Bí Ullamh do Sheachtain Rothar Fhine Gall

Bike Week

Tá Seachtain na Rothar 2025 ar siúl ón Satharn 10 Bealtaine go dtí an Domhnach 18 Bealtaine. Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár imeachtaí lán le spraoi a chur i láthair, le rud éigin a fhreastalaíonn ar gach duine!

Tá an imeacht seachtaine seo á mhaoiniú ag an ÚNI agus á sheachadadh ag údaráis áitiúla ar fud na hÉireann. D'eagraigh Aonad Taistil Ghníomhaigh Fhine Gall gníomhaíochtaí éagsúla chun gach rud rothaíochta a cheiliúradh.

Cuimsíonn liosta gníomhaíochtaí Fhine Gall trí lá spraoi teaghlaigh saor in aisce: imeacht amháin i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir ar an 10 Bealtaine, imeacht eile i mBaile Brigín ar an 17 Bealtaine agus cuirfear deireadh le Seachtain na Rothar le lá spraoi teaghlaigh i gCaisleán Mhullach Íde ar an 18 Bealtaine.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh 'Is ceiliúradh í Seachtain na Rothar ar rothaíocht, ar stíleanna maireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn agus ar phobail a nascadh le chéile. Le gníomhaíochtaí ar nós veileadróm sráide, deisiúcháin rothar saor in aisce, tóraíocht taisce agus tob-uisceadáin, molaim do gach duine a bheith páirteach sa spraoi atá le tairiscint ag Seachtain Rothar Fhine Gall''.

Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly “Is ócáid bhliantúil iontach í Seachtain na Rothar atá dírithe ar rothaíocht a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Ag teacht lenár dtiomantas d'iompar inbhuanaithe agus do thaisteal gníomhach ar fud an chontae, tá an-tóir ar Sheachtain na Rothar bliain i ndiaidh bliana le clár iomlán gníomhaíochtaí chun freastal ar gach aois agus leibhéal eispéiris. Tá Comhairle Contae Fhine Gall bródúil as tacú le Seachtain na Rothar agus tá súil againn go mbeidh gach duine páirteach sa réimse leathan imeachtaí a bheidh ar siúl i mbliana''.

Deir David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taistil Ghníomhaigh agus Spóirt '' Fáiltíonn Seachtain na Rothar 2025 roimh shraith imeachtaí spreagúla a fhreastalaíonn ar gach aois agus cumas rothaíochta. Idir laethanta spraoi teaghlaigh agus comórtais scoile, tá go leor imeachtaí spreagúla agus cuimsitheacha ar siúl ar fud an chontae .''

Bí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar inbhuanaitheacht, ar fholláine agus ar nasc pobail. Tá sonraí uile na n-imeachtaí, lena n-áirítear suíomhanna, dátaí agus amanna ar fáil ag https://www.fingal.ie/activetravel/bikeweek