Oíche Chultúir 2022 Oíche do Chách

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár iontach imeachtaí saor in aisce a fhógairt a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúla i bhFine Gall chun Oíche Chultúir 2022 a cheiliúradh.  

Culture Night Cover 2022

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár iontach imeachtaí saor in aisce a fhógairt a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúla i bhFine Gall chun Oíche Chultúir 2022 a cheiliúradh.  Anois ina seachtú mblian déag, filleann Oíche Chultúir, imeacht poiblí náisiúnta bliantúil a cheiliúrann cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona, De hAoine 23ú Meán Fómhair. Ar feadh oíche amháin síneoidh eagraíochtaí ealaíon agus cultúir, caisleáin agus tithe stairiúla i bhFine Gall a n-uaireanta oscailte don phobal, ag cur béime ar an saibhreas áiseanna cultúrtha agus daoine cumasacha sa cheantar.

Cuimsíonn clár eicléictiúil na bliana seo gníomhaíochtaí cultúrtha beo saor in aisce ag ionaid agus láithreacha rannpháirteacha. Is féidir le lucht féachana de gach aois taitneamh a bhaint as éagsúlacht ceoil, filíochta, taibhithe, ceardlanna, ealaín, ailtireacht, turais agus cainteanna atá cláraithe go sonrach don Oíche Chultúir i bhFine Gall.

Bain taitneamh as caint taispeántais agus turas líníochta ar (R)OARS leis an ealaíontóir Michelle Hall nó glac páirt i gceardlanna idirghníomhacha ar spásanna poiblí, ailtireacht agus amharclannaíocht óige ag Draíocht. Óstálfaidh Leabharlanna Fhine Gall raon imeachtaí teaghlaigh ag Leabharlann Mhullach Íde agus Leabharlann Bhaile Bhlainséir agus is féidir le cuairteoirí turas a thabhairt ar na bailiúcháin stairiúla móréilimh ag Staidéir Áitiúla agus Cartlann Fhine Gall i Sord.

Cuirfidh mol Ár mBaile Brigín fáilte roimh chuairteoirí go Cearnóg Sheoirse, áit a mbaileoidh ceoltóirí, ealaíontóirí agus grianghrafadóirí áitiúla le haghaidh léirithe ceoil ar an toirt, léamha agus taispeántais dá saothar. Ag glacadh páirte san Oíche Chultúrtha freisin tá Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann, áis cheoil den scoth i mBaile Brigín, a bheidh mar óstach ar thaibhithe ceoil beo agus beidh deis ag cuairteoirí chuig Caisleán Ard Giolláin bualadh leis na healaíontóirí agus na dearthóirí cónaitheacha ina stiúideonna ealaíontóirí saincheaptha.

Tá réalteolaithe ó Réadlann Dhún Sinche DIAS ag súil go mórmhór le filleadh ar imeachtaí pearsanta faoi dheireadh, bígí leo le haghaidh cainteanna cosmacha agus turais féintreoraithe i measc na réalta. Is féidir le cuairteoirí dul ag spaisteoireacht trí limistéir áille taobh istigh na réadmhaoine oidhreachta is fearr i bhFine Gall freisin, mar shampla an halla mór ag Caisleán Mhullach Íde a athosclaíodh le déanaí agus ceathrúna na seirbhíseach ag Teach agus Feirm an Droichid Nua nó cad faoi dul chuig an Iarnród Mionsamhla Fry fíoriontach atá lonnaithe i Músaem an Casino, Mullach Íde.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Howard, “Is deis iontach í Oíche Chultúir cuairt a thabhairt ar ár réadmhaoine oidhreachta iontacha agus chun dul i mbun gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl ar fud an chontae, ó thaibhléirithe ceoil beo, turais, scéalaíocht agus taispeántais go réaltóireacht ag Réadlann Dhún Sinche DIAS. Tá rud éigin ann do chách i ndáiríre.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly ,“Tá an-áthas orm an clár spreagúil imeachtaí saor in aisce seo atá pleanáilte don Oíche Chultúir i bhFine Gall a chur i láthair, ag ceiliúradh ár n-oidhreachta shaibhir chultúrtha, ár gcruthaitheachta agus na healaíona agus tréaslaím le gach duine atá páirteach ann.”

Tabhair cuairt ar www.fingal.ie   www.fingalarts.ie/news le haghaidh tuilleadh eolais agus clár   imeachtaí atá lonnaithe i bhFine Gall agus le haghaidh an chláir náisiúnta iomlán féach www.culturenight.ie