Faisnéis maidir le Torann Aerárthaí

Faisnéis maidir le torann aerárthaí a léiriú

Tá go leor bealaí ann chun tionchar torainn aerárthaí ar na pobail agus ar na háiteanna timpeall aerfoirt a léiriú. D’fhéadfadh go mbainfeadh faisnéis le teagmhas aerárthaigh aonair nó d’fhéadfadh go mbainfeadh sí le meán na dteagmhas go léir a tharla thar thréimhse sonraithe ama. Ní ghabhann roinnt méadraigh teagmhais aonair ach an t-uasleibhéal fuaime a bhraitear le linn an teagmhais sin agus gabhann cuid eile leibhéal iomlán an fhuinnimh fuaime laistigh de theagmhas áirithe.

Déanfaidh ANCA iarracht faisnéis a léiriú i bhformáid atá furasta le tuiscint ach i gcás go bhfuil úsáid téarmaí teicniúla dosheachanta, míneoimid cén fáth a n-úsáidimid na téarmaí sin agus cad is brí leo.

Comhrianta torainn

Is éard is comhrianta torainn ann  ná línte ar léarscáil a nascann pointí atá ar an  leibhéal nochta torainn céanna. Is modh caighdeánaithe tionscail iad comhrianta chun torann meánach aerárthaí (nó torann tuartha) braite ag daoine a bhfuil cónaí orthu timpeall aerfoirt. Go traidisiúnta ríomhtar iad thar thréimhse 16 uair (07:00 - 23:00) le linn na tréimhse samhraidh 92 lá is gnóthaí don aerfort ón 16 Meitheamh go dtí an 15 Meán Fómhair. Féadfaidh comhrianta faisnéis faoi theagmhais a tharla san am atá thart nó coinníollacha tuartha sa todhchaí a léiriú.

Éascaíonn úsáid comhrianta torainn mheánaigh: -

  • scrúdú ar threochtaí nochta torainn le himeacht ama agus ar thionchar torainn aerárthaí;
  • comparáid idir cásanna oibriúcháin éagsúla;
  • scrúdú ar thionchar tuartha tograí forbartha.

Cén fáth a n-úsáideann ANCA na méadraigh Lnight agus Lden?

Tá modh mapála torainn coiteann forordaithe i  Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Torann Comhshaoil) 2018 (ENR) d’fhonn measúnuithe a chaighdeánú agus chun go mbeidh sé níos éasca comparáid  a dhéanamh idir sonraí a chur trasna tíortha. Éilíonn na caighdeáin seo go n-úsáidtear an méadrach oíche (Lnight) agus an méadrach lae-tráthnóna-oíche (Lden).

Tá na méadraigh seo forordaithe freisin le Rialachán Torainn Aerárthaí AE 598/2014 agus úsáidtear iad mar chuid de thaighde agus de threoir maidir le tionchar torainn aerárthaí ar shláinte agus ar cháilíocht na beatha.

Beidh léarscáileanna comhrianta a bhaineann le cásanna nó le measúnuithe a dhéantar de réir na gcaighdeán reachtach seo léirithe san fhormáid seo.

An fáth a n-úsáideann ANCA an méadrach LAeq.16

Baineann roinnt coinníollacha pleanála stairiúla maidir le hAerfort Bhaile Átha Cliath (scéimeanna inslithe mar shampla) le LAeq16, an méadrach lae-tráthnóna don tréimhse samhraidh 92 lá is gnóthaí. Tá úsáid méadracgh breise mar seo ceadaithe ag an reachtaíocht i gcás go bhfuil siad ábhartha do chúinsí áitiúla. Léireoidh ANCA faisnéis i méadrach an choinníll phleanála ábhartha nuair is iomchuí.

Cad a chiallaíonn na méadraigh seo?

Lden

(leibhéal torainn lae-tráthnóna-oíche in dB):

an meán-tháscaire bliantúil fadtéarmach i ndeicibeilí, atá ceaptha chun bearrán a mheas. Tagraíonn sé do mheánleibhéal brú fuaime A-ualaithe thar gach lá, tráthnóna agus oíche i rith bliana, le hualú tráthnóna 5 dB agus ualú oíche 10 dB toisc go mbíonn torann níos bearránaí i rith na dtréimhsí seo.

 

Lnight

(leibhéal torainn oíche in dB):

an meán-tháscaire bliantúil fadtéarmach i ndeicibeilí, atá ceaptha chun suaitheadh codlata a mheas. Tagraíonn sé do mheánthréimhse nochta oíche A-ualaithe.

LAeq.16

(leibhéal torainn lae -tráthnóna in dB)

an meán-tháscaire fadtéarmach i ndeicibeilí, don tréimhse lae-tráthnóna le linn na tréimhse samhraidh 92 lá is gnóthaí ón 16 Meitheamh go dtí an 15 Meán Fómhair. Tagraíonn sé do ghnáth-nochtadh torainn A-ualaithe thar an tréimhse seo. Ní ghabhann an méadrach seo torann oíche as féin agus is minic a úsáidtear é in éineacht le méadrach oíche 8 n-uaire ar a bhfaightear an meán thar an tréimhse 92 lá céanna (m.s. LAeq.8).

A-ualú

Is féidir torann a thomhas agus a mheas go hoibiachtúil ach bíonn freagairt dhifriúil ag daoine ar mhinicíochtaí éagsúla. Is éard is A-ualú ann ná coigeartú chomhaontaithe tionscail a dhéantar ar thomhais fuaime chun freagairt chluas an duine a mhacasamhlú. De ghnáth léirítear é mar dB(A).

Tá tréimhsí lae sainmhínithe sa reachtaíocht mar:

 07:00-19:00; Tráthnóna 19:00-23:00; Oíche 23:00-07:00; Lá 16-Uair 07:00-23:00.

 

Aircraft Noise Information Gaeilge

Cá bhfaighidh mé méadraigh eile?

Cé go bhfuil léarscáileanna comhrianta úsáideach chun críocha measúnaithe, ní bhraitear fuaim ar bhealach meánach agus b’fhéidir go mbeidh méadraigh eile ag teastáil chun tionchar teagmhas aerárthaigh aonair ar do theach nó ar do ghnó a mheas. Tá siad seo ar fáil ar láithreán gréasáin an údaráis aerfoirt d’Aerfort Bhaile Átha Cliath ag: https://www.dublinairport.com/corporate/corporate-social-responsibility/noise/airport-noise-noise-reports.

Tá léarscáileanna comhrianta do na scéimeanna inslithe tí a bhaineann le hAerfort Bhaile Átha Cliath mar aon le comhrianta meán-nochta torainn  aerárthaí 2019 ar fáil  here.