Áirítear Sord ar cheann de na háiteanna is fearr sa suirbhé is déanaí ar bhruscar

Tá Sord ar an tríú háit is fearr as 40 baile agus cathair in Éirinn de réir suirbhé frithbhruscair don bhliain 2019 a rinne an grúpa gnó Gnó na hÉireann in aghaidh Bruscair (IBAL).

IBAL

Fuair Sord an rangú "Níos Glaine ná Gnáthchaighdeáin na hEorpa" don bhliain 2019, agus rinne Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird go maith freisin. Bhí sé ar an 19ú háit as 40 baile agus cathair a ndearnadh suirbhé orthu agus tugadh an rátáil "Glan de réir Ghnáthchaighdeáin na hEorpa" dó sa liosta.

Is comhaontas cuideachtaí é IBAL a bhfuil an creideamh céanna acu go mbraitheann rathúnas eacnamaíoch amach anseo – ach go háirithe ó thaobh turasóireachta, bia agus infheistíocht dhíreach eachtrach de – ar thimpeallacht ghlan atá saor ó bhruscar.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Is iontach a fheiceáil go bhfuil Sord chun tosaigh ar an liosta agus go ndéantar níos mó ná a bhfuil gá leis chun timpeallacht ghlan a chruthú agus a choinneáil ar mhaithe le gach duine sa phobal. Rinne Bailte Shlachtmhara Shoird sárobair chun é sin a bhaint amach agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leo as an obair sin."

Dúirt An Taisce, a rinne na suirbhéanna thar ceann IBAL: "D'éirigh thar barr leis an gceantar mór uirbeach seo tar éis dó teacht ar ais go dtí an tSraith. Is deashampla é Sord a bhféadfadh áiteanna eile aithris a dhéanamh air. Bhain an Cosán Cois Abhann agus Ionad Siopadóireachta an Chaisleáin an rangú is airde amach an uair seo, chomh maith le Páirc Bhaile Shoird (a bhí thar barr ó thaobh cur i láthair agus cothabhála de), Caisleán Shoird agus an Phríomhshráid - bhí cuma mhaith ar an gceann deireanach mar gheall ar na mullaird airgid, crobhaingí bláthanna, ealaín ar bhoscaí solais tráchta, suíocháin srl."

Dúirt David Storey, Stiúrthóir na nOibríochtaí i gComhairle Contae Fhine Gall: "Is aitheantas don obair ar fad a dhéantar chun Sord a choinneáil glan agus saor ó bhruscar é a bheith chomh ard ar liosta na bliana 2019, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a rinne obair chun é sin a chumasú."

Mar chuid den tSraith Frithbhruscair IBAL, déanann An Taisce monatóireacht ar bhailte go neamhspleách agus i gcomhréir le caighdeán grádaithe idirnáisiúnta.

Bhí an tSraith Frithbhruscair IBAL ar siúl don 17ú bliain in 2019.