Maidir le Graphic Studio Dublin

Cuireadh Graphic Studio Dublin ar bun in 1960 chun éascaíocht a dhéanamh ar an bpróiseas déanta priontaí chun smaointe ealaíonta a chur in iúl agus chun éascaíocht a dhéanamh ar chleachtais rathúla oibre a fhorbairt d'ealaíontóirí i ngach céim a ngairmeacha.

Cuirimid áiseanna déanta priontaí agus tacaíocht theicniúil i dtimpeallacht thacúil oibre, múinimid na scileanna riachtanacha chun cur ar chumas ealaíontóirí cleachtais oibre rathúla a fhorbairt, agus chun go mbeidh ealaíontóirí ábalta úsáid a bhaint as meáin chló chun cleachtais ealaíne a mhéadú.

Déanann Graphic Studio Dublin éascaíocht ar na teicnící priontála seo a leanas: eitseáil, liteagrafaíocht, lionóilghearradh, turbhior, carbaram, prionta bloc adhmaid, prionta uiscimire, cabhraíocht dhall, collagrafaíocht, litirphreas, meisitint, agus scagphrionta. Is croílár ár n-éitis é tacaíocht theicniúil a thabhairt d'ealaíontóirí ar baill iad sna teicnící déanta priontaí thuasluaite, agus cuirimid oideachas ar fáil maidir leo chomh maith.

www.graphicstudiodublin.com