Bígí linn ag ár n-imeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí Phlean Forbartha Fhine Gall

Ta tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall le hathbhreithniú ar Phlean Forbartha reatha Fhine Gall agus le Plean Forbartha Fingal 2023-2029 nua á ullmhú agus tá sí ag iarraidh anois ar an bpobal páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas a thógfaidh dhá bhliain lena chur i gcrích. 

Advert for Fingal Development Plan 2023-2029

Ta tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall le hathbhreithniú ar Phlean Forbartha reatha Fhine Gall agus le Plean Forbartha Fingal 2023-2029 nua á ullmhú agus tá sí ag iarraidh anois ar an bpobal páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas a thógfaidh dhá bhliain lena chur i gcrích. 

Foilsíodh an Páipéar um Shaincheisteanna Straitéiseacha an 12 Márta 2021 agus ta léargas tugtha ann ar na saincheisteanna criticiúla atá os comhair Fhine Gall agus tá cuid de na príomhcheisteanna a bhféadfadh go gcaithfidh an Plean nua aghaidh a thabhairt orthu leagtha amach de réir téama. Tá an Páipéar um Shaincheisteanna Straitéiseacha le fáil ar https://www.fingal.ie/ga/PleanForbarthaFhineGall agus ar Thairseach Comhairliúcháin ar líne Fhine Gall ag https://consult.fingal.ie/

Rithfear an chéad chéim seo den chomhairliúchán ón 12 Márta go dtí an 12 Bealtaine 2021. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh le linn na céime seo den chomhairliúchán trí uaslódáil ar https://consult.fingal.ie/tríd an bpost chuig Foireann an Phlean Forbartha, An Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2. Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi 11.59i.n. an 12ú Bealtaine 2021.

Mar chuid de phróiseas athbhreithnithe an Phlean Forbartha, is mian le Comhairle Contae Fhine Gall ple le gach eagraíocht, grúpa pobail agus duine aonair a bhfuil suim acu sa phróiseas. Tionólfar sraith imeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí trí Sheimineáir Ghréasáin idir an 13 agus an 22 Aibreán agus pléfear roinnt de na Téamaí a ardaíodh sa Pháipéar um Shaincheisteanna Straitéiseacha a foilsíodh le déanaí.

Má tá suim agat freastal ar cheann amháin nó ar chuid de na himeachtaí seo, gheobhaidh tú faisnéis bhreise, lena n-áirítear conas clárú ag https://www.fingal.ie/ga/PleanForbarthaFhineGall 

Tá na naisc chlárúcháin le clárú do gach seimineár gréasáin ar fáil anseo: https://www.fingal.ie/development-plan-public-consultation-events

 

Déanfar na cuir i láthair a thaifeadadh freisin agus beidh siad ar fáil ar https://www.fingal.ie/ga/PleanForbarthaFhineGall

 

 

Téama

 

Dáta

Am

Ionad

Daoine agus Dúiche

13ú Aibreán 2021

 7:00in– 8:00in

MS Teams - Imeacht Beo

Oidhreacht agus Bonneagar Glas (lena n-áirítear Bainistíocht Cósta)

15ú Aibreán 2021

 7:00in– 8:00in

MS Teams - Imeacht Beo

Fostaíocht agus Geilleagar

20ú Aibreán 2021

 7:00in– 8:00in

MS Teams - Imeacht Beo

Nascacht agus Gníomhú ar son na hAeráide

22ú Aibreán 2021

 7:00in– 8:00in

MS Teams - Imeacht Beo