Siúlóid Scéil Ard Giolláin

Tá an tionscadal Cosán Scéalaíochta suite i gCaisleán & Diméim Ard Giolláin ina bhfuil radharcanna áille, siúlóidí foraise, clós súgartha, gairdíní bearrtha go néata chomh maith le go leor spáis oscailte do leanaí chun bheith ag rith agus ag súgradh agus ag baint taitnimh as bheith amuigh faoin spéir. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal Cosán Scéalaíochta eispéireas don teaghlach a chruthú ina measctar an chruthaitheacht, an litearthacht agus an aclaíocht ar bhealach atá spraoiúil agus idirghníomhach.

Tá cead tugtha ag Niamh Sharkey, údar, maisitheoir agus iar-Chraobh-Údar na bPáistí, do Chomhairle Contae Fhine Gall a leabhar “The Ravenous Beast” a chur ar taispeáint ar feadh an Chosáin Scéalaíochta, agus tá sí sásta freisin léitheoireacht leabhar agus seisiún tarraingthe a dhéanamh i gCaisleán Ard Giolláin. Má tá sé riachtanach an léitheoireacht leabhar a réamhthaifeadadh as cúiseanna a bhaineann le Covid, beidh sé ar fáil ar 12 Meitheamh ar an leathanach gréasáin liostaithe thíos.

Beidh leathanaigh den leabhar iontach atá scríofa ag Niamh curtha suas ar chuaillí saindéanta ar fud cosáin siúlóide foraise agus cuirfidh sé gliondar croí ar dhaoine agus iad ag siúl sa timpeallacht ghlórmhór seo.

Is dea-scéal é go bhfuil an tionscadal seo taobh amuigh agus is féidir é a dhéanamh ar do luas féin. Beidh daoine ina n-aonaid teaghlaigh agus tá an cosán Covid-bháúil.

Dáilfear cópieanna de “The Ravenous Beast” ar ranganna naíonáin shóisireacha sa cheantar áitiúil agus táthar ag súil go dtabharfar amach 1000 cóip den leabhar ar an mbealach seo.

Tá sé geallta ag Síoga na Leabhar i bhFine Gall go n-eitleoidh siad go dtí 6 pháirc eile i bhFine Gall ar 12 Meitheamh chun cóipeanna den leabhar a dháileadh.

 

Osclófar Siúlóid Scéil Ard Giolláin Dé Sathairn seo chugainn 12 Meitheamh 2021 ó 11 i.n.Bígí linn chunu taitneamh a bhaint as siúl tríd na coillte áille agus na daoine óga ríméadach leis eachtraí an RAVENOUS BEAST ar an mbealach.

Gach eolas faoi Cruinniú na nÓg i bhFine Gall anseo 

Niamh Sharkey Art Competition

Comórtas Dathúcháin

Duaiseanna le buachan!

Thug Niamh Sharkey, údar an Ravenous Beast, 6 léaráid iontacha dúinn le carachtair óna leabhar. Chun d'iontráil a chur isteach íoslódáil an líníocht is fearr leat agus dath é  Iarr ar dhuine fásta pictiúr de a phostáil ar Facebook le d’ainm ag baint úsáide as na Hashtags #CruinniunanogFingal #FingalLibraries.

 

Colour in the Story Trail

Colour in the Ravenous Beast 

I'm so hungry I could eat....

Make a Yummy Meal for the Ravenous Beast

Where is the Little White Mouse

Draw a Comic