Diméin agus Páirc Réigiúnach Chaisleán Mhullach Íde

Malahide Castle Reception

Tá siúlóidí deasa, áiteanna súgartha, áiseanna spóirt, agus siamsaíocht don teaghlach ar fad le fáil i nDiméin agus i bhfearann páirce Chaisleán Mhullach Íde.

Tá Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde suite sa pháirc álainn 268 n-acra (109 heicteár) seo. Rinneadh athchóiriú le déanaí ar an gcaisleán, agus bainfidh an uile chuairteoir spraoi agus tairbhe as cuairt anseo. Tá deis ann freisin taitneamh a bhaint as an mbia álainn i mbialann Avoca nó earraí nó giuirléidí a cheannach i siopa na bialainne.

Tá clós súgartha mór do pháistí sa pháirc freisin, mar aon le galfchúrsa lánfhorbartha 9 bpoll par 3, cúrsa galf dhá mhaide 18 bpoll, páirceanna imeartha, cúirteanna leadóige, páirc cruicéid, agus conair aclaíochta.

Déanann Oidhreacht na Sionainne bainistíocht ar Chaisleán agus Gairdíní Mhullach Íde. Chun teacht ar bhreis faisnéise, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin an chaisleáin www.malahidecastleandgardens.ie

Ní ghlacann sé tamall fada siúl chuig an gconláiste ó lár Shráidbhaile Mhullach Íde Sráidbhaile, agus tá sé suite i ngar don stáisiún traenach áitiúil. Tá an Caisleán agus na Gairdíní ar na comharthaí bóthair ón M1/N1 ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste agus ar an  bpríomhbhóthar ó Bhaile Átha Cliath go Mullach Íde má thaistealaítear ann i ngluaisteán. Má thaistealaítear ann ar bhus, is féidir seirbhís 42 ó Shráid Thalbóid i lár chathair Bhaile Átha Cliath a úsáid.

Is gairdíní ornáideacha iad Gairdíní Lusanna Mhuintir Talbot i bPáirc Réigiúnach Chaisleán agus Dhiméin Mhullach Íde atá in aice an chaisleáin,  agus ina bhfuil thart ar 22 acra. Tá breis is 5,000 cineál éagsúil speiceas agus plandaí ann. Shannon Heritage, thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall, a dhéanann an Gairdín a bhainistiú.

Uaireanta Oscailte

Is éagsúil a bhíonn uaireanta oscailte i rith na bliana. Bíonn sé ar oscailt in Eanáir, Samhain agus Nollaig ó 9am go 5pm, agus bíonn sé ar oscailt i bhFeabhra agus Márta ó 9am go 6pm. Bíonn sé ar oscailt in Aibreán agus Meán Fómhair go dtí 8pm, agus bíonn sé ar oscailt ó Bhealtaine go Lúnasa go dtí 9pm. Bíonn an pháirc ar oscailt i nDeireadh Fómhair go dtí 7pm.