibhiú agus tionscadail phoiblí, chomh maith le cineálacha scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta i gcomhthéacsanna éagsúla.

I measc na dtionscadal aonair a rinne sí le déanaí, tá Public Feeling (2019: coimisiún ealaíne poiblí in ionaid fóillíochta Átha Cliath Theas); Report to an Academy, Marabouparken, Stócólm (2017), Hand to Mouth ag CCA Dhoire~Londonderry & Institute of Modern Art, Brisbane, agus The Invisible Limb, basis, Frankfurt (an dá cheann i 2014). I 2020 rinne sí léiriú ar Fhéile na nAmharcealaíon TULCA, Gaillimh, le tionscadal dar teideal The Law is a White Dog.

I measc na dtaispeántas grúpa suntasach ar ghlac Browne páirt iontu, tá Bergen Assembly: Actually, the Dead are Not Dead (2019) agus an Liverpool Biennial, le Jesse Jones (2016). I 2009 bhí Sarah Browne ina comhionadaí d’Éirinn ag an 53ú Biennale sa Veinéis le Gareth Kennedy agus Kennedy Browne, an cleachtas comhoibríoch a bhí acu i bpáirt. Is ealaíontóir comhlach í le Coláiste na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

www.sarahbrowne.info

@sarahjaybrowne