Maoiniú an Achta Ealaíon 2003

Spreagann Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall agus tacaíonn sí le gníomhaíocht chultúrtha laistigh d'Fhine Gall. Cuireann an Oifig tacaíocht airgeadais ar fáil do ghrúpaí eagraithe ealaíon agus pobail faoi Alt 6 den Acht Ealaíon 2003. Tugtar an maoiniú sin chun:

  • Leas an phobail sna healaíona a spreagadh
  • Eolas agus tuiscint ar na healaíona agus cleachtas ealaíon a chur chun cinn
  • Tacú le caighdeáin na n-ealaíon ar fud an Chontae a fheabhsú

Deartar na deontais sin go sonrach le haghaidh imeachtaí agus léirithe a mbeadh tóir ar fud na tíre orthu agus a chuireann go dearfach le saol cultúrtha Fhine Gall. Tá tacaíocht airgeadais ar fáil chomh maith dóibh siúd a eagraíonn féilte ealaíon agus imeachtaí cultúrtha eile gach bliain sa chontae. Tá maoiniú ar fáil d'aon ghrúpa pobail, spóirt nó deonach bunaithe i gceantar Fhine Gall.

Tá dhá chineál maoinithe ar fáil:

  1. Maoiniú do Ghníomhaíochtaí
  2. Maoiniú d'Áiseanna

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na deiseanna maoinithe atá ar fáil, téigh i dteagmháil le [email protected]