Buachloch

Tabharfaidh ‘Buachloch’ blaiseadh do daltaí na hidirbhliana i bhFine Gall de cad is ‘bailiúchán’ ann. Scrúdóidh an t-ealaíontóir Barbara Knežević, an coimeádaí Rayne Booth agus na daltaí an bailiúchan i dTeach Newbridge, Domhnach Bat, agus pléifidh siad cén fáth a mbailíonn daoine rudaí, cén fáth an bhfuil roinnt rudaí níos luachmhaire dúinn ná rudaí eile, agus an bhrí atá ag ábhair agus earraí.

Tá bailiúchán álainn de shaothar ealaíne agus d’earraí luachmhara le fáil i dTeach Newbridge, bailithe ag an gclann Cobbe. Cuirfidh coimeádaí Theach Newbridge, Cathal Dowd Smith, turas fíorúil i láthair de bhailiúchán an eastáit leis na daltaí agus cuirfidh sé ar an eolas iad i dtaobh an Wunderkammer, caibinéad ina bhfuil rudaí iontacha ar taispeáin, rud a thionscain an Bantiarna Cobbe (1733-1806).

Cuirfidh na daltaí aithne ar shaothar ealaíne Barbara, agus féachfaidh siad ar na mianraí, na clocha, an chré, an chéir agus earraí agus ábhair luachmhara eile a úsaideann sí. Iarrfar ar na rannpháirtithe smaoineamh ar na hearraí atá ina ngnáthshaol, agus na hearraí i dTeach Newbridge a phlé roimh cinneadh a dhéanamh mar gheall ar na hearraí ar mhaith leo go mbeadh siad ina mbailiúchán féin agus cén fáth.

Tabharfaidh Barbara treoir do na daltaí chun go gcruthóidh siad a n-earraí agus a ndealbha pearsanta féin ag baint úsáide as cré agus céir beach. Ag deireadh na gceardlann, beidh roinnt earraí luachmhara ag gach rannpháirtí atá cruthaithe acu féin agus a chuirfear ar taispeáint ag an taispeántas deiridh.

Beidh scannán faisnéise den phróiseas le feiceáil ar 12 Meitheamh, 2021. Beidh an taispeántas ag brath ar na srianta-covid a bheidh i bhfeidhm ag an am maidir le líon na ndaoine ar féidir leo teacht le chéile taobh istigh.

Tá sonraí iomlána de Chruinniú na nÓg i bhFine Gall le feiceáil  anseo