An Deis Chónaitheachta 'Resort', Páirc Tithe Soghluaiste Lynders, Port Reachrann

Deis Chónaitheachta: An Chónaitheacht 'Resort': Cás-staidéar III: 'Revelations', Páirc Tithe Soghluaiste Lynders, Port Reachrann, Fine Gall, 2017

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall ag lorg léirithe spéise ó Ealaíontóirí agus Coimeádaithe chun deis ghearrthéarmach chónaitheachta a thapú ag Páirc Tithe Soghluaiste Lynders, Port Reachrann. Tá athrú tagtha ar an gCónaitheacht 'Resort'/agus an clár coimisiúnaithe lena mbaineann 'Resort Revelations' ó cuireadh tús leis. Ag an tús, tugadh cuireadh d'ealaíontóirí, coimeádaithe agus acadóirí tréimhse sheachtaine a chaitheamh ag an bpáirc tithe soghluaiste chun bailiúchán agus próiseáil a dhéanamh sa cheantar agus caidreamh a dhéanamh leis an gceantar áitiúil agus muintir an cheantair, ina gcáil mar thaighdeoirí agus daoine ar saoire. Dhírigh na cónaitheachtaí seachtaine ar phróiseáil, torthaí a roinnt, agus tionscadail nua a ghoradh. Cuireann an clár 'Resort Revelations' deis ar fáil do chónaitheoir filleadh ar an gceantar agus obair nua a chur i láthair le linn na féile áitiúla Bleeding Pig ag áiteanna éagsúla i bPort Reachrann.
Ba é a sheas amach nuair a bhí cónaitheoirí ann roimhe ná saibhreas na staire, áilleacht an cheantair agus cé chomh toilteanach is a bhí muintir an cheantair páirt a ghlacadh sa chlár cónaitheachta.
Tá deis againn i mbliana líon teoranta cónaitheachtaí a chur ar fáil. Leanfaidh na cónaitheachtaí de dheis a thabhairt don iarrthóir a n-éiríonn leis/léi scrúdú agus smaoineamh a dhéanamh ar a c(h)uid cleachtais laistigh den chomhthéacs uathúil agus thacúil seo.
Sonraí
>Caithfear ar bheith ar fáil ar feadh tréimhsí go solúbtha idir Iúil – Meán Fómhair
>Deis ar fáil d'Ealaíontóirí, Coimeádaí/iad siúd ar mian leo comhoibriú/taighde a dhéanamh
>Cuirfear táille €500 ar fáil don tréimhse seachtaine
>Tá an Teach Soghluaiste lonnaithe i bPáirc Tithe Soghluaiste Lynders, Bóthar na Cé, Port Reachrann, Fine Gall, Contae Bhaile Átha Cliath. Tá sé feistithe go hiomlán agus tá dhá sheomra ar fáil, seomra dúbailte amháin agus seomra singil amháin
> An t-imeacht poiblí – Beidh 'Resort Revelations' ag an bhFéile Bleeding Pig a bheidh ar siúl i Meán Fómhair 2017 agus beidh tionscadail nua ann de chuid rannpháirtithe cónaitheachta roimhe sin.
>Cuirfear tacaíocht ar fáil agus cuirfear daoine in aithne do ghrúpaí áitiúla agus déanfar éascaíocht ar an gcónaitheoir eolas a bhailiú.
Riachtanais
Ní mór dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint as an gcónaitheacht léiriú spéise a chur isteach ina léirítear a suim tabhairt faoin gCónaitheacht seo i nDomhnach Bat/Port Reachrann. 500 focal/A4 ar a mhéad
CV le déanaí/Beathaisnéis/le teistiméireacht
Ní mór Naisc nó Íomhánna a chur sa doiciméad pdf a léiríonn obair roimhe seo.
Is é 19 Bealtaine 2017 an dáta deiridh a ghlacfar le Léiriú Spéise nach mór iad a chur isteach ar ríomhphost:
[email protected]
roimh 5 p.m.

Fón: 01 870 8449

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.fingalarts.ie