Uisce agus Draenáil

Soláthar Uisce Príobháideach Neamhrialaithe

Tuilleadh eolais thíos

Cad is ann do sholáthar uisce príobháideach neamhrialaithe?  Is éard atá i gceist le soláthar uisce príobháideach neamhrialaithe ná soláthar ar bith nach bhfuil á rialú ag Údarás Uisce (m.sh. Co Co Fhine Gall) nó Uisce Éireann. Leagtar amach an sainmhíniú  sna Rialacháin Uisce Óil 2014. Is éard atá ann ná aon soláthar príobháideach a sholáthraíonn níos lú ná 10 méadar ciúbach in aghaidh an lae d’uisce nó a fhreastalaíonn ar níos lú ná 50 duine (15 theach) agus nach bhfuil aon ghníomhaíocht tráchtála ná poiblí i gceist, nó má tá an tÚdarás Áitiúil sásta nach bhfuil tionchar díreach ná indíreach ag cáilíocht an uisce atá á úsáid in eagraíocht phoiblí/tráchtála ar shláinte chustaiméirí na heagraíochta (m.sh. uisce nach núsáidtear ach chun leoraithe a nigh). I measc na ngíomhaíochtaí poiblí nó tráchtála sin, áirítear scoileanna, bialanna nó óstáin.

De réir Rialacháin Uisce Óil 2014 an AE, ní mór do Chomhairlí Contae a ghníomhaíonn mar Údaráis Uisce eolas a chur ar fáil d’úinéirí agus d’úsáideoirí uisce a thagann ó sholáthar príobháideach neamhrialaithe maidir leis an mbaol éillithe agus comhairle a chur ar fáil maidir le cad is féidir a dhéanamh chun an soláthar a chosaint agus a choimeád sábháilte.

Tá uisce óil atá sábháilte riachtanach don tsláinte. Ní mór soláthairtí uisce príobháideacha a aimsiú go cúramach, iad a thógáil i gceart agus iad a chosaint. Tá formhór na soláthairtí uisce príobháideacha sábháilte le n-ól ach d’fhéadfadh roinnt foinsí a bheith éillithe le baictéir, le miocróib agus le ceimiceáin. Tá roinnt de na miocróib neamhdhíobhálach ach d’fhéadfadh roinnt eile tinneas a chur ar dhaoine leochaileacha, mar shampla daoine aosta, leanaí, mná atá ag iompar clainne agus iad siúd nach bhfuil an tsláinte go maith acu. Má tá tú buartha faoi shábháilteacht do chuid uisce, ba chóir duit anailís a dhéanamh air.

Is éard atá i dtobar ná sceithbhealach nádúrtha d’uisce a ritheann faoi thalamh. D’fhéadfadh sé bheith éadomhain nó ina screamhuisce domhain. Bíonn éagsúlacht idir toibreacha tochailte maidir le doimhne agus stíl tógála. Is gnách go ndéantar tollphoill a dhruileáil go domhain sa charraig. Is dóchúla go mbeidh éilliú ann i dtoibreacha agus i dtollphoill uisce atá gar don dhromchla ná foinsí uisce níos doimhne faoi thalamh. Bíonn éagsúlacht ann maidir le leibhéil uisce idir toibreacha agus tollphoill i rith na bliana agus d’fhéadfadh athruithe a tharlú freisin i gcáilíocht mhicribhitheolaíochta an uisce agus sna ceimiceáin ann. Is de bharr gníomhaíochtaí éillithe ar an dromchla nó gar dó a tharlaíonn éilliú screamhuisce i mbeagnach gach cás.

Moltar gan an t-uisce ó shruthanna, ó aibhneacha agus ó locháin a ól mura bhfuil cóireáil iomlán curtha air. Braitheann cáilíocht uisce dromchla ar an aimsir agus ar ghníomhaíochtaí sa dobharcheantar.

Bíodh a fhios agat cad as a thagann do sholáthar uisce agus coimeád sábháilte é.

Má tá foinse phríobháideach agat, tá tusa agus aon úsáideoirí eile a roinneann an t-uisce leat freagrach as í a chosaint. Déan seiceáil ar an bhfoinse agus ar an gcóras go rialta.

