Reachtaíocht um Thorann Aerárthaí

Leagtar síos sa Rialachán (AE) 598/2014, sa chás go bhfuil fadhb thorainn aitheanta, rialacha ar an bpróiseas atá le leanúint chun srianta oibriúcháin a bhaineann le torann a thabhairt isteach ar bhealach comhsheasmhach ar bhonn aerfoirt-go-aerfort, chun an aeráid thorainn a fheabhsú agus chun líon na ndaoine a bhfuil tionchar suntasach díobhálach ag torann aerárthaí orthu a theorannú nó a laghdú, i gcomhréir leis an Cur Chuige Cothrom a d’fhorbair an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

Is é an Cur Chuige Cothrom maidir le bainistiú torainn aerárthaí a d’fhorbair an ICAO cur chuige maidir le torann a bhainistiú ag aerfort a thugann aird ar an bhfadhb thorainn ag aerfort agus a dhéanann anailís ansin ar na bearta éagsúla atá ar fáil chun torann a laghdú trí iniúchadh a dhéanamh ar cheithre phríomhghné. Is iadsan laghdú ag an bhfoinse, pleanáil agus bainistíocht úsáide talún, nósanna imeachta oibríochta laghdaithe torainn agus srianta oibriúcháin, leis an aidhm aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb thorainn ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh costais de.  Ní chuirfear srianta oibriúcháin i bhfeidhm mar chéad rogha ach amháin tar éis bearta eile de chuid an Chur Chuige Cothrom a bhreithniú.2

Tugann an tAcht um Thorann Aerárthaí (Aerfort Bhaile Átha Cliath) a Rialáil, 2019 tuilleadh éifeachta don Rialachán um Thorann Aerárthaí in Éirinn trí shocrú breise a dhéanamh chun torann aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a rialáil. Leasaíonn an reachtaíocht seo an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 chun freastal ar an gcás ina bhféadfadh fadhb maidir le torann aerárthaí teacht as forbairt ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus chun socrú a dhéanamh i dtaobh bearta maolaithe torainn a chur i bhfeidhm agus a mhonatóiriú.