Seisiún Sheachtain na Gaeilge leis an Ionad Seamus

Bí linn fad a dhéanaimid ceiliúradh ar cheol traidisiúnta na hÉireann i seisiún ar líne le Conal Ó Gráda, Muireann Nic Amhlaoibh agus Billy Mag Fhloinn, Roisín Chambers agus Luke Ward, Caitlín Nic Gabhann agus Ciarán Ó Maonaigh, 6 Márta 8.30. 

Bí i do bhall den lucht féachana Zoom ó áit ar bith ar domhan agus déan idirghníomhú leis na ceoltóirí trí thicéid a chur in áirithe (saor in aisce) anseo. Seinnfear an seisiún beo ar ár gcainéil Facebook agus YouTube chun gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint astu.

Beo ar Facebook : https://www.facebook.com/events/246336280554425/

Beo ar YouTube: https://youtu.be/dKUnIwc4j0k

Na Ceoltóirí:

Cónaíonn an Corcaíoch Conal ó Gráda i nGaeltacht Mhúscraí agus sheinn sé an fheadóg mhór ó bhí sé óg. Tá dhá albam leis féin aige, The Top of Coom (1990) agus Cnoc Buí (2008) agus d’fhoilsigh sé leabhar freisin ar cheol traidisiúnta a sheinm ar an bhfeadóg mhór dar teideal ‘An Fheadóg Mhór, Traditional Flute Technique’.  Múineann (go príobháideach, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ag scoileanna samhraidh) agus seinneann Conal leis an mbanna The Raw Bar Collective na laethanta seo. 

Amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta ó Chorca Dhuibhne, Iarthar Chiarraí, í Muireann Nic Amhlaoibh a bhuaigh roinnt gradam. Is eiseamláir mhór stíl an tsean-nóis í agus tá amhráin ó réimse fairsing foinsí ina stór aici, idir cheol na ndaoine agus cheol comhaimseartha. Chaith sí gairm bheatha faoi rath mar ealaíontóir turais, agus chaith sí breis agus trí bliana déag mar phríomhamhránaí agus seinnteoir ar an bhfeadóg mhór leis an sárghrúpa ceoil thraidisiúnta Éireannaigh Danú agus chaith sí go leor blianta ag seinm mar ealaíontóir aonair freisin. Láithreoir teilifíse ar a bhfuil an-mheas í Muireann, i ndiaidh di bheith ina láithreoir ar réimse clár do chláir theilifíse in Éirinn agus san Albain, le deich mbliana anuas, an tsraith ceoil thraidisiúnta “Port” san áireamh a raibh an-tóir air. Cuireann sí a clár féin ceoil i láthair “Malairt Poirt le Muireann” faoi láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus rinne sí comhoibriú le go leor ceoltóirí i seánraí idir ceol traidisiúnta agus clasaiceach agus idir ceol domhanda agus ceol leictreonach.

Tá a fear céile, Billy Mag Fhloinn i dteannta Mhuirinn, agus is fear dúchasach Luimnigh, Éire é. Tá a PhD i mBéaloideas na hÉireann, agus B.A. sa tSeandálaíocht, ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath bainte amach aige. Chomh maith le léachtóireacht agus teagasc a dhéanamh maidir leis an teilifís agus sna meáin, is ceoltóir freisin é agus oibríonn sé ó am go ham mar threoraí turais ar Leithinis Dhaingean Uí Chúis.  

Amhránaí sean-nóis agus fidléir í Róisin Chambers. Is ó theaghlach ceoltóirí í agus d’fhás sí aníos agus an ceol agus an cultúr Éireannach agus an Ghaeilge mórthimpeall uirthi. I measc a múinteoirí, bhí Oisín Mac Diarmada agus Terry Crehan. Bhí an t-ádh uirthi gurbh iad Úna Bean Mhic Mhathúna agus Séamus Mac Mathúna a múinteoirí, a thug blaiseadh den amhránaíocht ar an sean-nós di fad a bhí sí óg. I dtaobh na n-amhrán a chasann sí, b’amhránaíocht Dharaigh Uí Chatháin and stíl Chonamara den sean-nós ba mhó a chuaigh i gcion uirthi nuair a bhí sí ag fás aníos. Thabharfadh Róisín amhránaí sean-nóis Bhaile Átha Cliath uirthi féin, áfach, nuair a bhí sí ag fás aníos i mBaile Átha Cliath. Is iomaí ealaíontóir ar chas agus thaifead Róisín leo le 15 bliana anuas, The Bonny Men, Gerry O’Connor agus Desi Wilkinson, Salsa Celtic, At First Light, Lúnasa, Martin Hayes, Cathal Hayden san áireamh agus tháinig sí i láthair ar go leor cláir theilifíse agus raidió in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe chomh maith.

