The Dove - Scéal Cholm Cille i mBaile Átha Cliath

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar 1500 bliain ó rugadh duine de naoimh ba bhisiúla na hÉireann - Naomh Colm Cille, tá sraith faisnéise seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Éire Ildánach faoi shaol an naoimh agus an nasc a bhí aige le Sord.

Scrúdaítear mar chuid den tsraith físeáin ceithre chuid scéalta maidir le ‘The Dove’ agus chaith an láithreoir Pamela Finn tamall i gcomhluadar an tseandálaí agus an staraí aitheanta, an Dr Brian Lacey, chun Naomh Colm Cille agus a oidhreacht a phlé.

Tugann an Dr Lacey an lucht féachana ar aistear foghlama faoi shaol an naoimh, agus míníonn sé an bunús atá le ‘Colúr an tSéipéil’ a lua lena ainm. Chomh maith leis sin, mar chuid den tsraith faisnéise seo scrúdaítear an scéal cáiliúil a bhaineann leis an gcogadh stairiúil a tharla i ndiaidh breithiúnais chóipchirt Chomh Cille agus Naomh Fhinnéin a bhfuil an seanrá seo a leanas luaite leis, "To every cow belongs her calf, therefore to every book belongs its copy."

Ba é Colm Cille a bhunaigh An Mhainistir Dhubh i nDoire agus mainistreacha i gCeanannas sa Mhí, Darú in Uíbh Fhailí agus Sord i mBaile Átha Cliath, agus mainistreacha eile nach iad. Tá fianaise fós ar fáil den lonnaíocht eaglasta a bunaíodh i Sord sa séú haois, atá bunaithe mórthimpeall ar Shéipéal Naomh Cholmáin, Séipéal de chuid Eaglais na hÉireann ar Bhóthar an Teampaill. Sa chlár faisnéise seo, a taifeadadh mórthimpeall ar Shord, foghlaímid conas ar spreag an mhainistir forbairt an bhaile. Chomh maith leis sin, tagraíonn an Dr Lacey don úsáid a bhain Teaghlach Uí Dhomhnaill as taise Cholm Cille i rith cogaidh as a d’eascair an t-ainm ‘The Battle Book’.

Cuid 1

Cuid 2

Cuid 3

Cuid 4