Titiocht

Scéim Léasa Fadtéarmach

Insealbhú Tithíochta

An bhfuil Maoin le Ligean ar Léas Fadtéarmach agat?

Má thugann tú do mhaoin i mBaile Átha Cliath ar léas do d’údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath, cuireann sé deireadh leis an neamhchinnteacht a bhaineann le bheith i do thiarna talún. Ar feadh suas le 20 bliain, d’fhéadfadh tú a bheith gan costais fholmha, táillí ligin, riaráiste cíosa agus gan aon chostais chothabhála ó lá go lá. Déanann sé ciall airgeadais freisin, mar go bhfuil ioncam ráthaithe/cinnte agat suas go dtí 80% de chíos an mhargaidh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, labhair linn ar 1800 855 920 nó tabhair cuairt ar dublinlandlords.ie

Táimid ag tógáil maoine ar léas anois ó úinéirí maoine príobháideach i gceantar riaracháin Fhine Gall, a úsáidfear chun cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine a dteastaíonn tithíocht uathu. Cuireann an scéim seo ligean tithíochta saor ó thrioblóid ar fáil agus cinnteacht ioncaim.

Is scéim ar leith í seo ón Scéim Cóiríochta ar Cíos a fheileann d’úinéirí maoine a dteastaíonn ioncam ráthaithe fadtéarmach uathu ach nach bhfuil ag iarraidh a bheith freagrach as na riachtanais bhainistíochta tionóntaí ná maoin chónaithe a chothabháil ó lá go lá.

Agus oiriúnacht mhaoine lena léasú á meas, déanfaimid cíoradh ar an éileamh atá ar thithíocht shóisialta sa cheantar agus a chuspóir chun pobail inbhuanaithe a bhaint amach trí chothromaíocht mhaith a bheith ann maidir le hioncam measctha agus teaghlaigh tionachta measctha.

Má tá árasán nó teach aon, dó, trí nó ceithre sheomra codlata agat atá i gcaoi mhaith, a chomhlíonann caighdeáin theaghaise phríobháideacha ar cíos, agus go mbeadh suim agat é a thabhairt ar léas ar feadh deich mbliana nó níos mó, is féidir an méid seo a leanas a fháil:-

  • Ioncam cíosa ráthaithe
  • Bailiú cíosa saor ó thrioblóid agus níl aon chall tionónta nua a aimsiú
  • A bheith saor ó bhainistíocht thionóntachta
  • A bheith saor ó chostais chothabhála ó lá go lá
  • Léasanna ar feadh 10 go 20 bliain

 

Doiciméid Ghaolmhara

Long Term Lease Submission Form

LTL FAQs 2019

Déan Teagmháil Linn

Rannóg Léasaithe
Teileafón:  (01) 8708425
Ríomhphost:            [email protected]