I dteannta Róisín, tá an seinnteoir cáiliúil basúcaí, Luke Ward. Tá sé an-ghníomhach i saol beo bríomhar an cheoil Éireannaigh i mBéal Feirste, áit a gcónaíonn sé. Sheinn sé ceol le Róisín ó bhí an bheirt acu ina ndéagóirí agus iad ag seinm ag Festival Interceltique in Lorient. 

Seaimpín Uile-Éireann consairtín trí huaire í Caitlín Nic Gabhann agus seinneann sí go rialta ag féilte agus i hallaí ceolchoirme ó Mheiriceá Thuaidh soir go dtí an Áise. Rinceoir cumasach í freisin agus rinne sí turas timpeall an domhain le Riverdance mar rinceoir compántais. Tá foinn á gcumadh aici ó bhí sí deich mbliana d’aois agus sheinn sí a cuid cumadóireachta in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí agus sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath agus rinne ceoltóirí cáiliúla in Éirinn agus thar lear taifeadadh ar a cuid ceoil. Múineann sí an consairtín gach bliain i scoileanna samhraidh agus geimhridh in Éirinn, san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sheinn sí le Ceathairéad Vanbrugh RTÉ, Paddy Keenan, Liam Ó Maonlaí, le haghaidh Uachtarán agus Daoine Ríoga timpeall an domhain, agus ba dhéanaí a sheinn sí ag 'Ceiliúradh' i Halla Ríoga Albert, Londain mar aoi leis an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn. Bhuaigh a chéad CD aonair, Caitlín, 'CD na Bliana' 2012 a bhronn tradconnect.com agus bhronn The Wall Street Journal ‘an t-albam traidisiúnta Éireannach is fearr in 2012’ ar an CD freisin. 

Bronnadh Ceoltóir Óg na Bliana TG4 roimhe seo ar an bhfidléir Ciarán Ó Maonaigh agus is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall dó. Nuair a bhí sé ag fás aníos, d’imir a theaghlach sínte tionchar mór air; a sheanathair agus a mhúinteoir Francie Mooney, baill den bhanna Altan, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy, an fidléir Dermot McLaughlin ó Dhoire anuas ar laoch na fidle ó Dhún na nGall, John Doherty i measc daoine eile. Scaoileadh le chéad albam Chiaráin, Ceol a’Ghleanna in 2004. Is ball freisin é den bhanna Fidil in éineacht le Aidan O’Donnell agus Damien McGeehan, agus scaoil siad le 3 albam mhóra le rá. Dúradh in Irish Music Magazine gurbh é Fidil, a scaoileadh i Meitheamh 2008, “Ceann de na halbaim is dúshlánaí agus is áille diolba le caoga bliain anuas”, scaoileadh le 3 in 2009 agus bronnadh léirmheas 5 réalta agus CD na seachtaine air in The Irish Times. Scaoileadh The Old Wheel of Fortune in 2011 agus luadh in irisleabhar Songlines gurbh é “ceann de na halbaim is áille a eisíodh in Éirinn le deich mbliana anuas.” Úsáideadh ceol Chiaráin i scannáin, ar an teilifís agus ar chláir raidió, an gearrscannán Noreen san áireamh a bhuaigh gradam agus a scríobh Domhnall Gleeson agus ina raibh an phríomhpháirt ag Brendan Gleeson. Sa tionscal teilifíse, is mó a oibríonn Ciarán le cláir faisnéise faoin gceol a dhéanamh. Léirigh sé cláir faisnéise faoin gceol do TG4 – Cairdeas na bhFidiléirí agus John Doherty - Ar Leirg na Gaoithe, ar tugadh ardmholadh dó agus bronnadh Gradam Celtic Media ar an gClár Faisnéise ar na hEalaíona sna Tíortha Ceilteacha is Fearr air in 2013. In 2009, rinne sé clár faisnéise a mhair uair an chloig a chur i láthair, a léiriú agus a stiúradh do TG4 bunaithe ar a sheanathair, nach maireann, dar teideal Francie Mooney – Áit i Mo Chroí. D’oibrigh sé mar chomhordaitheoir léiriúcháin, taighdeoir agus láithreoir ar roinnt mhaith sraitheanna teilifíse do TG4 agus do raidió agus teilifís RTÉ, cosúil le Sé Mo Laoch, Cérbh É, Cérbh Í, The Raw Bar, Geantraí, The Full Set agus Ceolta Chiaráin.

 

Seachtain Seamus Ennis