Páirceanna agus Tránna

An Sruthán, Port Reachrann

Is trá fhada ghainimh í Trá an tSrutháin, Port Reachrann, atá 2km ar fad agus a shíneann ó shráidbhaile Phort Reachrann ó thuaidh isteach in Inbhear Bhaile Roiséir.

The Brook Portrane

Trá an tSrutháin i bPort Reachrann, Contae Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Tá an príomhbhealach isteach go dtí an trá i sráidbhaile Phort Reachrann, cóngarach don Brook Inn.

Ar bhus

Téann an 33b ó Shord go ceantar Phort Reachrann. Tógann sé 2 nóiméad siúl go dtí an trá ó stad an bhus. Seiceáil Bus Átha Cliath le haghaidh an chláir ama.

Ar thraein

Is féidir dul chuig Trá an tSrutháin trí stáisiún traenach Dhomhnach Bat. Tógann sé timpeall 40 nóiméad siúl ón stáisiún traenach. Seiceáil Iarnród Éireann le haghaidh cláir ama agus an scéala is deireanaí faoi chúrsaí seirbhíse.

I ngluaisteán

Féach ar an léarscáil Google ag bun an leathanaigh seo.

Carrchlós
Leithris phoiblí (i rith an tsamhraidh amháin)
Stáisiún garda tarrthála (i rith an tsamhraidh amháin) 

Bíonn bratach dhearg nó bhuí ar foluain ón stáisiún garda tarrthála nuair a bhíonn garda tarrthála ar dualgas. Ní bhíonn garda tarrthála ar dualgas ach amháin i rith an tsamhraidh ó 11am go 7pm mar seo a leanas:

  • Satharn agus Domhnach le linn mhí an Mheithimh
  • gach lá le linn mhí Iúil agus  mhí Lúnasa

Is trá aitheanta í Trá an tSrutháin faoi na  Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha, 2008 (I.R. Uimh. 79 de 2008). Déantar monatóireacht ar an gcáilíocht uisce go rialta ó lár mhí an Mheithimh go dtí lár mhí Mheán Fómhair gach bliain. Bíonn torthaí na cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil www.splash.epa.ie.

Tuairiscítear aon saincheisteanna a bhaineann le cáilíocht uisce ag ár dtránna ar an rannóg Tarlúintí Truaillithe Uisce ar ár suíomh. Cuirimid fógraí in airde ag an trá freisin, agus bíonn tuairisc ar tharlúintí le fáil ar www.splash.epa.ie chomh maith.