Comhshaol

Tuairisciú ar Ghearáin Faoin Truailliú ó Thorann

Rialú Tora

Má bhíonn fadhb agat le torann go minic an cur chuige is fearr ná le teagmháil a dhéanamh leis an duine atá freagrach agus a mhíniú go bhfuil an torann ag cur isteach ort. I gcuid mhaith cásanna ní thuigeann daoine go bhfuil siad ag cur isteach ar aon duine agus beidh siad níos tuisceanaí as sin amach.

Más mian leat clamhsán a dhéanamh faoi thorann molaimid duit taifead a choinneáil den núis torainn. Taispeánfaidh sé cé chomh minic is a bhíonn torann ag tarlú, conas mar a chuireann sé isteach ort agus is féidir an taifead a úsáid mar fhianaise in aon chaingean faoi alt 108 d’Acht na Gníomhaireachta um Chosaint Comhshaoil  1992. Féach thíos le haghaidh foirmeacha.

Más mian leat clamhsán a dhéanamh faoi thorann ag teacht ó shuíomh tráchtála molaimid duit taifead a choinneáil den núis torainn. Taispeánfaidh sé cé chomh minic is a bhíonn torann ag tarlú, conas mar a chuireann se isteach ort agus is féidir an taifead a úsáid mar fhianaise in aon chaingean. Ach, nuair a bhíonn clamhsán á dhéanamh agat cuidíonn sé lenár bhfiosrúchán má bhíonn ainm teagmhála agus seoladh an tsuímh/fhoirgnimh ar fáil ionas gur féidir linn déileáil leis an gclamhsán go pras.

Tá mórchuid torainn ag baint le ghníomhaíochtaí áirithe ar shuíomhanna tógála. Cé nach féidir roinnt torainn a sheachaint is minic is féidir smacht a choinneáil air ag baint úsáide as cleachtais oibre fheabhsaithe. Tá sé ar chumas na rannóige seo againne núis torainn ag teacht ó shuíomhanna tógála a fhiosrú. An aidhm a bheadh leis an bhfiosrúchán ná lena chinntiú go bhfuil an obair á déanamh de réir phrionsabal dea-chleachtais mar a bhaineann sé le torann ón suíomh a íoslaghdú.

Tá na treoirlínte atá déanta bunaithe ar riachtanais Rialacháin Acht na Gníomhaireachta um Chosaint Comhshaoil 1992 (Torann) 1994.

Is iad na huaireanta oibríochta ceadaithe ar shuíomh tógála laistigh de Chomhairle Contae Fhine Gall ná;

Luan go hAoine   08.00 – 19.00
Satharn  08.00 – 13.00

Domhnach agus  Laethanta Saoire Poiblí           Níl aon ghníomhaíocht ceadaithe ar an suíomh

Is minic a bhíonn na huaireanta oibre ar fhorbairt áirithe luaite go sonrach mar choinníoll ag an gcéim chead pleanála. Is féidir iarratas pleanála a chuardach thíos;

 View or search planning applications 

Ar uaireanta nach mór obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta an lae ba chóir fógra roimh ré a thabhairt don Rannóg Sláinte Comhshaoil, do chónaitheoirí agus do lucht gnó áitiúla sna ceantair ar dóigh go mbeidh tionchar ag an torann ón obair atá beartaithe orthu.

Chun clamhsán a dhéanamh faoi thorann atá ag teacht ó shuíomh tógála déan teagmháil, le do thoil, leis an Aonad Torainn ag 01-8906280

Déan Teagmháil Linn

Tríd an bPost : An Rannóg Sláinte Comhshaoil, 
                      Comhairle Contae Fhine Gall

                      Bóthar Grove

                      Baile Bhlainséir

                      Baile Átha Cliath 15.

Teileafón : (01) 890 6280
Ríomhphost:  [email protected]