Suíomh: Tá sé bunriantanach go mbeidh an tobar/tollpholl in aghaidh an aird agus chomh fada agus is féidir ó aon fhoinse éillithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Faigh amach déanmhas an tobair nó tollphoill agus an leibhéal ag a dtagann an t-uisce isteach.

Ní mór tollpholl a thógáil i gceart ag baint úsáide as cásáil le séala grúta-obach as stroighin chun a sheachaint go rachaidh screamhuisce éadoimhin isteach sa tollpholl. (Féach Treoirlínte IGI) Déan cinnte go bhfuil barr an tollphoill os cionn leibhéal na talún agus go bhfuil sé istigh i ndúnpholl uisce-obach ionas nach rachaidh aon uisce dromchla isteach sa soláthar uisce.

Bí cinnte go bhfuil barr na cásála clúdaithe ionas nach féidir le haon rud titim isteach sa tollpholl. Cuir rith uisce báistí ar mhalairt treo sa chaoi is nach rithfidh sé i dtreo na foinse nó an locháin agus nach rithfidh sé isteach ann. Ní cóir don fhoinse bheith cóngarach do na rudaí seo - dabhach shéarachais ná aon chóras cóireála fuíolluisce eile, láthair shíothlúcháin, leaba scagacháin, doirteadh, poll suite ná draein.

Ag bun an leathanaigh seo tá léaráid de thobar atá suite go maith.

Ba chóir freisin an fhoinse a shuiteáil chomh fada agus is féidir ó chlós feirme, ó chlais sciodair agus ó chairn aoiligh, agus ó limistéar stórála.

Ní cóir leasacháin, lotnaidicídí ná ceimiceáin eile a stóráil gar d’fhoinse ná i dteach caidéil. Ná suigh dabhach stórála ola gar d’fhoinse agus déan cinnte go bhfuil déanmhas balla dúbailte aige, agus go bhfuil sé cuachta chun an pointe astógála a chur san áireamh.

An bhfuil cóireáil curtha ar an soláthar? Más ea, an bhfuil an córas cóireála faoi dea-bhaoil agus an ndéantar seirbhís air go rialta? Is tusa atá freagrach as cothabháil a dhéanamh ar aon chóras cóireála.

Réitigh

Má tá a fhios agat go bhfuil do sholáthar éillithe, is cóir duit iarracht a dhéanamh foinse an éillithe a bhaint, más féidir. Mura féidir, ba chóir duit suíomh maith a roghnú agus tobar/tollpholl nua a thógáil nach mbeidh aon éilliú ó screamhuisce éadoimhin ag gabháil leis (Féach Treoirlínte IGI).

Deontais Thobair

Tá deontais thobair le fáil ach ní mór iad a bheith ceadaithe roimh dul i mbun oibre. Déan teagmháil leis an Rannóg Seirbhísí Uisce; tá sonraí ina thaobh ag bun an leathanaigh.

Déan anailís ar do Sholáthar

Moltar go ndéanfar tástáil ar do sholáthar uisce príobháideach uair sa bhliain maidir le cáilíocht bhaictéar agus gach trí bliana  maidir le ceimiceáin. Is féidir úsáid a bhaint as saotharlann phríobháideach nó phoiblí chun tástáil a dhéanamh ar shampla. Tá úinéir sholáthar uisce príobháideach freagrach as aon chostas a ghabhann leis an tástáil uisce. Tabhair faoi deara go bhfaighfidh tú amach conas atá cáilíocht an uisce ag an am a dhéantar an tástáil agus ag an am sin amháin. D’fhéadfadh athrú teacht ar an gcáilíocht.

D’fhéadfá cóireáil a dhéanamh ar do sholáthar ar mhaithe le sábháilteacht bhreise. D’fhéadfadh sé nach bhfuil do sholáthar éillithe ach is féidir leat cóireáil a chur air chun a chinntiú go mbeidh an soláthar sábháilte amach anseo. Tá sé tábhachtach go n-oirfidh an saghas cóireála leis an soláthar atá agat. Chun go mbeidh siad éifeachtach, ní mór cothabháil a dhéanamh ar chórais cóireála agus ní mór é seo a chur san áireamh roimh duit aon cheann a cheannach.

