Ag Tochailt Dhroim Meánach: Séasúr 3

Digging Drumanagh 3

Ag tógáil ar rath séasúir tochailte pobail roimhe seo tá Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, an seandálaí Christine Baker, ag tabhairt faoi thochailt eile ag dún cinn tíre Dhroim Meánach le foireann seandálaithe gairmiúla agus oibrithe deonacha ón bpobal áitiúil agus níos faide i gcéin. I mbliana tá an tochailt ar siúl ag an am céanna le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus táthar ag súil go dtabharfaidh daoine cuairt ar feadh na coicíse, ach ná déan dearmad gur do dhaoine os cionn 18 amháin atá an tochailt féin.

Is suíomh seandálaíochta tábhachtach náisiúnta é Droim Meánach agus baineann suntasacht idirnáisiúnta leis freisin ó thaobh gaol na hÉireann leis an domhan Rómhánach.

‘Tá tochailt pobail ina chuspóir ag Staidéar Caomhantais agus Plean Bainistíochta Dhroim Meánach, mar sin is iontach an rud é a bheith ag tabhairt faoi shéasúr tochailte eile ar an suíomh’ a dúirt Christine. ‘Beimid ag fiosrú conair atá le feiceáil ar ghrianghraif ón aer a shíneann ó phointe teacht i dtír féideartha. Cuirfidh an méid a nochfaimid bonn eolais ar fáil do bhainistíocht an tsuímh amach anseo. Tá sé thar a bheith spreagúil freisin don phobal áitiúil a bhfuil an oiread sin grá acu don suíomh’.

 

Digging Drumanagh

Nocht séasúir tochailte roimhe seo fianaise ar an Iarannaois ag an suíomh, agus potaireacht ón Spáinn Rómhánach, ina mbeadh ola olóige, aimsithe ag an suíomh. Is féidir dhá chíor beanna maisithe agus dornchla ó chlaíomh beag a aimsíodh a dhátú go dtí an 1ú-3ú haois AD. Léiríonn dátú radacarbóin de dhá chnámh daonna agus síolta raon dáta gaolmhar.

‘Na daoine dofheicthe a tugadh ar mhuintir na hIarannaoise. Anseo i nDroim Meánach tá fianaise againn ar lonnaíocht, ar thrádáil, ar bhás agus ar adhlacadh ó dhá mhíle bliain ó shin, iad seo ar fad nochtaithe ag pobal an lae inniu’ a dúirt an seandálaí Christine Baker.

 

 

 

Digging Drumanagh 2

Beidh séasúr 3 den tochailt pobail Ag Tochailt Dhroim Meánach ar siúl idir 17 Lúnasa agus 31 Lúnasa 2022. Más mian leat páirt a ghlacadh nó más mian leat léamh faoin obair atá déanta go dtí seo téigh le do thoil chuig https://www.fingal.ie/digging-drumanagh nó déan teagmháil le hOifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall ag [email protected]