Deontas Restart Plus - Ceisteanna Coitianta

Ar an meán, beidh sé mar aidhm againn iarratais a phróiseáil (is é sin freagraí Tá/Níl/a thuilleadh faisnéise de dhíth) laistigh de dhá seachtaine. D’fhéadfadh sé nach mbeidh sin indéanta sna luathchéimeanna má tá borradh mór tosaigh ar iarratais ann.

Sa chuid is mó de chásanna (ach féach CCanna 11, 12, 13 agus an Tábla ag an deireadh) beidh an deontas comhionann le méid an mheasúnaithe rátaí le haghaidh an áitribh do 2019 agus deontas íosta de €4,000 agus deontas uasta de €25,000 ann (nó deontas uasta de €15,000 do ghnólachtaí a fuair an deontas uasta de €10,000 faoi Scéim Deontais Restart bhunaidh). Gheobhaidh gnólachtaí i gContaetha Laoise, Chill Dara agus Uíbh Fhailí íocaíocht bhreisithe (féach an Tábla ag an deireadh).

Is ranníocaíocht an deontas le haghaidh an chostais a bhaineann le gnólacht a athoscailt nó a choinneáil ag feidhmiú agus le fostaithe agus custaiméirí a athcheangal leis an ngnólacht. D’fhéadfá an deontas a úsáid le híoc as costais sheasta leanúnacha, m.sh. fóntais, árachas, athfheistiú nó bearta chun sábháilteacht fostaithe agus custaiméirí a chinntiú.

Tá.

Tá.

Tá. Measfaidh an tÚdarás Áitiúil an méid a bheadh i d’éileamh rátaí le haghaidh 2019. (Mura féidir meastachán a dhéanamh ar chúis éigin íocfar an deontas íosta de €4,000.)

Is féidir an t-iarratas a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil https://submit.link/AteJc . Níl le déanamh ag gnólachtaí a bhí cáilithe le haghaidh deontais faoi Scéim Deontais Restart bhunaidh ach athdhearbhú a dhéanamh go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh ar fáil ansin fós fíor.

Den chuid is mó íocfar an deontas trí aistriú leictreonach chuig an gcuntas gnó as a n-íocann tú do rátaí.

Ní foláir nó go mbaineann na nithe a leanas leis an ngnólacht:

  • Is eintiteas tráchtála é atá ag trádáil;
  • Oibrítear é as áitreabh atá inrátaithe ar bhonn tráchtála ag údarás áitiúil (ach féach CC10 maidir le gnólachtaí Leaba is Bricfeasta áirithe);
  • Tá 0 - 250 fostaí aige.
  • Tá láimhdeachas aige níos lú ná €100k in aghaidh an fhostaí suas go huasmhéid de €25m[1];

 

  • Bhí cailliúint de 25%+ aige idir an 1 Aibreán agus an 30 Meitheamh 2020.
  • Tá sé tiomanta chun fanacht ar oscailt nó chun athoscailt má tá sé dúnta; agus
  • Tá sé de rún aige fostaithe a choinneáil atá ar an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (TWSS).

Eagróidh DETE chun spotseiceálacha a dhéanamh d’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar na critéir cháilithe.

 

 

Is féidir le gnólachtaí a bhaineann le turasóireacht/fáilteachas a íocann rátaí, lena n-áirítear óstáin neamhspleácha agus gnólachtaí Leaba is Bricfeasta a chomhlíonann na critéir incháilitheachta iarratas a chur isteach.

Is féidir le gnólachtaí Leaba is Bricfeasta nach bhfuil in áitribh inrátaithe iarratas a chur isteach ar dheontas comhréidh de €4,000. TABHAIR FAOI DEARA: Is é Fáilte Éireann a riarann an deontas seo, NÍ an t-údarás áitiúil.

Is féidir le Clubanna Spóirt a íocann rátaí, amhail Clubanna CLG agus Clubanna Gailf a bhfuil gníomhaíochtaí tráchtála ar siúl acu (m.sh. beár/bialann), iarratas a chur isteach ar dheontas a bheidh comhionann le méid na rátaí a measúnaíodh le haghaidh an áitribh le haghaidh 2019 faoi réir ag deontas íosta de €4,000 agus deontas uasta de €25,000 .i. chun gníomhaíochtaí tráchtála uile na heagraíochta a chumhdach. (Féach an Tábla ag an deireadh).

