Eaglais Dúiligh

In aice le Mullach Íde i gCionn Sáile tá Eaglais Dúiligh suite i lonnaíocht mhanachúil arna bunú ag Naomh Dúiligh sa 7ú haois. Tógadh í sa 12ú haois, agus tá go leor tréithe le fáil san eaglais de shéipéil luath Shacsanacha agus tá na ballaí bunaidh trí throigh ar leithead.

Tá 7 n-árasán ar fad san eaglais, lena n-áirítear fuinneog lobhrán, trínar ligeadh don íospartach trua an Chomaoineach Naofa a fháil agus cill aithrí inar d’fhan an sealbhóir i ngan fhios don saol go dtí gur athraigh sé a bhealaí.

In aice leis an séipéal tá baistealann, ar a dtugtar Tobar Dúiligh agus os a cionn tá áras ochtagánach. Is uathúil an tobar seo sa mhéid is gurb í an t-aon bhaistealann scoite atá fós le feiceáil sa tír. Sa bhliain 1609 clúdaíodh an taobh istigh le freascónna ar an tsíleáil agus ar na ballaí, lena n-áirítear íomhánna de Naomh Pádraig, Naomh Bríd, Naomh Colm Cille agus Naomh Dúiligh atá gléasta mar dhíthreabhach a bheadh ann. Níl aon iarsmaí fágtha toisc gur scrios Sir Richard Bulkeley as Dún Luáin iad nuair a d'fhill sé ó Chath na Bóinne. In aice leis an mbaistealann ochtagánach tá linn snámha faoin aer le suíocháin chloiche, ar a dtugtar linn Chaitríona. Bhí cáil ar an tobar mar gheall ar éifeachtaí leigheasacha dá uisce agus reáchtáladh patrúin anseo go dtí gur thosaigh círéibeacha. Chuir an chléir cosc ar na patrúin sa 19ú hAois.

Gach Ceart Ar Cosaint © Comhairle Contae Fhine Gall