Beartaítear dhá spás súgartha nuálacha nua do Bhaile Átha Cliath 15

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall comhairliúcháin phoiblí maidir le dhá spás súgartha phoiblí spreagúla atá beartaithe i limistéar Bhaile Átha Cliath 15. Is é atá sna tionscadail sin ná céim mhór chun cinn i dtreo timpeallachtaí áineasa atá cuimsitheach, samhlaíoch agus saibhir ó thaobh an dúlra de a chruthú do phobail áitiúla go ceann i bhfad.

New Play Spaces D15

Tá tiomantas láidir don dearadh cuimsitheach, don inbhuanaitheacht agus don bhithéagsúlacht ag na limistéir shúgartha atá beartaithe, atá suite i bPáirc Hazelbury agus i bPáirc Bhaile an Hartaigh. Is é an toradh a bheidh ar an dá fhorbairt ná go gcruthófar spásanna ardchaighdeáin tarraingteacha ina mbeidh gach leanbh, beag beann ar a n-aois agus ar a gcumas, in ann súgradh, taiscéaladh agus nascadh leis an dúlra.

Tá béim ann ar ghnéithe cuimsitheacha agus inrochtana, amhail rochtain do chathaoireacha rothaí ar chriosanna súgartha, ar bhealaí, ar chriosanna céadfaí agus ar shúgradh inrochtana gainimh agus uisce. Cuimsíonn an dá láithreán tírdhreachú nádúrtha agus cur pailneoirí, agus tacófar leis an mbithéagsúlacht agus leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide iontu.

Tá an spás súgartha i bPáirc Bhaile an Hartaigh thart ar 3,000 m² in achar agus tá inspioráid faighte aige ón ngné mheidhreach atá ann ag bealach isteach na páirce cheana féin, áit a ndeirtear go gcónaíonn dragan nó troll ann. Agus “An Fhoraois faoi Gheasa” mar théama dó, spreagfar rólimirt chruthaitheach agus taiscéalaíocht do leanaí de gach aois agus de gach cumas sa spás sin.

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhghnéithe atá beartaithe le haghaidh Bhaile an Hartaigh:

· Thart ar 20 píosa trealaimh súgartha ar fud criosanna téamaithe ina mbeidh uisce, gaineamh, dreapadóireacht, luascáin agus súgradh do dhéagóirí.

· Dealbha adhmaid, suíocháin, bolláin, agus táblaí picnice/súgartha

· Cosáin coillearnaí nádúrtha agus bealaí cothromaíochta adhmaid

· Tírdhreachú fairsing agus crainn ilgháis chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn

I bPáirc Hazelbury, beidh an limistéar atá beartaithe thart ar 1,000 m² in achar agus tá sé deartha mar thimpeallacht dhúlrabhunaithe ilchriosach ina gcuirfear súgradh agus rannpháirtíocht an phobail chun cinn. Beidh sí dírithe ar cheithre phríomhthéama:

· Ceathrú na Coillearnaí – Ina mbeidh dreapadh loga, carn tolláin, agus plásóg choille iargúlta ag a mbeidh struchtúir dhúshlánacha amhail fráma dreapadóireachta agus luascáin bhoinn.

· Ceathrú an Bhogaigh – Ina mbeidh mol bithéagsúlachta ag a mbeidh lochán agus clocha cora.

· Ceathrú an Chnoic – Cnoc a bheidh de chruth cruinneacháin agus ag a mbeidh ardán plionta cloiche agus sleamhnán claífoirt.

· Limistéar Móinéir – Ina mbeidh cosáin lomtha, bailiúchán stumpaí, agus limistéir le haghaidh breathnú ar fhiadhúlra.

Molann Comhairle Contae Fhine Gall do dhaoine den phobal athbhreithniú a dhéanamh ar an dá thogra agus a gcuid aiseolais a chomhroinnt trí Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle ag https://consult.fingal.ie/en/browse. Glacfar le haighneachtaí go dtí an Chéadaoin an 27 Lúnasa 2025.

Hartstown Play Space Plan

Plean spás súgartha Bhaile an Hartaigh

Hazelbury Play Space Plan

Plean spás súgartha Hazelbury