Eolas maidir le Píbobair

Luaidhe: Is féidir í a ionghabháil ó phíbobair luaidhe. Níl uisce ina bhfuil leibhéal ard luaidhe oiriúnach don duine. Cuir Grád C UPVC píbobair in ionad seanphíbobair luaidhe.

Copar: B’fhéidir gur thug tú faoi deara go bhfuil imir ghorm nó ghorm/ghlas ar fheistis sláintíochta. D’fhéadfadh sé go bhfuil do sholáthar uisce beagáinín aigéadach agus tá sé ag tuaslagadh copar ó phíopaí nó ón shorcóir uisce te. Déan an t-uisce a thástáil le haghaidh copair agus aon sceitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann. Bain úsáid as píopaí neamh-mhiotail le haghaidh uisce óil má tá do sholáthar aigéadach.

Bactéir

Is ó draenacha atá ag sceitheadh a thagann an riosca is mó do thoibreacha mar aon le  dabhacha séarachais nach bhfuil ag obair mar ba chóir agus córais eile cóireála séarachais. Ba chóir d’úinéirí tí cinnte a dhéanamh de go bhfuil na córais shéarachais tógtha go maith, suite i gceart, agus do ndéantar cothabháil agus seirbhís orthu.

D’fhéadfadh bactéir teacht ó ainmhithe freisin. Soláthairtí uisce a tharraingítear ó thalamh feirme is mó atá i mbaol, áit a bhfuil ainmhithe ar féarach nó má tá barraíocht aoiligh nó sciodair á leathadh, go háirithe más féidir le huisce báistí rith go díreach ón talamh feirme isteach sa cheantar ina bhfuil an fhoinse uisce.

Ceimiceáin

D’fhéadfadh ceimiceáin i soláthar uisce teacht ó áitreabh tionsclaíoch, ó cheardlann, cairéalú, uisce ag rith ó chabhsán nó ón mbóthar. D’fhéadfadh an fheirmeoireacht (leasacháin, lotnaicídí agus dip chaorach) agus an fhoraoiseacht a bheith ina fhoinsí freisin. Tá nítrigin i leasacháin shaorga agus in aoileach ó ainmhithe. Níl uisce ina bhfuil leibhéal ard de nítrigin oiriúnach le haghaidh leanaí faoi bhun sé mhí a bhfuil cothú buidéil á thabhairt dóibh.

Ceisteanna eile

Cruas Uisce 

Is tréith nádúrtha é seo de screamhuisce atá i gceantair aolchloiche mar is amhlaidh i gcuid mhór de mhórcheantar Chomhairle Contae Fhine Gall. Tarlaíonn cruas uisce nuair a thuaslagaítear cailciam agus maignéisiam de bharr ghluaiseacht an uisce trí charraig agus ithir. Is de bharr carbónáit chailciam a bhíonn cruas sealadach ann. Eascraíonn sé as uisce téite agus is screamh aoil a bhíonn mar thoradh air. Tá uisce crua go maith don tsláinte. Tá cailciam agus maignéisiam go maith do na cnámha, na fiacla agus an croí. Níl uasteorainn leagtha síos ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Is féidir an cruas a bhaint ón soláthar teaghlaigh. Ní mholtar, áfach, uisce le leibhéal ard sóidiam/salainn a ól.

Iarann agus Mangainéis

D’fhéadfadh iarann agus mangainéis a bheith i do sholáthar agus má tá barraíocht  díobh ann, moltar iad a bhaint chun go mbeidh an t-uisce oiriúnach le n-ól. Ní mheastar go bhfuil iarann agus mangainéis díobhálach don duine. D’fhéadfadh radón agus úráiniam a bheith san fhoinse uisce ag brath ar an gcineál carraige sa dobharcheantar, go háirithe más as eibhear iad. Tá leibhéal ard díobhálach don duine.

 

Chun comhairle a fháil, déan teagmháil le

An Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch. 
Guthán: (01) 2697766.

Diagram of a Correctly Sealed Well

Diagram of a Correctly Sealed Well

Déan teagmháil linn

Rannóg na Seirbhísí Uisce, 
               Comhairle Contae Fhine Gall
               Bóthar Grove, 
               Baile an Bhlainséir, 
               Baile Átha Cliath 15
               K67 X8Y2

Guthán : (01) 890500

 

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Oifigeach Sláinte Comhshaoil
Guthán : (01) 8906275