Is féidir le Siopaí Carthanais a bhfuil ioncam trádála acu, agus a oibrítear as áitribh inrátaithe, iarratas a chur isteach ar dheontas a bheidh comhionann le méid na rátaí a measúnaíodh le haghaidh an áitribh le haghaidh 2019 faoi réir ag deontas íosta de €4,000 agus deontas uasta de €25,000. Ach níl eagraíochtaí pobail agus deonacha neamhthrádála incháilithe, áfach. (Féach an Tábla ag an deireadh).

  1. Tá saincheadúnaí, is é sin cuideachta atá neamhspleách ó thaobh airgeadais de agus atá scartha ina hiomláine ón saincheadúnóir, incháilithe chun iarratas a chur isteach.
  2. Níl gnólachtaí ilnáisiúnta incháilithe. Níl fochuideachtaí bunaithe in Éirinn atá ina gcuid de mháthairchuideachtaí thar lear incháilithe.
  3. Níl siopaí atá ina gcuid de chuideachta ghrúpa sraithe mhór, .i., eintiteas dlíthiúil amháin ag a bhfuil roinnt brainsí, amhail mearbhia, ollmhargaí grúpa agus iomadúla, óstáin ghrúpa, siopaí geallghlacadóra grúpa agus cógaslanna grúpa incháilithe.
  4. Is féidir le sraitheanna gnó beaga iarratas a chur isteach má chomhlíonann siad na critéir de <250 fostaí agus láimhdeachas uasta de €25m san iomlán ar fud na cuideachta agus na brainsí uile san áireamh. 
  5. Nuair atá roinnt siopaí ag cuideachta thar údarás áitiúil amháin nó níos mó, agus chomhlíonann an chuideachta na critéir um láimhdeachas agus fostaithe, agus nuair atá doiciméad aitheantais rátaí ar leith ag gach siopa, tá an chuideachta sin incháilithe chun iarratas a chur isteach ar mhéid a bheidh comhionann leis an mbille rátaí do gach siopa in 2019, faoi réir ag an méid íosta de €4,000 agus an méid uasta de €25,000 (Restart agus Restart Plus le chéile) mar dheontas do gach siopa.
  6. Nuair atá roinnt siopaí ag cuideachta in údarás áitiúil amháin, agus chomhlíonann an chuideachta na critéir um láimhdeachas agus fostaíocht, agus íocann an chuideachta rátaí faoi chuntas amháin, beidh sí incháilithe chun iarratas a chur isteach ar mhéid a bheidh comhionann leis an mbille rátaí do gach áitreabh in 2019, faoi réir ag an méid íosta de €4,000 agus an méid uasta de €25,000 (Restart agus Restart Plus le chéile) mar dheontas do gach siopa.  Is féidir leis an údarás áitiúil a shainaithint agus a chinntiú go bhfuil na háitribh aonair ina n-aonaid ar leith sa chuntas rátaí.
  7. Maidir le gnólachtaí tionóntacha, tá an deontas le haghaidh an ghnólachta seachas an tiarna talún.  Is féidir leis na húdaráis áitiúla méid comhionann leis na rátaí a shainaithint do na haonaid ghnó aonair agus an deontas atá iníoctha a ríomh ar an mbonn sin. Má tá na rátaí iníoctha níos lú ná €4,000, ba chóir go bhfaighidh an tionónta an deontas íosta de €4,000.

Tá Seirbhísí Gairmiúla amhail Cuntasóirí, Ailtirí, Dochtúirí Teaghlaigh, Fiaclóirí, Radharceolaithe, Sainchomhairleoirí, srl incháilithe má oibríonn siad as áitribh inrátaithe agus má chomhlíonann siad na critéir, lena n-áirítear cailliúint láimhdeachais.

Ach níl seirbhísí eile nach n-oibríonn as áitribh inrátaithe, trádálaithe aonair, srl, incháilithe, áfach.

I measc na dtacaíochtaí COVID-19 atá ar fáil ón RLGO tá dhá thacaíocht le hathoscailt atá ar fáil go sainiúil do Sholáthraithe Cúram Leanaí: Deontas Caipitil de chuid an RLGO agus Íocaíocht um Thacaíocht le hAthoscailt de chuid an RLGO. Ní féidir le Soláthraithe Cúram Leanaí a chuireann iarratas isteach ar an Íocaíocht um Thacaíocht le hAthoscailt ansin iarratas a chur isteach ar Dheontas Restart Plus. (Ní mór do Sholáthraithe Cúram Leanaí a fuair Deontas Restart nó Deontas Restart Plus an méid atá dlite/a fuarthas a dhearbhú san fhoirm iarratais chuig an RLGO agus déanfar an méid sin a fhritháireamh i gcoinne na hÍocaíochta um Thacaíocht le hAthoscailt. Má fuarthas Deontas Caipitil RLGO níl aon tionchar aige sin maidir le cé acu an féidir nó nach féidir leat iarratas a chur isteach ar Íocaíocht um Thacaíocht le hAthoscailt de chuid an RLGO nó ar Dheontas Restart Plus.

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil an 31 Deireadh Fómhair 2020.

Tá d’Uimhir Chustaiméara le fáil ar d’éileamh rátaí tráchtála.

Tá d’Uimhir Rátaí (nó LAID) le fáil ar d’éileamh rátaí tráchtála.

Is é an ceanntásc ráitis bainc barr an leathanaigh de ráiteas bainc le déanaí (dátaithe laistigh de na 6 mhí seo a chuaigh thart) lena léirítear ainm agus seoladh do ghnólachta agus uimhir chuntas bainc an ghnólachta, agus ba cheart iad a scanadh agus a uaslódáil mar cheangaltán leis an bhfoirm iarratais d’fhonn ainm agus seoladh do ghnólachta, agus sonraí do chuntais bainc .i. BIC agus IBAN, a chinntiú.

Ba cheart síniú clóscríofa a chur ar an bhfoirm.

Má tá iarratas á chur isteach agat ar mhéid de €10,000 nó níos mó san iomlán, ní mór duit Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach a chur isteach chun ligean dúinn do stádas imréitigh cánach a sheiceáil. Chun a chinntiú nach mbeidh aon mhoilleanna ann idir faomhadh agus an íocaíocht, moltar go gcuireann tú d’Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach ar d’iarratas.

Is féidir leat. Is féidir aon chinneadh chun deontas a dhiúltú a achomharc chuig [email protected]

Is féidir faisnéis bhreise a fháil ó Aonad Tacaíochta Gnó d’Údaráis Áitiúil ag Teil. www.fingal.ie/business

 

Deontas Restart Plus - Cairt Mhínitheach

Cad iad na nithe dá mbeidh mo ghnólacht incháilithe?

Is féidir le hiarratasóirí a fuair deontas faoin 1ú Scéim Restart iarratas a chur isteach arís ar 2ú deontas trí Fhoirm Dhearbhúcháin a chur isteach.

 

Bille Rátaí 2019 Samplach

An Deontas faoi Scéim Restart Bhunaidh

An Deontas breise iníoctha faoi Scéim Deontais Restart Plus Athbhreithnithe nua

Bille rátaí níos lú ná €2k in 2019

€2k mar mhéid íosta

€4k breise (méid íosta nua)

Bille rátaí €3k

€3k

€4k breise (méid íosta nua)

Bille rátaí €5k

€5k

€5k breise

Bille rátaí €8k

€8k

€8k breise

Bille rátaí €10k nó níos mó

€10k mar mhéid uasta

Íocaíocht bhreise comhionann le bille rátaí 2019 suas go méid uasta de €15k (.i. iomlán uasta comhcheangailte foriomlán de €25k)

Ní mór d’Iarratasóirí céaduaire atá incháilithe anois faoi Scéim Deontais Restart Plus an Fhoirm Iarratais a chur isteach.

Cineál an Ghnólachta

An deontas iníoctha

 

Cuideachtaí Beaga & Meánmhéide/óstáin neamhspleácha.

Measúnú rátaí 2019, faoi réir ag méid íosta de €4k agus ag méid uasta de €25k.

Gníomhaíochtaí tráchtála i gClubanna spóirt (in áitribh inrátaithe)

Measúnú rátaí 2019, faoi réir ag méid íosta de €4k agus ag méid uasta de €25k.

Siopaí Carthanais atá ag trádáil (in áitribh inrátaithe)

Measúnú rátaí 2019, faoi réir ag méid íosta de €4k agus ag méid uasta de €25k.

Gnólachtaí Leaba is Bricfeasta nach n-íocann rátaí

€4k amháin ( NB Ba cheart iarratais a chur isteach chuig Ireland www.failteireland.ie )